Tá diancheisteanna le freagairt ag Stephen Donnelly agus ag a ardrúnaí

Ba léir nach é Stephen Donnelly a bhí ar an stiúir sa Roinn Sláinte fad is a bhain sé le ceapachán an Dr Tony Holohan

Tá diancheisteanna le freagairt ag Stephen Donnelly agus ag a ardrúnaí

An tAire Sláinte Stephen Donnelly agus Dr Tony Holohan

Tar éis an aighnis a scrios comhrialtas idir Fianna Fáil agus Páirtí an Lucht Oibre i 1994, rinne Albert Reynolds cur síos brónach ar an eachtra a chuir deireadh lena thréimhse mar Thaoiseach.

‘Éiríonn leat léimt thar na constaicí arda ach is iad na rudaí beaga a bhaineann tuisle asat,’ a dúirt sé. Bhí rabhadh tugtha ag ceannaire an Lucht Oibre Dick Spring dó nach n-aontódh sé le ceapadh an Ard-Aighne Harry Whelehan mar bhreitheamh. D’fhógair Reynolds an ceapachán dá ainneoin. Tharraing Páirtí an Lucht Oibre amach as an rialtas.

Cuimhneofar i gcónaí ar an idirghabháil dhíreach a rinne Reynolds le rialtas na Breataine agus go hindíreach le ceannairí an IRA, saothar fada foighneach ba bhonn leis an sos lámhaigh a d’fhógair na paraimíleataigh i mí Lúnasa 1994. Bhí dlúthbhaint ag dúthracht Reynolds le céim stairiúil i dtreo na síochána sa tuaisceart, ach scrios a stuacacht pholaitiúil a chomhrialtas trí mhí ina dhiaidh sin.

Faoi láthair tá ceapachán conspóideach eile á phlé go forleathan agus tuairisc iarrtha ag an Taoiseach gan mhoill. Níor spreag an ollúnacht i gColáiste na Tríonóide atá beartaithe a thairiscint don phríomh-oifigeach leighis Tony Holohan easaontas sa rialtas. Is ábhar suntais mar sin féin é go bhfuil amhras chomh mór faoin scéal ar airí dá bharr agus atá ar pháirtithe an fhreasúra.

Thug Micheál Martin le fios in Heilsincí, áit a raibh cruinniú aige le príomh-aire na Fionlainne Dé hAoine, gur theastaigh breis eolais faoin gceapachán uaidh. Dúirt sé go raibh gá freisin le faisnéis faoin taighde atá beartaithe. Níor luaigh sé Tony Holohan ach ba léir nach gceapann Micheál Martin go bhfuil dóthain eolais aige faoin taighde ar stair na paindéime a socraíodh a dhéanfadh an dochtúir mar ollamh fad is a bheadh a thuarastal á íoc ag an Roinn Sláinte.

Dúirt an Taoiseach gur cheart “sos” a thógáil sa phróiseas ceapacháin agus go raibh trédhearcacht de dhíth. D’iarr sé ar an Aire Sláinte Stephen Donnelly agus ar Ard-Rúnaí na Roinne Robert Watt tuairisc ar an scéal go dtí seo a chur ar fáil dó Dé Luain.

I ndáiríre ní scéal oifigiúil amháin atá i gceist anseo ach trí cinn ar a laghad:

  1. D’fhógair an Roinn Sláinte ar an 25 Márta go n-éireodh Tony Holohan as a phost mar Phríomh-Oifigeach Leighis i mí Iúil agus go raibh post faighte aige mar ollamh le straitéis sláinte poiblí i gColáiste na Tríonóide. Níor dúradh gur ar thréimhse iasachta ón roinn a bheadh sé ag obair mar ollamh ná go mbeadh a thuarastal á íoc ag an roinn sláinte.
  2. Dúirt an tAire Stephen Donnelly ar Morning Ireland Dé Céadaoin nach raibh a fhios aige nuair a cheadaigh sé aistriú an dochtúra ón Roinn Sláinte gur ar thréimhse iasachta ón roinn a bheadh sé. Dar leis nár chóir mór is fiú a dhéanamh den socrú iasachta toisc gur “airgead poiblí” a bhí i gceist sa dá chás.
  3. Tá míshásamh léirithe ó shin ag an Taoiseach, ag an Tánaiste agus ag an Aire Caiteachais Phoiblí Michael McGrath faoi chúrsaí. Thabharfadh sin le fios nár pléadh an ceapachán le roinn McGrath sular fógraíodh é. Thug an Roinn Sláinte le fios nár dúradh le Stephen Donnelly go dtí Dé Máirt seo caite nach éirí as post ar an ngnáthbhealach a bhí beartaithe ach tréimhse iasachta faoina n-íocfadh an roinn a thuarastal, 187,000 sa bhliain, le Tony Holohan.

Is léir ón bhfaisnéis a tugadh go dtí seo nach raibh láncheannas ag Stephen Donnelly ar a roinn sa chás seo. Dá mbeadh, bheadh láneolas curtha ar fáil ag Robert Watt dó sula ndearna sé socrú faoi aistriú Tony Holohan go dtí a phost nua. Mar a tharla, bhí ar an aire fanacht ar feadh coicíse sular míníodh an scéal iomlán dó.

Ní dea-chomhartha é gan láneolas a bheith tugtha dó nuair a chuimhnítear go bhfuil bunú na gceantar réigiúnach nua sláinte (in ainm Dé, ná habair ‘boird sláinte’) geallta ag Stephen Donnelly an bhliain seo chugainn.

Níl amhras á nochtadh ag polaiteoir ar bith faoi oiriúnacht Tony Holohan. Tá cúrsaí níos tromchúisí ná a phost nua ag cur imní ar an bpobal.

Mar sin féin tá an t-ádh ar an rialtas nach mbeidh cruinniú eile ag an Dáil go mbeidh deireadh le saoire na Cásca ar an 26 Aibreán. Thug Matt Carthy ó Sinn Féin débacle ar láimhseáil cheapachán Tony Holohan mar ollamh. Tá cuid mhór den cheart aige.

Fág freagra ar 'Tá diancheisteanna le freagairt ag Stephen Donnelly agus ag a ardrúnaí'

  • Mise Áine

    @Mar a tharla, bhí ar an aire fanacht ar feadh coicíse sular míníodh an scéal iomlán dó.

    Cé atá i gceannas ar chinntí aon Roinn – Aire nó Ard-Rúnaí? Cé atá freagrach as na cinntí? Cé ag a bhfuil ‘láneolas’ agus ceannasaíocht? Rún atá ann, an ea? An bhfuil cainteanna ardrúnda ar bun, i ngan fhios? Hmmmm…