‘Tá dualgas ar an Rialtas oidhreacht na cruite a chaomhnú go deo deo’ – Aibhlín McCrann

Labhair Tuairisc.ie leis an gcruitire Aibhlín McCrann faoi aitheantas cultúrtha idirnáisiúnta a bheith bronnta ag UNESCO ar chruitireacht na hÉireann

‘Tá dualgas ar an Rialtas oidhreacht na cruite a chaomhnú go deo deo’ – Aibhlín McCrann

Deir Aibhlín McCrann, cathaoirleach Chruit Éireann, go gciallaíonn an t-aitheantas cultúrtha idirnáisiúnta atá bronnta ag UNSECO ar chruitireacht na hÉireann go mbeidh “dualgas ar an stát oidhreacht na cruite a chaomhnú” feasta.

“Is é bun agus barr na tairbhe a bheith ainmnithe ar liosta ionadaíoch UNESCO ná go bhfuil dualgas ar Rialtas na hÉireann oidhreacht na cruite agus na cruitireachta a chaomhnú go deo, deo,” a dúirt Cathaoirleach Chruit Éireann.

Ag ócáid in Bogatá, príomhchathair na Colóime, le déanaí a fógraíodh go raibh an chruit agus cruitireachta na hÉireann le cur le Liosta Ionadaíoch UNESCO d’Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe an Duine.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Cathaoirleach Chruit Éireann, an eagraíocht a bhí i mbun iarratas a dhéanamh chuig UNESCO go bhfuil “bá ar leith ag muintir na hÉireann leis an gcruit, le fuaim na cruite agus lena cuid ceoil”.

“Téann traidisiúin na cruite i bhfad siar in Éirinn, breis is míle bliain. Is siombail náisiúnta í, siombail dár bhféiniúlacht.

“Fuaireamar litreacha ó pháistí scoile, ó Uachtarán na hÉireann, ó chruitirí timpeall an domhain, ó mhúinteoirí cruite agus ó cheoltóirí mór le rá sa mbaile agus i gcéin, agus iad ar fad ag léiriú ról lárnach na cruite i measc phobal na  hÉireann.

“Is léir ó na litreacha a tháinig chugainn an mhuinín atá ag daoine i dtraidisiún ársa na cruite, agus is léir chomh maith gur cheart agus gur chóir traidisiúin na cruitireachta a chaomhnú agus tacaíocht a thabhairt di do na glúine atá le teacht. Ár mbuíochas do na daoine sin ar fad,” a dúirt McCrann.

Dúirt Cathaoirleach Chruit Éireann gur “mór an onóir” don eagraíocht glacadh leis an aitheantas seo “thar ceann chruitirí na tíre ar fad”.

“Táimid thar a bheith sásta glacadh leis an aitheantas seo, toradh ár gcuid oibre ar fad ar an iarratas féin le dhá bhliain anuas,” a dúirt sí.

Dúirt Aibhlín McCrann go bhfuil “borradh mór” faoin gcruitireacht in Éirinn agus thar sáile “mar thoradh ar an dian-obair a rinne ceannródaithe na seascaidí chun an chruit a chur chun chinn”.

“Le daichead bliain anuas, tá níos mó cruitirí ag seinm ó cheann ceann na tíre, níos mó cruiteanna á ndéanamh in Éirinn agus níos mó múinteoirí ar fáil,” a dúirt McCrann.

Mhol Cathaoirleach Cruit Éireann chomh maith an obair atá ar bonn ag Music Generation agus ag na féilte ceoil a bhíonn á reáchtáil ar fud na tíre chun “daoine óga a mhealladh” chun na cruite agus na cruitireachta.

Fág freagra ar '‘Tá dualgas ar an Rialtas oidhreacht na cruite a chaomhnú go deo deo’ – Aibhlín McCrann'