Tá deis iontach caillte ag CLG agus an Eaglais Chaitliceach ceannasaíocht a léiriú

Is cosúil go bhfuil greim dúdáin ag lucht na gcluichí móra ar na polaiteoirí ó thosaigh Covid-19 ag scaipeadh ar fud na hÉireann

Tá deis iontach caillte ag CLG agus an Eaglais Chaitliceach ceannasaíocht a léiriú

Sílim go bhfuil sé soiléir go leor faoi seo gur chaill an Eaglais Chaitliceach agus Cumann Lúthchleas Gael deis iontach le ceannasaíocht a léiriú nuair a thosaigh Covid-19 ag scaipeadh ar fud na hÉireann.

Ní raibh ord ná eagar ar na heaspaig ná ar na sagairt i bhfianaise na géarchéime. Cheapfá gur mhaith an t-am é le ceann de bhunphrionsabail na Críostaíochta a chur i láthair – gráigh do chomharsa mar tú féin.

Ina áit sin ní raibh le cloisteáil uathu ach teachtaireacht dhoiléir faoin gcéad chomaoineach agus faoi léamh an Aifrinn.

Leis an gceart a rá labhair Ardeaspag Bhaile Átha Cliath, Diarmuid Martin, go maith. Mhínigh sé aríst nár ghá a bheith ag deifriú leis an gcéad chomaoineach agus, thar rud ar bith eile, nár cheart a bheith ag iarraidh fáil réidh leis an ócáid eaglasta sin ar nós chuma liom.

Ach lean cuid mhaith sagart ar fud na tíre ag tabhairt toradh ar achainí tuismitheoirí agus múinteoirí.

Maidir le Cumann Lúthchleas Gael dá dtiocfadh siadsan amach ón gcéad lá agus a gcuid cumann a eagrú leis an víreas a throid is mór an moladh a thuillfidís. Dá bhfeicfí óige na gcumann ag eagrú an phobail mhéadódh meas na ndaoine go mór orthu. Rinne cumann anseo agus ansiúd a ndícheall ach is ag obair ar a gconlán féin a bhí siad.

Faraor is fearr le Cumann Lúthchleas Gael a bheith ag casaoid agus ag cnáimhseáil agus ag éileamh aríst agus aríst eile go ligfí na cluichí chun cinn.

Cáineadh go géar an tAire as an DUP Edwin Poots nuair a mheabhraigh sé gur sna ceantair Náisiúnacha is tréine a bhí an galar i dTuaisceart Éireann.

Fiafraíodh de an raibh sé ag tarraingt ag Cumann Lúthchleas Gael. “Má cheapann daoine go bhfeileann an míniú sin dóibh, feileadh,” a dúirt sé.

Is deacair a thuiscint cén fáth a bhfuil na cluichí peile agus iománaíochta idirchontae á n-imirt i gcónaí. Is dochreidte fós gurbh é Tony Holohan a lig chun cinn iad. Chaithfí ábhar misnigh a thabhairt don phobal, a dúirt sé, a gcroí a ardú.

Mar a dúirt Raiftearaí fadó:

Fágaim le huachta é go n-éiríonn mo chroíse

Mar éiríonn an ghrian nó mar scaipeann an ceo

Nuair a smaoiním ar Cheara nó ar Ghaileang taobh thíos de

Ar Sceathach an Mhíle nó ar phlánaí Mhaigh Eo.

Is iomaí bealach ag daoine lena gcroí a ardú seachas a bheith ag breathnú ar chluiche peile nó iománaíochta, sea ná ar chluiche sacair ná rugbaí ach an oiread.

D’fhéadfadh duine suí cois na tine agus seal machnaimh agus aireachais a dhéanamh.

Ní dhéanfadh sé aon dochar níos mó comhrá a choinneáil leis an mbean chéile nó an fear céile agus cluais níos géire a thabhairt ná mar ba ghnáth don méid a bheadh le rá acu.

Seans go mbeadh an gadhar beag ag sceamhaíl ag an doras ag iarraidh go dtabharfaí síos le cladach nó amach ar an gcnoc é.

Dá mbeadh spéis in iascaireacht ag duine is cinnte nach mbeadh an fharraige nó loch i bhfad uaidh.

Dá mba fear nó bean reiligiúin thú d’fhéadfá d’aghaidh a thabhairt soir ar Mheice, dul ar do ghlúine agus paidir a chur suas chuig Allah go n-éireoidh go maith le Donald Trump i dtoghchán an lae inniu.

Rud amháin nach mbeadh cead agat a dhéanamh, de réir na rialacha, cluiche gailf a imirt, go fiú dá mbeadh an galfchúrsa ar leic an dorais agat.

Mar a dúirt Seán Ó Loingsigh as Galfchúrsa na nOileán ar Raidió na Gaeltachta, cá bhfaighfeá caitheamh aimsire níos sláintiúla ná cluiche gailf?

Is cosúil go bhfuil greim dúdáin ag lucht na gcluichí móra ar na polaiteoirí. Is maith an píosa ó thuig na Rómhánaigh gur féidir úsáid a bhaint as arán, sorcais agus cluichí leis an bpobal a choinneáil ina dtámhnéal.

Idir an dá linn tá na mílte ag tolgadh an víris agus daoine ag fáil bháis chuile lá.

Fág freagra ar 'Tá deis iontach caillte ag CLG agus an Eaglais Chaitliceach ceannasaíocht a léiriú'

  • An Teanga Bheo

    Airgead i gceist £ + $

  • Maire Blundell

    Aontaìm leat a Sheosaimh, taimid faoi bru go leor, ach tà an seipeal Cathalaic I bhfollach. Tà dioma orm.