Bhain binb na nimhe idir Fine Gael agus Sinn Féin sna díospóireachtaí Dála is eile le deireanas preab as tráchtairí sna meáin.
Bhí a fhios ag chuile dhuine nár thaitin an dá pháirtí, nó a lucht tacaíochta, lena chéile beag nó mór, ach ba é Donald Trump i Meiriceá a chuir an plé i gcuimhne dúinn seachas aon rud a tharla sa Dáil abhus roimhe seo.
Le bheith féaráilte, dhírigh Sinn Féin a gcuid argóintí ar na hábhair a bhí faoi chaibidil – sceitheadh eolais rúnda is mar sin. Ach thug Fine Gael faoi leadhbairt fhorleathan, sa Dáil agus ar na meáin shóisialta.
Sochraid Bhobby Storey, an uacht ceithre mhilliún ó lucht tacaíochta an pháirtí, stair na coimhlinte ó thuaidh, deacrachtaí Stormont, is eile.
Ní rudaí nua a bhí i gceist ach ba léir go gcreideann duine éigin i gceanncheathrú Fhine Gael go rachadh sé chun tairbhe don pháirtí ionsaithe den chineál sin a chur i gcuimhne don phobal arís.
An rud ba mhó a chuir ionadh ar na tráchtairí go raibh siad den tuairim nach gcuirfeadh na hionsaithe seo isteach beag nó mór ar thacaíocht Shinn Féin. Sé sin, na daoine is mó ar thaitin na hionsaithe seo leo is daoine iad nach vótálfadh do Shinn Féin go deo agus ní rachadh na hionsaithe i bhfeidhm orthu siúd a thugann vótaí do na Poblachtánaigh nó atá ag smaoineamh ar a leithéid.
Ach ceapaim nach dtuigeann na tráchtairí sin an aidhm a bhí taobh thiar de fheachtas seo Fhine Gael.
I mo thuairim féin, ní ar lucht tacaíochta Shinn Féin a bhí an feachtas dírithe ach ar Fhianna Fáil.
Níl dabht dá laghad ann ach go bhfuil Micheál Martin imithe chomh fada sin lena chuid ionsaithe ar Shinn Féin go mbeadh sé ionann is dodhéanta aige aon mhargadh a dhéanamh leis an bpáirtí sin, agus, go deimhin, go mbeadh ar Fhianna Fáil fáil réidh le Martin (agus a fhoireann sa gceanncheathrú) dá dteastódh ó Fhianna Fáil a leithéid de shocrú a chur ar ais ar an mbord.
Is cosúil go ndeachaigh Martin leis an bpolasaí sin ar dhá chúis: b’fhéidir nach bhfuil spás do dhá pháirtí Poblachtach sa bpolaitíocht agus go bhfuil Fianna Fáil is Sinn Féin i droid go bás lena chéile. (Ag an bpointe seo is cosúil, ar ndóigh, gurb é Sinn Féin a bhuafadh an cath áirithe sin.)
Agus sa dara háit, ghéill Martin d’argóint na foirne sa cheanncheathrú nach mbeadh an mheánaicme sásta tacaíocht a thabhairt d’Fhianna Fáil dá gcreidfidís go raibh an baol ann go ndéanfaidís margadh le Sinn Féin.
Chun an mheánaicme a chur ar a suaimhneas, mar sin, bhí sé riachtanach go mbeadh Martin an-láidir ar fad i gcoinne Shinn Féin – fiú, nó b’fhéidir go háirithe, mar gheall gur luadh le heite Phoblachtach Fhianna Fáil Martin i dtús a shaoil pholaitiúil.
Léiríonn na pobalbhreitheanna go bhfuil Fine Gael go mór chun tosaigh ar Fhianna Fáil faoi láthair, ach bhí figiúirí maithe ag an bpáirtí roimh an olltoghchán deireanach agus ní mór dóibh bheith san airdeall.
Ag an am céanna oireann sé do Fhine Gael cinnte go mbreathnófar ar an chéad olltoghchán eile mar chath idir Fhine Gael (agus iad i gceannas ar an eite dheis) agus Sinn Féin (i gceannas ar an eite chlé).
Sé sin le rá go bhfuil sé mar aidhm ag Fine Gael sa bhfeachtas seo a lucht tacaíochta féin a spreagadh, agus lucht tacaíochta Fhianna Fáil atá naimhdeach do Shinn Féin a mhealladh chucu féin.
Ach céard is féidir le Martin a dhéanamh faoi sin?
Tada is cosúil, fad atá Fine Gael á chur in iúl go bhfuil siad níos nimhní i gcoinne Shinn Féin nó mar atá Martin, agus ag an am céanna, tá siad ag iarraidh cos a leagan ar thalamh an tírghrá.
I gCorcaigh mar shampla, mhol Fine Gael go gcuirfí leachtanna cuimhneacháin in airde i gcuimhne ar Thraolach Mac Suibhne agus Tomás Mac Curtáin, a bhásaigh 100 bliain ó shin, agus ceann do Mhicheál Ó Coileáin.
Thacaigh Sinn Féin leis an moladh, ar ndóigh, ach chuir Fianna Fáil ina choinne go láidir, agus deartháir Mhichíl, Seán Martin, i gceannas ar an ionsaí. Fuair Fianna Fáil tacaíocht ó neamhspleáigh agus ó roinnt sa Chomhaontas Glas. Ba í a n-argóint sin gur thairbhí go mór an t-airgead a chur ar fáil do scéimeanna a laghdódh roinnt d’fhadhbanna na cathrach.
Fianna Fáil bocht: tá éadaí an fhrith-Shinnféineachais agus éadaí an tírghrá goidte uathu ag Fine Gael is gan fágtha ag an bpáirtí ach críochdheighilteachas nach dtaitníonn le cuid mhaith den lucht tacaíochta atá fágtha acu.
Fotheidil Eile
An tSúil Eile iontaithe ina Euro Eile!