‘Tá deireadh leis an Stát Aon-Pháirtí Oráisteach agus ní féidir leis an DUP cearta a shéanadh ar Ghaeilgeoirí níos mó’ – SF

Dúirt an t-iar-aire airgeadais Máirtín Ó Muilleoir gur ‘céim amháin chun cinn agus deich gcinn ar gcúl’ a bhí ar bun ag an DUP maidir le cás an Achta Teanga

‘Tá deireadh leis an Stát Aon-Pháirtí Oráisteach agus ní féidir leis an DUP cearta a shéanadh ar Ghaeilgeoirí níos mó’ – SF

Tá sé curtha i leith an DUP ag Sinn Féin gur thug siad “céim amháin chun cinn agus deich gcinn ar gcúl” i dtaobh cheist an Achta Teanga.

Cé nár chuir ceannaire an DUP Arlene Foster as an áireamh é Dé Luain go dtabharfadh sí tacaíocht d’Acht Teanga, tá ráite ag baill eile de chuid an pháirtí ó shin nach ngéillfidh siad go deo d’Acht Gaeilge.

Ag tagairt dó do na teachtaireachtaí contrártha sin, dúirt an t-iar-aire airgeadais Máirtín Ó Muilleoir gur “céim amháin chun cinn agus deich gcinn ar gcúl” a bhí ar bun ag an DUP.

“Diúltaíonn siad [an DUP] fós glacadh le sochaí atá bunaithe ar chearta. Tá pobal na Gaeilge fós ar a ndícheall ag iarraidh aitheantas a fháil dá bhféiniúlacht chultúrtha agus go léireofaí meas ar an bhféiniúlacht sin.

“Caithfidh an DUP a thuiscint go bhfuil deireadh go deo leis an Stát Aon-Pháirtí Oráisteach agus gurb é ár leas meas a leiriú ar ár gcomharsana.

“Ní féidir leo drochmheas a bheith acu níos mó orainne gur mór againn ár bhféiniúlacht chultúrtha Ghaelach ná ár gcearta a shéanadh orainn. Ní éireoidh le hiarracht an DUP an clog a chur siar,” a dúirt Máirtín Ó Muilleoir ar toghadh i dtoghchán tionóil an Mhárta é do Shinn Féin.

In ainneoin gur thug ceannaire an DUP le fios Dé Luain go raibh maolú tagtha ar dhearcadh a páirtí i leith cheist an Achta Teanga, dúirt Gregory Campbell go neamhbhalbh ó shin “nach mbeadh aon Acht Gaeilge ann” agus gurb é an port céanna sin a bhí agus a bheidh ag an bpáirtí. Dúirt Jim Shannon, atá ag seasamh don DUP i dtoghchán Westminster na míosa seo chugainn, nach raibh aon athrú poirt ag Arlene Foster ó dúirt trí mhí ó shin nach nglacfadh an DUP choíche le hAcht Teanga.

Fág freagra ar '‘Tá deireadh leis an Stát Aon-Pháirtí Oráisteach agus ní féidir leis an DUP cearta a shéanadh ar Ghaeilgeoirí níos mó’ – SF'