‘Tá daoine ann a bhíonn ag iarraidh stop a chur le forbairt nua ar bith i gConamara’ – lucht forbartha ‘Óstán An Chuain’

Deir an dream ar diúltaíodh dá n-iarratas ar chead pleanála d’óstán nua sa Spidéal go mbíonn cuid de mhuintir an cheantair ag iarraidh ‘stop a chur le forbairt ar bith’ fiú más ‘meath’ an cheantair an toradh air sin

‘Tá daoine ann a bhíonn ag iarraidh stop a chur le forbairt nua ar bith i gConamara’ – lucht forbartha ‘Óstán An Chuain’

Tá cáineadh géar déanta ag lucht forbartha óstán ‘An Cuan’ ar an Spidéal ar dhream de mhuintir na háite , a deir siad, a bhíonn ag iarraidh “stop a chur le forbairt nua ar bith sa cheantar, fiú má chiallaíonn sin go dtiocfaidh meath ar an gceantar”.

Tuairiscíodh inné go raibh diúltaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe cead pleanála a thabhairt don chomhlacht Baile Éamoinn Teoranta óstán ceithre réalta, darbh ainm ‘An Cuan’, a thógáil ar shuíomh soir ó bhaile an Spidéil, in aice leis an gCeardlann agus díreach trasna ó Thrá na mBan.

I ráiteas ón gcomhlacht a rinne an t-iarratas ar chead pleanála don óstán, Baile Éamoinn Teoranta, rinneadh cáineadh géar ar an gComhairle agus ar dhream de mhuintir na háite a chuir in aghaidh na forbartha.

Dúirt Rónán Bairéad ó Baile Éamoinn Teoranta go raibh dhá dhream ann a chuir in aghaidh na forbartha, dream amháin a raibh “ceisteanna fiúntacha” faoin togra acu agus dream eile “ar nós leo go minic, de réir cosúlachta, cur in aghaidh forbairtí nua sa cheantar”.

Mhaígh Bairéad gur tugadh aird ar cheisteanna “bailí” an chéad dreama, ceisteanna a bhain le cúrsaí tráchta agus cosán i mBaile Éamoinn, ach mhaígh sé gur dearcadh “gearr-radharcach” díobhálach a bhí ag an dara dream.

Dúirt Bairéad gur mian leis an gcomhlacht a bheith ina “gcomharsana maithe” agus go raibh áthas orthu athruithe a dhéanamh ar a n-iarratas bunaithe ar thuairimí mhuintir na háite.

“Sin mar is ceart cúrsaí a bheith, dar linn, agus is mian linn buíochas a ghlacadh le muintir na háite a thug na nithe sin chun ár n-aire. Tá an próiseas pleanála ceaptha a bheith dearfach agus tá sé ann chun nithe den chineál seo a ardú agus a réiteach i gcomhar le chéile,” a dúirt Rónán Bairéad.

Dúirt sé, áfach, go raibh lucht Baile Éamoinn Teoranta “tagtha ar an tuairim, bíodh sin cruinn nó ná bíodh” go bhfuil sé mar aidhm ag daoine áirithe sa cheantar “stop a chur le forbairt nua ar bith” fiú más “meath” an cheantair an toradh air sin.

“Dearcadh gearr-radharcach é seo, dar linn, mar an té nach ndéanann tada is ionann sin dáiríre agus dul ar gcúl. Cothaíonn diúltachas tuilleadh diúltachais agus dá réir sin níl sé i gceist againn tada eile a rá faoin dream seo ach gur mó an dochar ná an mhaith a dhéanann an cineál seo diúltachais,” a dúirt Rónán Bairéad.

Dúirt sé go raibh an comhlacht ag iarraidh “leas an Spidéil agus leas Ghaeltacht Chonamara a dhéanamh” agus gur ghoill “an mhífhaisnéis” a scaip daoine áirithe maidir leis an togra go mór orthu. Luaigh sé go háirithe “feachtas diúltach” a cuireadh ar bun ar Facebook faoin ainm “Eolas An Spidéal”.

“Dá mbeadh muid ag tosú ón tús arís ba é ár nguí go scríobhfadh tuilleadh de ghnáthmhuintir an cheantair chuig an gComhairle Contae lena dtacaíocht don óstán a chur in iúl go follasach. Is minic nach gcluintear guth an ghnáthdhuine.

“Is iad na guthanna diúltacha is túisce a thagann chun cinn go minic, áfach, agus a fhanann chun tosaigh. Ní foláir don mhóramh a dtuairim a chur in iúl, dar linn,” a dúirt Rónán Bairéad ó Baile Éamoinn Teoranta.

Fág freagra ar '‘Tá daoine ann a bhíonn ag iarraidh stop a chur le forbairt nua ar bith i gConamara’ – lucht forbartha ‘Óstán An Chuain’'

  • Cat NíC

    Tá fíor bhrón orm seo a chloisteáil. Ón méid a thuigim bhí sár-iarracht déanta ag Rónán Bairéad agus a chomhghleacaithe chun an óstán a thógáil ar bealach a bheadh tairbheach don Spidéal agus don cheantar & fiú go mbeadh innealtóireacht leis a cuireadh stop le damáiste tuillte do ghnólachtaí thart timpeall air. Beidh mé ag scríobh chuig planning@galwaycoco.ie i dtacaíocht don togra & tá súil agam go ndéanfaidh daoine eile an rud céanna & go bhfeicfidh siad an leas a d’fhéadfadh a bheidh anseo don cheantar. An bhfuil aon seoladh eile an mheasann sibh gur chóir dhúinn scríobh chucu?