Tá Éire athraithe ó bhonn ó seoladh Telefís Éireann 60 bliain ó shin

Ba mhór an tionchar a bhí ag an gcreideamh Caitliceach ar ‘Telefís Éireann’ i dtús ama

Tá Éire athraithe ó bhonn ó seoladh Telefís Éireann 60 bliain ó shin

Taca an ama seo 60 bliain ó shin, oíche chinn bhliana 1961, bhíothas ag réiteach d’ócáid mhór, oscailt an stáisiúin nua teilifíse Telefís Éireann, Bealach a Seacht.

Bhí an pobal ar bís. Is deacair a chreidiúint anois nach raibh aon stáisiún Éireannach ann roimhe sin. Bhí stáisiún i dTuaisceart na hÉireann, ceart go leor – UTV (cuid de ITV) a raibh an-tóir air. Go deimhin, d’fhéadfaí a rá nach raibh aon bhrú rómhór ag teacht ón bpobal ag iarraidh stáisiún neamhspleách Éireannach.

Is cuimhin liom féin laethanta geala thús ré na teilifíse in Éirinn, i dtús na seascaidí.

Agus sular cuireadh tús leis an stáisiún nua i mBaile Átha Cliath, cheapamar go raibh ár ndóthain stáisiún againn – nach raibh fáil ar UTV agus ar BBC ag an té a mbeadh aeróg sách ard aige?

Go deimhin, ba chomhartha é den stádas sóisialta a bhí bainte amach agat, i mbaile beag tuaithe ar bith, dá mba rud é go raibh aeróg an-ard ar fad agat, feistithe ar an simléar.

Is cuimhin liom go raibh an aeróg ab airde ar fad, i mBealach an Doirín ar shimléar Uí Fhlanagáin. Agus ar ndóigh, tuige nach mbeadh? Nárbh é Seán Flanagan an Teachta Dála ó Fhianna Fáil agus nach mbeadh aon duine agaibh ag súil go mbeadh fáil aige ar an gcomhartha teilifíse ab fhearr a bhí ann?

An uair sin, chaithfeadh duine dul in airde ar an díon agus roinnt útamála a dhéanamh leis an aeróg dá mbeadh fadhb ar bith leis an gcomhartha. Chloisfeá glór ag teacht ón seomra suí ag béicíl suas ag an té a bhí ar an díon: ‘Tá sé agat…ó tá sé imithe…beagán ar chlé…rófhada… téigh ar ais…á bhí sé agat ansin…’

Níor airigh muid uainn an stáisiún dúchasach ar chor ar bith, i dtús na seascaidí.

Nach raibh dalladh siamsaíochta againn le Juke Box Jury, agus Top of the Pops agus ar ndóigh Coronation Street? Bhí aithne go forleathan in Éirinn ar Ena Sharples agus Minnie Caldwell ón Rover’s Return.

Chuireadh sé m’athair le báiní nuair a thagadh sé isteach agus ceol ‘pop’ ó Juke Box Jury le cloisteáil sa seomra suí. Ní lena leithéid de cheol ‘gránna’ a chloisteáil a thug sé an teilifís dheas dubh agus bán isteach sa teach. Ach ní raibh aon neart air. Bhí fáil éasca againn ar na bealaí Sasanacha ar fad, saor in aisce.

Chaitheadh sé gur dúradh go leor paidreacha buíochais ar fud na hÉireann nuair a bunaíodh an stáisiún nua, stáisiún iomlán Éireannach, a chuaigh ar an aer, Oíche Chinn Bhliana 1961, 60 bliain go ham seo.

Agus féach go bhfuil TG4 ag ceiliúradh 25 bliain ar an bhfód i mbliana freisin. Ach

tá difríochtaí ollmhóra le sonrú sa leagan amach a bhí ar an dá stáisiún agus iad á gcur sa tsiúl.

Is dócha gurb é an Creideamh Caitliceach agus an tionchar a d’oibrigh sé ar ‘Telefís Éireann’ i dtús ama, an difríocht is mó agus is suntasaí ar fad.

Insíonn David Blake-Knox, fear a d’oibrigh ag leibhéal ardbhainistíochta in RTÉ uair amháin, an scéal in aiste, Station of the Cross, a scríobh sé d’eagrán na Nollag den Dublin Review of Books.

