Tá géarghá le seirbhís chónaitheach do dhaoine atá tugtha do dhrugaí i nGaillimh chun dul i ngleic leis an bhfadhb mhór atá leo i gConamara agus i gceantair eile ar fud an chontae.
B’in a bhí le rá ag dochtúir teaghlaigh agus comhairleoir andúile a bhíonn ag plé le fadhb na ndrugaí i nGaillimh agus iad ag rá go bhfuil cúrsaí imithe in olcas le blianta beaga anuas.
Agus é ag labhairt sa chlár faisnéise Snaoisín Bán a craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo, dúirt an comhairleoir andúile Joe Treacy, atá ag obair i nGaillimh ó 1989, go bhfuil fadhb an chócaoin méadaithe go mór, go háirithe le dhá bhliain anuas.
“Tá sé i ngach bóithrín, gach baile, gach áit, níl aon áit nach bhfuil sé ann,” a dúirt sé.
Dúirt Treacy go bhfuil daoine ag gach aois tugtha don druga, “ó 17 go 70”, agus meon gan bhunús ann nach bhfuil mórán dochair sa chócaon.
Dúirt an dochtúir teaghlaigh Micheál Ó Cathasaigh go raibh fadhb an chócaoin go fada fairsing i gConamara.
“Tá sé ann le cúpla bliain anuas agus tá sé le feiceáil anois. Amuigh faoin tuath tá go leor daoine le siomptóim agus tá siad ag teacht isteach go dtí na surgeries amuigh faoin tuath anois le fadhbanna ag baint le cócaon. I gConamara – chonaic mé cásanna, go mórmhór le bliain anuas…níl a fhios acu an damáiste atá á dhéanamh leis an druga sin.
“Tá daoine ag úsáid an druga seo gach lá…Tá sé across the board idir phroifisiúin agus daoine a mba cheart go mbeadh níos mó eolais acu, tá siad á úsáid freisin.”
Dúirt an comhairleoir Treacy go gcaithfear na seirbhísí cuí a chur ar fáil i nGaillimh dóibh siúd a bhfuil fadhbanna acu. Dúirt sé go mbíodh suas le 900 duine sa bhliain ag freastal ar aonad i bPáirc Mhuirlinne, seirbhís a raibh an-mholadh aige di, ach nach ann di ó 2013 nuair a dódh an t-aonad go talamh.
“Níl aon seirbhís atá inchurtha leis sin sa Ghaillimh anois. Tá na daoine [a bhainfeadh leas as a leithéid] fós amuigh ansin…Níl aon in-patient treatment i gcathair mhór cosúil le Gaillimh.”
Dúirt an dochtúir Micheál Ó Cathasaigh gur chóir go mbeadh áit speisialta ann i gcathair na Gaillimhe nó sa cheantar timpeall uirthi chun a leithéid de seirbhís a chur ar fáil.
In ainneoin éilimh na beirte, dúirt urlabhraí de chuid an HSE leis an chlár nach raibh gá le seirbhís chónaithe i nGaillimh.
“Ní léir dúinn go bhfuil aon ardú mór tagtha ar líon na ndaoine atá ag fáil cóir leighis mar gheall ar iad a bheith tugtha don druga cócaon. Mar gheall air sin, ní theastaíonn aon aonad cónaithe breise a chur ar fáil,” a dúradh.
Tugadh léargas sa chlár freisin ar na dúshláin atá roimh an Gharda Síochána agus an eagraíocht sin ag iarraidh dul i ngleic le fadhb an chócaoin.
Tháinig méadú os cionn 50% ar an líon daoine ar rug na Gardaí orthu agus drugaí ina seilbh acu i gConamara idir 2021 agus 2022 ach dúradh sa chlár nach bhfuil ach acmhainní teoranta acu chun déileáil leis an fhadhb.
Mheas an Bleachtaire Sáirsint Colm Mac Donnchadha nach bhfuil sna drugaí a ghabhann na gardai ach 10% den mhéid atá amuigh ansin.
“Tá [drugaí] fairsing agus ó thaobh an méid daoine a mbeireann na Gardaí orthu agus drugaí ina seilbh, bíonn sé sin ag ardú bliain i ndiaidh bliana…ach níl ansin ach céatadán beag den méid drugaí atá amuigh ansin…Níl muid ag fáil ach thart ar 10% den méid drugaí atá ar fáil, thart ar an méid sin.”
“Tá fadhb mhór amach romhainn ó thaobh cócaoin de, ní hamháin i gConamara ach ar fud na tíre. Ó thaobh ceantar tuaithe de, fadhb í seo nár cheap muid go bhfeicfeadh muid go brách, ach tá faitíos orm anois go bhfuil sí i ndán dúinn.”
Sa chlár, bhí cur síos pearsanta ó fhear óg amháin, 32, a bhí tugtha do chócaon faoin dochar ollmhór a rinne sé sin do gach cuid dá shaol, agus mar a mhéadaigh an fhadhb ón gcéad líne cócaoin a thóg sé go dtí go raibh sé ag tógáil luach €500 den druga sa lá.
Is í Treasa Bhreathnach a léirigh an clár, agus is é Cóilín Ó Neachtain a láithrigh. Is féidir éisteach siar le Snaoisín Bán ag www.rte.ie/rnag.
Fág freagra ar '‘Tá daoine ó 17 go 70 tugtha de’ – éileamh ar sheirbhísí chun tacú le daoine atá tugtha don chócaon i nGaillimh'