Tá díospóireacht eile faoin Aontas Eorpach ar siúl dár mbuíochas

Tá fadhbanna bunúsacha eile ag an Aontas Eorpach seachas an Breatimeacht agus beidh tionchar acu orainn

Tá díospóireacht eile faoin Aontas Eorpach ar siúl dár mbuíochas

Más fíor a deir na pobalbhreitheanna beidh Páir an Bhreatimeachta go mór chun tosaigh sna toghcháin Eorpacha sa mBreatain agus buille mór é sin dóibh siúd thall – agus abhus – a bhfuil reifreann eile uathu leis an mBreatimeacht a chur ar ceal.

I bpobalbhreith amháin, tá 37% den vóta ag Páirtí an Bhreatimeachta, is gan ach 3% ag ChangeUK, an páirtí nua a bunaíodh le cur i gcoinne an Bhreatimeachta, agus a deir gur chóir an dara reifreann a dhéanamh de na toghcháin seo.

Ach cé go mbíonn muidne in Éirinn an-ghafa lena bhfuil ar siúl sa mBreatain, tá fadhbanna eile ag an Aontas Eorpach a mbeidh an-tionchar acu ar thodhchaí an Aontais agus ar thodhchaí na tíre seo freisin.

Cén cineál Aontais is cóir a bheith ann? Ní ceist í sin a phléitear in Éirinn – agus go deimhin bíonn leithéidí Stephen Collins san Irish Times den tuairim gur léiriú naimhdis don Aontas atá ann a leithéid de cheist a chur.

Ach, ar thaobh amháin, tá Emmanuel Macron, Uachtarán na Fraince, ag cur lena chuid iarrachtaí ollstát a dhéanamh den Aontas Eorpach agus, ar an taobh eile, is léir go bhfuil míshástacht fhorleathan ann faoin Aontas Eorpach mar atá. Is dócha go mbeidh os cionn 30% d’fheisirí na parlaiminte nua amhrasach faoin Aontas nó naimhdeach dó.

Níl hé Stephen Collins an t-aon duine atá ag diúltú glacadh leis go bhfuil ábhar díospóireachta anseo.  Rinne Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil, ionsaí fíochmhar ar Shinn Féin – cé eile? – ag rá gur chóir tabhairt faoi na páirtithe nach bhfuil céad faoin gcéad taobh thiar den Aontas sna toghcháin a bheidh á reáchtáil ag deireadh na seachtaine.

Agus tá Fianna Fáil ag rá gur bréag iomlán é ag Sinn Féin foláireamh a thabhairt faoi arm Eorpach, cé go bhfuil geallúint faoin arm céanna i bhforógra an ghrúpa Eorpaigh a bhfuil Fianna Fáil páirteach ann, an ALDE.

Má tá Fianna Fáil ag taobhú le Macron sa díospóireacht seo cén fáth go bhfuil náire orthu é sin a rá amach go breá soiléir?  Nó an bhfuil siad ag iarraidh dallamullóg a chur orainn?

Tá an díospóireacht faoin míshástacht leis an Aontas níos tábhachtaí fós.

In alt spéisiúil san Financial Times, dúirt Wolfgang Muenchau nach bhfuil bealach ar bith ann le stop a chur le fás na bpáirtithe frithEorpacha ach an fhadhb a spreagann iad a réiteach.

Is fíor, mar shampla, go raibh fás ar an olltáirgeacht intíre san Iodáil agus sa mBreatain – dhá thír atá an-mhíshásta leis an Aontas mar atá – ach sa dá stát sin níl aon bhorradh faoi tháirgeacht na heacnamaíochta ná faoin meánioncam inchaite atá ag daoine.

Tá sé sin le tabhairt faoi deara go háirithe sna ceantair iarthionsclaíochta i dtuaisceart Shasana (a vótáil go tréan ar son an Bhreatimeachta) agus i dtuaisceart na hIodáile, réigiún a thug droim láimhe leis na seanpháirtithe a bhain leis an Aontas Eorpach.

Is léir go bhfuil na rialacha fioscacha ag cur go mór leis an bhfadhb, mar coinníonn na rialacha sin srian docht ar chaiteachas poiblí.  Tá aighneas idir an Iodáil agus Coimisiún na hEorpa toisc go bhfuil siad ag iarraidh na rialacha a shárú ar mhaithe le cabhrú leo siúd atá buailte ag laige na heacnamaíochta.

Ach níl na fórsaí is láidre san Aontas, go háirithe na Gearmánaigh, sásta glacadh le réiteach ar bith den chineál sin toisc go mbeadh sé i gcoinne na hidé-eolaíochta atá acu i dtaobh cúrsaí airgeadais. Is amhlaidh an port ag Macron toisc go dtiocfadh a leithéid salach ar a phlean féin don ollstát Eorpach.

In Éirinn, diúltaíonn muid glacadh le haon díospóireacht faoi na cúrsaí seo, ach tá an díospóireacht sin ar siúl dár mbuíochas agus beidh tionchar aici orainn. 

Go deimhin tá seans maith ann go mbeidh seisear feisirí as an triúr déag a thoghfar cáinteach, ar a laghad, faoin Aontas is iad ag lorg leasuithe a bheidh contráilte lena bhfuil á mholadh ag Macron.

Cuireann sé sin olc ar leithéidí Stephen Collins nach dtuigeann cén chaoi go  bhféadfadh a leithéid tarlú nuair atá, deirtear, os cionn 90% de na vótóirí i  bhfabhar fanacht san Aontas. 

Tá míniú simplí air sin. Creideann cuid mhaith dínn gur féidir leasuithe a thabhairt isteach agus athchóiriú a dhéanamh ar an Aontas Eorpach ar bhealach a choinneodh an comhoibriú i dtaobh leithéidí cúrsaí trádála, caighdeán agus aeráide, ach a chuirfeadh deireadh leis an tseafóid faoi arm Eorpach a bhunú agus comhpholasaí gnóthaí eachtracha a thabhairt isteach nach gceadódh, mar shampla, aon easaontas le hIosrael.

Ní chreidim féin gur féidir an tAontas a leasú – mar bheadh conradh nua ag teastáil agus chaithfí aontú a fháil ina leith ag an am céanna i ngach aon  bhallstát.

Ach de réir mar atá lucht an Bhreatimeachta ag dul i dtreise i Sasana b’fhéidir gur féidir le lucht molta na leasuithe a mhíniú dúinn cén chaoi go dtabharfaidís faoi!

Fág freagra ar 'Tá díospóireacht eile faoin Aontas Eorpach ar siúl dár mbuíochas'