Ar feadh roinnt mhaith blianta roimh a bhunú, ceapadh i measc lucht polaitíochta anseo in Éirinn nach raibh aon ghá leis an meán nua seo, an teilifís. Cheap de Valera go raibh contúirt mhór ag baint leis. Ní fhaca éinne acu go mbeadh an lucht féachana in Éirinn in ann breith go héasca ar na bealaí Sasanacha le cabhair na n-aeróg.

Cá bhfágfadh sé sin an Éire Chaitliceach, Náisiúnach dá mbeimis taobh le cláracha siamsaíochta agus faisnéise ó na bealaí Sasanacha sin, UTV agus BBC? Bhí an Caitliceachas an-láidir i bPoblacht na hÉireann ag an am. Ní hé amháin sin, ach bhí polaiteoirí agus an chléir an-ghar dá chéile. Mar shampla, ba dhlúthchairde iad de Valera agus an tArd-Easpag Mac Uaid.

Oíche oscailte Thelefís Éireann, iarradh ar an Ard-Easpag an stáisiún nua a bheannú. Deirtear go ndeachaigh gach ball d’fhoireann an stáisiúin síos ar a nglúine le póg a thabhairt d’fháinne an easpaig.

Thug de Valera óráid an oíche sin inar mhaígh sé go bhféadfadh stáisiún teilifíse an-dochar a dhéanamh. Ach chuaigh an oíche oscailte ar aghaidh agus d’imigh chuile shórt mar a leagadh amach don chlár siamsaíochta beo as Óstán an Gresham.

Bhí fear óg amháin i measc an tslua a bhí bailithe le chéile an oíche fhuar sin. Ní raibh aon bhaint aige leis an gclár ach roinnt míonna ina dhiaidh sin, iarradh isteach é le roinnt cláracha ‘sealadacha’ a dhéanamh agus baisteadh an teideal The Late, Late Show air.

Níor bhac Gay Byrne, an láithreoir sin, le haon treoir faoina bheith ar thaobh na cléire, ná a bheith ar thaobh rialtas ar bith, ón samhradh sin amach. An t-aon tslat tomhais a bhí ag Gay – a bhí ina léiritheoir ar an seó chomh maith, ná go gcaithfeadh aon duine a bheith in ann a scéal a insint. Ba chuma leis cé acu sagart, iarshagart, bean an tsagairt, nó fiú bean an easpaig a bhí ann.

Ach sa chúlra, ar feadh i bhfad, bhí greim ag an gcléir agus go háirithe ag an Ard-Easpag, fad is a bhí sé ann, ar an meán nua.

Cé go mb’fhacthas do Mac Uaid gur chontúirt don chreideamh a bhí i meán na teilifíse, chonaic sé go bhféadfadh sé í a úsáid ar mhaithe leis an gcreideamh chomh maith céanna.

Chuidigh sé le bunú na sraithe teilifíse Radharc a bhí le cláracha creidimh a dhéanamh don stáisiún nua. Rinneadar é sin, ach rinneadar rud fónta freisin sa mhéid is go ndearna siad an-réimse cláracha thar lear. Murach iad ní bheadh aon taifead teilifíse ar go leor imeachtaí stairiúla thar lear, Cogadh Bhiafra mar shampla.

Insíonn Blake-Knox scéilín amháin a chuirfeadh iontas ar léiritheoirí teilifíse an lae inniu. Agus eisean ina léiritheoir ag obair don stáisiún sna hochtóidí, bhíodar le agallamh a dhéanamh le ‘Sagart na Corónach Muire’, an tAthair Peyton. Mhol duine éigin sular thosaigh an fhoireann teilifíse i mbun oibre go mba mhaith an smaoineamh é dá ndéarfadh a raibh i láthair deichniúr den phaidrín roimh ré. Protastúnach is ea Blake-Knox agus bhí sórt drogaill air a chos a chur isteach sna cúrsaí sin. Sula raibh deis aige a bhéal a oscailt, bhíodar ar fad ar a nglúine ag paidreoireacht.

Tá cláracha creidimh sa sceideal i gcónaí agus cé go bhfuil móramh den daonra ina gCaitlicigh, tugtar aird sa lá inniu ar an iliomad creideamh atá in Éirinn agus go deimhin bíonn ócáidí ann ina mbíonn ionadaithe dá gcuid i láthair i dteannta a chéile.

Sin rud nach bhfaca an tArd-Easpag ag teacht – éagsúlacht an phobail sa lá inniu -agus níorbh í an teilifís ba chionsiocair leis sin.

Ach sin scéal eile.

Fág freagra ar 'Tá Éire athraithe ó bhonn ó seoladh Telefís Éireann 60 bliain ó shin'