‘Tá dualgas ar Theachtaí Dála Gaeilge a fhoghlaim agus a labhairt’ – Jim O’Callaghan

Deir urlabhraí dlí agus cirt Fhianna Fáil gur chóir d’ionadaithe poiblí an teanga a labhairt mar go bhfuil dualgas orthu freastal ar phobal na Gaeilge agus labhairt leis na meáin Ghaeilge

‘Tá dualgas ar Theachtaí Dála Gaeilge a fhoghlaim agus a labhairt’ – Jim O’Callaghan

Tá dualgas ar Theachtaí Dála Gaeilge a fhoghlaim agus a labhairt, dar le Jim O’Callaghan, urlabhraí dlí agus cirt Fhianna Fáil.

Dúirt an Teachta Dála do Chuan Bhaile Átha Cliath Theas gur chóir d’ionadaithe poiblí an teanga a labhairt mar go bhfuil dualgas orthu freastal ar phobal na Gaeilge agus labhairt leis na meáin Ghaeilge.

Dúirt O’Callaghan, agus é faoi agallamh ag an Irish Examiner, go ndearna sé cúrsa Gaeilge i dTithe an Oireachtais anuraidh, ach nár éirigh leis freastal ar dhá rang toisc an brú a bhí air.

Tá líofacht áirithe sa Ghaeilge ag O’Callaghan agus tá roinnt agallamh déanta aige le Nuacht TG4 agus cláracha eile ó toghadh ina Theachta Dála é in olltoghchán na bliana 2016.

“Is dóigh liom gur chóir do Theachtaí Dála iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a fhoghlaim agus í a labhairt,” a dúirt O’ Callaghan.

Is ar éigean go bhfuil aon Ghaeilge á labhairt anois i nDáil Éireann, de réir taighde cuimsitheach atá déanta ag Tuairisc.ie ar an taifead oifigiúil de dhíospóireachtaí an téarma Dála seo caite.

De réir an taighde nua a d’fhoilsigh Tuairisc.ie an tseachtain seo caite, as an os cionn 2.76 milliún focal a labhraíodh sa Dáil le linn an 38 lá a raibh sí ina suí sa dara leath den bhliain seo caite, níor labhraíodh ach 14,723 focal i nGaeilge.

Fágann sin nach raibh i nGaeilge ach leath d’aon faoin gcéad, nó 0.5%, den chaint ar fad a rinneadh i nDáil Éireann le linn an téarma sin, idir an 11 Meán Fómhair agus an 15 Nollaig 2017.

Ní dhearna ach ceathrar Teachtaí Dála níos mó ná seacht nóiméad cainte i nGaeilge le linn 38 lá théarma deiridh na Dála.

43 Teachta Dála ar fad a labhair Gaeilge éigin le linn téarma Dála deiridh na bliana seo caite, ach níos lú ná 50 focal a labhair níos mó ná 22 acu sin agus ní raibh ach abairt amháin nó leathabairt i gceist lena bhformhór siúd, Jim O’Callaghan ina measc.

Tá úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais le plé tráthnóna ag coiste Oireachtais na Gaeilge na Gaeltachta agus na n-oileán.

Fág freagra ar '‘Tá dualgas ar Theachtaí Dála Gaeilge a fhoghlaim agus a labhairt’ – Jim O’Callaghan'

  • Des O Murchu

    Dualgas Stait Seirbhisi gno laethuil a dhenamh as Gaeilge. Des O Murchu