Tá dóthain ceannaireachta ag meaisíní orainn mar atá, fág an iománaíocht mar atá

Tá lánchreideamh agam sa gcóir agus sa gceart ach ná habair liom nach mbainfeadh leithéidí VAR cuid den lasair, den draíocht agus den spleodar as ócáidí móra iománaíochta

Tá dóthain ceannaireachta ag meaisíní orainn mar atá, fág an iománaíocht mar atá

Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Fearacht tuismitheoirí go leor chaith mé traidhfil de bhlianta i mo ghiolla tiomána ag óige mo cheantair – i mo chás-sa á dtabhairt fud na Gaillimhe ag cluichí peile agus iománaíochta faoi aois. Mhair sé ó bhíodar tuairim deich mbliana go dtáinig an t-am go mba ghearr nach bhféadfaí déagóirí a thabhairt orthu níos mó.

Mórán an comhrá céanna a bhíodh sa gcarr chuile uair. Faoi bhealach ann cur síos agus cúiteamh ar láidreachtaí agus ar laigí a gcéilí comhraic agus an chaoi ab fhearr le dul i ngleic leo siúd. Post mortem a bhíodh ann i gcónaí ar an mbóthar abhaile, cé a d’imir go maith agus go dona, daille na bainistíochta agus gan teip, taispeántas an réiteora.

Thagadh an t-ábhar is deireanaí acu sin i gceist go cinnte sa gcás nárbh acu féin a bhíodh an bua. Lena linn níor chuala mé molta riamh é. Scaití chuirtí ceist orm féin faoin mbreithiúnas a bhí le tabhairt agam ar inniúlacht fhear na feadóige agus gan teip arís ba thréimhse fada ciúnais a leanadh mo fhreagra. ‘Rinne sé a dhícheall. Rinne sé roinnt botún freisin, ach ceist agam oraibh. An bhfuil aon duine agaibhse nach ndearna botún inniu?’

Ní raibh aon bhlas níos mó le rá acu ná a bhí ag na Fairisínigh sa teampall nuair a d’inis an Tiarna dóibh cé aige a bhí an chéad chloch le caitheamh leis an mbean a bhí ciontaithe as adhaltranas a dhéanamh.

Riamh níorbh í an ghoilliúnacht an tréith ab fheiliúnaí d’aon réiteoir agus tá súil agam gur ar mhuiníl righne a sheasann na cloigne atá ar Sheán Cleere agus ar Alan Kelly a rinne réiteoireacht an deireadh seachtaine seo caite ar na babhtaí leathcheannais i gCraobh Iomána na hÉireann inar bhuaigh Tiobraid Árann ar Loch Garman (1-28, 3-20) agus inar bhuaigh Cill Chainnigh ar Luimneach (1-21, 2-17).

Facthas imirt den scoth sna cluichí féin, ach ina ndiaidh bhí nach mór oiread cainte agus anailíse ar chúpla rud a d’éalaigh ón gCléireach agus ón gCeallach agus a bhí ar dhraíocht na hiománaíochta féin.

Luíonn sé leis an nádúr go mbeadh scrúdú níos mó á dhéanamh ar thaispeántas an réiteora i gcluichí nach mbíonn idir na foirne ach buille nó cic den liathróid, ach is í mo bharúil go ndeachas thar fóir an deireadh seachtaine seo caite. Measaim freisin go bhfuil sé náireach go gcuirfí an argóint chun cinn nár cheart go mba ag fear as Cill Chainnigh (Cleere) a d’fhágfaí réiteoireacht a dhéanamh ar an dara cluiche leathcheannais agus a chontae féin sa mbabhta ceannais. Rud amháin amhras a chaitheamh ar chumas an duine, rud eile ar fad sin a dhéanamh faoina ionracas.

Rinne Con Murphy réiteoireacht ar Chluiche Ceannais Iomána na hÉireann 1948 idir Port Láirge agus Áth Cliath ceithre seachtaine tar éis dó imirt in aghaidh na nDéise i gCluiche Ceannais na Mumhan agus san am a caitheadh ba mhinic le peileadóirí agus le hiománaithe a bhí i mbun imeartha ag an am réiteoireacht a dhéanamh ar chluichí móra. Ní bhíodh gíog ná míog faoina leithéid.

Glacaim leis go bhfuil an saol agus an na cluichí athraithe ó shin agus ní chuirfinn in aghaidh an mholadh atá Dónal Óg Cusack agus ag daoine eile beirt réiteoirí a chur i mbun oibre. Ach sula ndéanfar rud ar bith ba mhaith liom a shoiléiriú nach bhfuil athrú dá laghad ar dhualgais Sheáin Cleere agus Alan Kelly seachas iad siúd a leagadh ar Murphy agus a leithéid agus nach bhfuil acu ach dhá shúil ina gcloigeann mar a bhí aigesean.

Tá ‘péist an dá shúil déag’ ar fáil anois don Chíosógach agus dóibh siúd a bhíonn i mbun anailíse ar chluichí – ceamaraí teilifíse a thaispeánfaidh gach mioneachtra ó chuile thaobh agus scáileáin a mhoilleoidh a bhfuil tarlaithe chuig luas an tseilide. Tá oiread cumais ‘zúmála’ iontu agus a thabharfadh deis comhaireamh a dhéanamh ar na bricíní atá ar éadain na n-imreoirí.

‘Fire away’, mar a deirtí sa tSean-Ghaeilge, más iad VARs (video assistant referee) an tsacair atá uait, nó an ceart atá ag bainisteoirí sa bPeil Mheiriceánach an imirt a stopadh go ndeimhneoidh an scáileán arbh é an ceart nó an mícheart a bhí ag an réiteoir.

Coinnigh uaimse a leithéid.

Tá lánchreideamh agam sa gcóir agus sa gceart ach ná habair liom nach mbainfeadh na nithe atá luaite thuas cuid den lasair, den draíocht agus den spleodar as ócáidí ar nós na gcinn a chonaic muid an deireadh seachtaine seo caite. Ar aon nós is é a nádúr gan srian, a thobainne agus a neamhcinnteacht, croílár an spóirt. Tá dóthain ceannaireachta ag meaisíní orainn mar atá muid.

Sula bhfágfaidh mé an altóir cuirfidh mé i gcuimhne arís daoibh go mba farasbarr dhá chúilín a bhí ag Tiobraid Árann ar Loch Garman agus a leath sin idir Cill Chainnigh agus Luimneach.

Sa dá chluiche chuir na caillteoirí 22 deis scórála amú eatarthu; bhuaigh a gcéilí comhraic 33 de na 69 poc amach a ghlac Mark Fanning/Nickie Quaide agus chuireadar leathdhosaen buillí saora nach raibh thar a bheith deacair ar fóraoil.

An féidir go raibh baint chomh mór céanna ag fiú eachtra amháin acu sin lena mbriseadh croí agus a bhí ag aon rud a rinne (nó nach ndearna) Seán Cleere nó Alan Kelly?

Fág freagra ar 'Tá dóthain ceannaireachta ag meaisíní orainn mar atá, fág an iománaíocht mar atá'