Tá éisteacht níos fearr tuillte ag na saineolaithe a deir gur chóir an galar a dhíothú

Tá rogha chinniúnach le déanamh maidir leis an gcur chuige i dtaobh an choróinvíris

Tá éisteacht níos fearr tuillte ag na saineolaithe a deir gur chóir an galar a dhíothú

Céard ba chóir a dhéanamh, an víreas a smachtú nó a chur faoi chois? 

Tá aird á tarraingt ag scata saineolaithe ar rogha thábhachtach a chaithfear a dhéanamh go luath, ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile.

Is fiú an rogha a phlé seachas í a dhéanamh gan aon aird a thabhairt ar na hargóintí.

Deir na saineolaithe san achainí phoiblí atá foilsithe acu go bhfuil deis ag na húdaráis i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste rogha a dhéanamh idir dhá straitéis chun déileáil leis an víreas corónach: 

1. An víreas a smachtú agus a choinneáil faoi smacht, taobh amuigh de ráigeanna a tharlóidh ó am go ham, go dtí go dtiocfar ar vacsaín nó ar chóireáil éifeachtach ina choinne

2. An víreas a chur faoi chois ar fad, mar atá á dhéanamh de réir a chéile sa tSín, sa Chóiré Theas, sa Nua-Shéalainn, san Astráil, san Ostair, sa Ghréig agus san Íoslainn.

Faoi láthair, ar ndóigh is de réir an chéad chur chuige atáthar ag tabhairt aghaidh ar an ngalar. Is cosúil go mbreathnaíonn go leor daoine ar an dara seift mar pholasaí nach bhféadfaí a chur i bhfeidhm toisc go bhfuil Éire ró-oscailte nó rócheangailte le tíortha eile.

Agus an dara straitéis á ríomh, tarraingítear anuas freisin an bac tubaisteach a chuirfeadh coraintín éigeantach coicíse ar theacht turasóirí ón iasacht.

Tá baol ann nach ndéanfar machnamh mar ba chóir ar an gcur chuige atá molta ag an mbreis is míle ollamh agus saineolaí a shínigh an achainí.

Ní thabharfadh othar ná duine stuama ar bith droim láimhe le cur chuige a mholfadh an méid sin eolaithe. 

I measc na saineolaithe a shínigh an achainí, mar shampla, bhí  Sam McConkey, Luke O’Neill, Mary Rose Sweeney, Gerry Killeen, Liam Glynn, Catherine Corrigan, David McConnell, Hilary McLoughlin, Anthony Staines, Maitiú Ó Tuathail, Rosaleen McElvaney agus Liam Mac Gabhann.

Tuilleann a saineolas i gcúrsaí sláinte aird, ar a laghad.

Níl bundifríocht idir an polasaí atá á mholadh acu agus an polasaí atá á chur i bhfeidhm ar an dá thaobh den teorainn faoi láthair.

Molann siad, áfach, go gcuirfí dlús leis an bpolasaí maidir le mascanna ionas go mbeadh siad á gcaitheamh go forleathan, go mbunófaí córas an-ghasta chun cásanna a aimsiú, a thástáil agus a rianú agus go gcuirfí cosc ‘ciallmhar’ ar thaisteal.

Ní polasaí nua atá á mholadh mar sin, ach treisiú ar an bpolasaí reatha ionas gur díothú seachas smachtú an ghalair an toradh a bheadh air.

Is fiú na buntáistí a bhainfeadh le straitéis dá leithéid, dar leo, a chur sa mheá.

In áit siopaí, scoileanna, óstáin, seirbhísí agus gnólachtaí den uile chineál a bheith á n-athoscailt de réir a chéile agus géarshrianta á gcur i bhfeidhm acu go léir, bheadh cuma i bhfad níos nádúrtha ar shaol na tíre. Ní bheadh caiteachas chomh mór riachtanach ach oiread chun foirgnimh a chur in oiriúint do rialacha sláinte. 

Go bunúsach, deir na saineolaithe dá n-athrófaí an polasaí reatha gur lú an costas a bheidh ar gach duine a íoc agus gur mó an tairbhe a bhainfí as.

Níl réiteach sonrach molta acu maidir leis an tionchar a bheadh ag an straitéis atá á moladh acu ar chúrsaí turasóireachta, ach is léir buntáiste amháin. Dá mbeadh Éire chomh ‘glan’ leis an Nua-Shéalainn abair ó thaobh an víris de, bheadh na buntáistí ó thaobh na turasóireachta chomh follasach céanna leis na míbhuntáistí.

“Is é díothú an víris an straitéis is fearr ó thaobh sláinte an phobail agus an gheilleagair de,” a deir na saineolaithe. 

Tá éisteacht níos fearr tuillte acu ná mar a tugadh dóibh ó d’fhoilsigh siad a n-achainí Dé Luain.

Tá rogha chinniúnach le déanamh, agus gá mar sin le dianmhachnamh ar an rogha a rinne tíortha eile.

Fág freagra ar 'Tá éisteacht níos fearr tuillte ag na saineolaithe a deir gur chóir an galar a dhíothú'