Tá dlúthbhaint ag an tiúilip agus an caipitleachas is cúis le géarchéim na haeráide

AN SAOITHÍN AERÁIDE: Tá sé deacair cuimhneamh ar thionscal ar bith is lú a bhfuil gá leis ach is mó a dhéanann dochar don aeráid ná tionscal na dtiúilipí

Tá dlúthbhaint ag an tiúilip agus an caipitleachas is cúis le géarchéim na haeráide

Mar is eol do dhuine ar bith a léigh an leabhar Tulip Fever le Deborah Moggach (nó a chonaic an scannán leis an teideal céanna) tiúilipí ba chúis leis an gcéad bholgán eacnamaíochta i stair an domhain.

I mí Eanáir 1637, bhí luach níos airde ar bhleibíní áirithe – a bhí fós i dtalamh gainmheach iarthar na hOllainne an t-am sin den bhliain – ná ar theach mór ar chanálacha Amsterdam. An mhí dár gcionn, thit an tóin as an margadh agus fágadh roinnt mhaith amhantraithe beo bocht. Mar sin féin, shamhlófaí an tiúilip – arb as an Tuirc ó dhúchas di agus a bhí úrnua san Ollainn an t-am sin – leis an Ísiltír go deo.

Tá ceithre thiúilip, déanta as adhmad, i bpota gloine ar dheasc an tSaoithín Aeráide. Cheannaigh an Saoithín in aerfort Schiphol iad lá amháin roinnt mhaith blianta ó shin agus é ag filleadh ar an mBrasaíl, mar a bhfuil cónaí air, tar éis dó tréimhse a chaitheamh ina thír dhúchais, an Ísiltír. Thug greamáin ar na tiúilipí adhmaid (a chosain €5.99 an ceann) le fios gur sa tSín a rinneadh na tiúilipí céanna, ach shocraigh an Saoithín Aeráide neamhaird a dhéanamh den eolas sin. Bhí sé saghas maoithneach an lá sin.

An i monarcha dúshaothair a rinneadh na tiúilipí adhmaid? Cá bhfios. Ach is cinnte nach raibh gá ar bith leis an CO2 a shéid siad san aer agus iad ar a mbealach ón tSín go dtí an siopa cuimhneachán in aerfort Schiphol: ná habair leis an Saoithín nach raibh an teicneolaíocht ar fáil san Ísiltír féin chun bláth adhmaid a dhéanamh.

Ach mheabhraigh na tiúilipí ón tSín an baile don Saoithín.

D’fhás an Saoithín Aeráide aníos i gceantar fásta tiúilipí. Tiúilipí a d’fheiceadh sé agus é ag breathnú amach as fuinneog a sheomra codlata agus an lotnaidicíd nimhneach a spraeáladh lucht a bhfásta ar na bláthanna a bholaíodh sé nuair a d’osclaíodh sé an fhuinneog chéanna.

Bhí (agus tá) cuirtín trom dubh san fhuinneog sin a bhfuil géarghá leis: a bhuíochas le soilse láidre leictreacha na dtithe gloine ina bhfástar na tiúilipí ó cheann ceann na bliana, dath oráiste a bhíonn ar an oíche i mbaile dúchais an tSaoithín Aeráide seachas dath dubh.

Ach fiú agus an cuirtín sin dúnta bíonn sé deacair titim i do chodladh sa seomra sin. Tá baile dúchais an tSaoithín Aeráide díreach faoin bpríomhchonair eitilte amach as aerfort Schiphol. Céard a bhíonn i mboilg chuid mhór de na heitleáin a thagann idir an Saoithín Aeráide agus codladh na hoíche nuair a bhíonn sé sa bhaile? Thomhais tú i gceart é: tiúilipí. Ar a mbealach chuig gach cearn den domhan, an tSín san áireamh.

Tá sé deacair cuimhneamh ar thionscal ar bith is lú a bhfuil gá leis ach is mó a dhéanann dochar don aeráid ná tionscal na dtiúilipí (agus na lilí, na magairlíní, agus araile.) Ní ar na bláthanna bochta féin atá an locht, ar ndóigh, ach ar an gcóras atá taobh thiar de, córas a dhíolann earraí linn nach bhfuil gá ar bith againn leo – ar phraghas iontach ard.

Caipitleachas, ar ndóigh, an t-ainm atá ar an gcóras sin.

Is léir don dall gurb é is ciontach leis an tsáinn ina bhfuilimid agus a bheidh á plé i nGlaschú na hAlban go ceann deich lá eile. Ach an mbeidh Boris Johnson, Joe Biden, Emmanuel Macron agus na ceannairí eile a bheidh i láthair sásta droim láimhe a thabhairt don chóras céanna? Tá freagra na ceiste sin ar eolas ag an Saoithín Aeráide cheana féin. Ach bímis ionraic: níl a fhios ag an Saoithín Aeráide féin ach oiread cén córas a thiocfadh ina áit.

Fág freagra ar 'Tá dlúthbhaint ag an tiúilip agus an caipitleachas is cúis le géarchéim na haeráide'

  • Pádraig Mac Fhearghusa

    An t-alt is macánta léargais a léigh mé le fada.

  • Áine Nic Niallais

    Tá mo chroí sna bláthógaí ach tugann seo léargas eile ar maidin dom ar na bláthógaí céanna sin a cheannaím anois agus arís – an-mhaith a Alex!