Tá do mhargadh, níl mo mhargadh, tá do mhargadh déanta

Díobháil agus dóchas, moladh don Rialtas agus don fhreasúra agus ‘Éire Aontaithe’ - seo nótaí Breatimeachta ár gcolúnaí 

Tá do mhargadh, níl mo mhargadh, tá do mhargadh déanta

Chuir an síorathrú a tháinig ar scéal na gcomhráite ar an Bhreatimeacht sula ndearnadh margadh faoi dheireadh línte cáiliúla an amhráin ‘Téir Abhaile ’Riú’ i gcuimhne do mhórán:

‘Níl mo mhargadh,

Tá do mhargadh,

Níl mo mhargadh déanta.

Tá do mhargadh

Níl mo mhargadh

Tá do mhargadh déanta.’

Tá scéal an Bhreatimeachta idir dhá cheann na meá arís agus an colún seo á scríobh. Tá an comhshocrú á phlé i Westminster inniu.  Cibé toradh a bheas ar an vótáil ansin, beidh céim chinniúnach sroichte cé nach féidir a tionchar a mheas go mbeidh an vótáil déanta.

Idir an dá linn, is díol suntais é an toradh a bhí ar an mbabhta idirbheartaíochta is deireanaí, go háirithe maidir le cúrsaí an oileáin seo. Tá athrú suntasach tagtha ar an gcaidreamh idir an Ríocht Aontaithe, an tAontas Eorpach agus an tír seo. Níl tionchar an athraithe sin iomlán soiléir fós, ach is féidir gnéithe tábhachtacha a thabhairt faoi deara cheana féin. Déantar cuid de na gnéithe sin a chíoradh sna nótaí Breatimeachta thíos.

  1. Saothar an Rialtais

Tá moladh mór tuillte ag Leo Varadkar, Simon Coveney, Helen McEntee agus ag a lucht cúnta mar gheall ar an margadh a rinneadh Déardaoin. Is go discréideach agus go foighneach a bhí orthu ábhar nua comhréitigh a chur faoi bhráid phríomh-aire na Breataine Boris Johnson agus an t-ábhar a phlé le hairí eile i Londain.

Nuair a chuimhnítear ar aineolas, ar mhí-ionracas agus ar chlaontacht Johnson, is soiléire an dúthracht agus an stuaim a bhí riachtanach chun a chur ina luí air glacadh le straitéis Bhreatimeachta nua d’Éirinn, straitéis ar ceapadh an chuid is mó di (eadrainn féin) i mBaile Átha Cliath.

  1. Freagracht an fhreasúra

Tá moladh tuillte freisin ag páirtithe an fhreasúra toisc gur thugadar tús áite don leas  coitinn agus cúrsaí Breatimeachta á bplé. Chuireadar brú ar an Rialtas ó am go ham, go háirithe mar gheall ar a laghad eolais a bhí (agus atá) ar fáil maidir leis an gcóras seiceála agus rialála a chuirfí i bhfeidhm dá rachadh rialtas na Breataine chun cinn le Breatimeacht gan mhargadh. Ach thuigeadar go léir an phráinn, agus chuaigh an chomhthuiscint sin i bhfeidhm ar a gcuid cainte.

  1. Éacht ár dtaidhleoirí

Tá an moladh is airde tuillte ag ambasadóirí agus ag taidhleoirí na hÉireann a mhínigh cás an Rialtais go leanúnach agus go paiteanta ar fud an domhain, agus ar fud na hEorpa go háirithe, ó fógraíodh toradh reifreann an Bhreatimeachta i 2016. Síleadh ar feadh scaithimh ina dhiaidh sin nach seasfadh ballstáit eile an AE gualainn ar ghualainn le hÉirinn ar feadh i bhfad, agus go gcuirfidís brú ar an Rialtas glacadh le drochshocrú faoi dheireadh.

A mhalairt a tharla, agus tugadh tacaíocht sheasmhach láidir d’Éirinn.

Is toradh é a dtacaíocht, agus an t-athrú stairiúil a tháinig ar an gcóimheá idirnáisiúnta idir an tír seo agus an Ríocht Aontaithe, ar dhiansaothar ár dtaidhleoirí le breis agus trí bliana.

