Is ar chomhráiteas fada foclach a bheidh comhaltaí Fhianna Fáil, Fhine Gael agus an Chomhaontais Ghlais ag vótáil go luath.
Tá 139 leathanach sa dréachtchlár rialtais a d’fhoilsigh ceannairí na bpáirtithe tar éis dá bhfoirne breis agus mí a chaitheamh á leagan amach.
Fearacht gach margadh riamh a rinne páirtithe móra le páirtithe beaga, níl ach sciar de na polasaithe a mhol na Glasaigh roimh an olltoghchán sa cháipéis.
Ghéill Fianna Fáil agus Fine Gael dóibh maidir le haidhmeanna áirithe, ach thug siad droim láimhe le haidhmeanna eile – laghdú ar astaíochtaí meatáin ó eallach, mar shampla.
Is léir cheana féin bundifríocht idir an cur is cúiteamh atá ar bun i measc chomhaltaí an Chomhaontais Ghlais agus an díospóireacht i bhFianna Fáil agus i bhFine Gael. Is é ábhar an chomhréitigh atá á phlé ag na Glasaigh, is é an bunphrionsabal – comhoibriú le sean-namhaid – atá á mheá ag comhaltaí na bpáirtithe móra.
Tabharfaidh aon duine atá neamhchlaonta a léann an clár rialtais (atá ar fáil anseo) laige bhunúsach faoi deara láithreach.
Níl costais ná fiú meastachán ar chostais ann maidir le formhór na mbeartas a mholtar.
Is ar an iontaoibh idir Micheál Martin, Leo Varadkar agus Éamon Ryan nó Catherine Martin, agus ar dhiongbháilteacht na n-airí a cheapfar, a bheidh cur i bhfeidhm an chláir rialtais ag brath – is é sin, má vótálann a bpáirtithe ar a shon.
Sin ráite, seo a leanas cur síos ar chuid de na sonraí atá lag, láidir nó doiléir.
1. Seachnaítear go leor ábhar achrannach sa chlár rialtais le briathra nach féidir a bheith cinnte cén toradh a bheidh orthu, má bhíonn toradh ar bith orthu. Tá 68 ‘athbhreithniú’ geallta, sampla amháin an ceann ar mhaolú conspóideach na hÉireann ar shrianta an AE ar níotráití feirme.
2. Tá an clár rialtais breac le briathra seachantacha eile. Tá 36 ‘iniúchadh’ ar ábhair éagsúla beartaithe, chomh maith le ‘machnamh’ ar ábhair eile – tionscnamh iarnród an iarthair mar shampla. Ní féidir ciall chinnte ar bith a bhaint as béarlagair dá leithéid.
3. Ar bhealach, ní drochrud é seachantacht dá leithéid. Ní bheidh aon dul as ag rialtas nua ach tosaíocht a thabhairt do bheartais chun déileáil le héigeandáil an choróinvíris agus an dochar atá á dhéanamh don gheilleagar.
4. Deirtear go bhfuil sé beartaithe tionscnaíocht chun postanna a chosaint agus a chruthú a fhógairt an mhí seo chugainn, chomh maith le Plean Náisiúnta Eacnamaíochta a eiseofar sa bhfómhar. Ní ar an gclár rialtais ach ar fhiúntas an dá cháipéis sin atá le teacht a bheidh cuid mhór d’éifeachtacht an rialtais nua ag brath.
5. Tá athrú suntasach amháin sa chlár rialtais ar an gcomhcháipéis a d’fhoilsigh Fianna Fáil agus Fine Gael dhá mhí ó shin. Mhol siad an uair sin go mbunófaí aonad nua i Roinn an Taoisigh chun comhthuiscint ar oileán aontaithe (‘a united island’) a chur chun cinn. Moltar sa chlár rialtais go gcuirfeadh an t-aonad comhthuiscint ar oileán comhroinnte (‘a shared island) chun cinn.
6. Is sampla maith de dhoiléire an chláir rialtais í an gheallúint go gcuirfear cónaí i mbailte beaga faoin tuath chun cinn, agus go ndéanfar forbairt ar an Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte. Níl fianaise ná sonraí tugtha chun ábhar cinnte dóchais a mhúscailt go bhfeicfear feabhas dá leithéid, cé go dteastaíonn sé go géar.
7. Níl gealltanais chrua sa chlár rialtais a dheimhneodh feabhas ó bhonn ar thithíocht (50,000 teach/árasán sóisialta breise idir seo agus 2025) ná ar an tseirbhís sláinte. Ní hionann sin agus a rá nach rachaidh cúrsaí i bhfeabhas, ach ní féidir a chur i leith na bpáirtithe go raibh siad ró-uaillmhianach..
8. Cuirfidh doiléire agus seachantacht an chláir rialtais bac ar chur chuige an rialtais nua (má bhunaítear é) ar chúis amháin. Mar a dúirt iar-aire ón Lucht Oibre le scríbhneoir an cholúin seo: “Má tá polasaí leagtha amach go soiléir sa chlár rialtais, déanfaidh an státseirbhís dá réir. Mura bhfuil (féach thuas), beidh an ghaoth i do choinne ó thús.’
9. Is léir tionchar an Chomhaontais Ghlais ar an gclár rialtais, cé nach sa ghearrthéarma ach de réir a chéile a athrófar polasaí comhshaoil na tíre má thoilíonn a gcomhaltaí dul i mbun rialtais. Rogha bhunúsach an pháirtí: sciar dá dteastaíonn uathu a chur i bhfeidhm i rialtas, nó faillí an rialtais a cháineadh ó bhinsí an fhreasúra.
10. Moltar sa chlár rialtais go ndéanfaí laghdú ar astaíochtaí carbóin na tíre agus go gcuirfí sin i bhfeidhm idir seo agus 2030. Gan dabht, beidh athrú fadtéarmach de dhíth, athrú nach féidir a chur i gcrích i dtéarma rialtais amháin. Ach ní féidir le rialtas ar bith ceangal cinnte a chur ar rialtas a thoghfar ina dhiaidh féin.
An Teanga Bheo
Rialtas neamh gnáthach é seo silim polasaí is pleannana le cuir i fheidhim