  1. Caint ar aontú

Cibé cineál Breatimeachta a chuirfear i bhfeidhm, is léir cheana féin gur spreag sé machnamh agus plé níos forleithne ar Éirinn aontaithe. Ní hionann sin agus a rá go bhfuil sé cinnte go bhfeicfear aontú níos túisce ná mar a thiocfadh sé d’éagmais an Bhreatimeachta, ach táthar ag caint air níos minice anois.

Teastaíonn plé agus machnamh níos eagraithe sa Phoblacht go háirithe. Cuirfear brú ar an Rialtas fóram nó tionól de chineál éigin a bhunú leis an ábhar a phlé, agus bheadh ciall lena leithéid. Is fiú ábhar chomh tábhachtach agus chomh cinniúnach a iniúchadh go staidéartha, seachas é a bheith ina chnámh spairne polaitiúil.

  1. Córas custaim casta

Rinneadh dul chun cinn polaitiúil agus an córas nua custaim atá beartaithe a chur i bhfeidhm idir an Bhreatain agus an dá chuid d’Éirinn á chur sa chomhaontú nua Angla-Eorpach. Is léir mar sin féin go mbeidh feidhmiú an chórais casta, agus costasach chomh maith, b’fhéidir.

Mhol lucht gnó ó thuaidh an comhaontú nua, ach is léir an chontúirt go dtiocfaidh fadhbanna éagsúla de réir mar a chuirfear an córas i bhfearas. Beidh comhoibriú suntasach riachtanach freisin idir na húdaráis chustaim ar an dá taobh den teorainn chun a dheimhniú nach mbeidh deis ag lucht smuigleála leas a bhaint as an gcóras nua ar scála ollmhór.

  1. Meon gan mhaith

Níl deireadh fós i dTuaisceart Éireann leis an meon a bhreathnaíonn ar gach tionscnamh nua polaitiúil mar chéim chun cinn do thaobh amháin, agus mar chéim ar gcúl ar an taobh eile. Faraor, bhain an Breatimeacht an bonn den dearcadh a mhol George Mitchell, an seanadóir Meiriceánach a bhí ina chathaoirleach ar na cainteanna faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998. Theastaigh comhréiteach, a dúirt sé go minic, ina mbeadh buntáistí agus tairbhe do gach dream. Tá síol dóchais ann do Thuaisceart Éireann, dá laghad é, toisc go raibh meon da leithéid soiléir sa chomhréiteach a rinneadh sa Bhruiséil.

  1. Díobháil agus dóchas

Dá fheabhas é an comhshocrú a fógraíodh Déardaoin, ní foláir cuimhneamh ar fhainic an Tánaiste Simon Coveney. Dúirt sé arís Dé hAoine, mar atá ráite go minic aige, gur drochrud é an Breatimeacht. Níl a leithéid de rud agus dea-Bhreatimeacht ann, a dúirt sé. Déanfaidh sé díobháil shuntasach d’Éirinn, thuaidh agus theas.

Sin ráite, bhí comhthuiscint Angla-Éireannach follasach sa chomhréiteach nua – comhthuiscint a bhí tearc le tamall. Ní bheidh rath dá huireasa ar Thuaisceart Éireann amach anseo. Táthar fós i bhfad ón gcomhthuiscint a bhí i réim nuair a chuir an dá rialtas Comhaontú Aoine an Chéasta chun cinn, ach is féidir a rá ar a laghad anois nach bhfuil an caidreamh eadrainn ag dul ar gcúl. Ní beag san.

Fág freagra ar 'Tá do mhargadh, níl mo mhargadh, tá do mhargadh déanta'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Trí rud contúirteach, crúb capaill, adharc bó, gáire an tSasanaigh.

  • An Teanga Bheo

    Téir abhaile a dúirt an Bhreatain leo fhéin agus breis agus 40 bliain acu san Aontas Eorpach,
    néamhspleachas agus Impireacht i gceist ?

  • Cluain Sceach

    Ana-alt.