‘Tá ‘curried yoghurt’ Gregory Campbell toxic’ – Aire Dlí Stormont

Tá cáineadh géar déanta ar an bhfeisire parlaiminte de chuid an DUP Gregory Campbell as filleadh ar sheanmhasla faoin nGaeilge arís eile

‘Tá ‘curried yoghurt’ Gregory Campbell toxic’ – Aire Dlí Stormont

Tá cáineadh géar déanta ar an bhfeisire parlaiminte de chuid an DUP Gregory Campbell as beag is fiú a dhéanamh den Ghaeilge agus masla a thabhairt do lucht a labhartha.

I bpostáil a chuir sé ar a leathanach Facebook, thagair an feisire parlaiminte don chlár Gaeilge Nazi sa Ghaeltacht, a craoladh ar an BBC aréir, agus do ráiteas conspóideach a rinne sé féin mar mhagadh faoin nGaeilge in 2014.

“I’m informed that BBC 2 NI had a programme on tonight about a suspected German spy who lived in the RoI during the war.

“The humorous bit was when he was supposed to have spoken Irish with a German accent. I vill not be tempted to ask vot is dis curried yoghurt mein herr,” a scríobh Campbell.

Tagairt ab ea ‘curried yoghurt’ d’eachtra in 2014 inar cuireadh cosc lae ar Campbell labhairt i gComhthionól Stormont nuair a rinne sé ‘scigaithris’ ar an abairt ‘Go raibh maith agat, a Cheann Comhairle’.

“Curry my yoghurt can coca coalyer,” a dúirt Campbell mar mhagadh le linn díospóireacht sa chomhthionól.

Bhí Aire Dlí Stormont agus ceannaire pháirtí an Alliance, Naomi Long, ar dhuine de na daoine a cháin Campbell as filleadh ar a sheanmhaslaí. Iompar “gangaideach” a bhí ar bun aige, a dúirt Long.

Dúirt an comhalta tionóil de chuid Shinn Féin Emma Sheerin go raibh an phostáil “gránna agus maslach”.

Mhaígh ceannaire Shinn Féin sa Seanad Niall Ó Donnghaile gur léiriú eile an chonspóid ar an ngá scagadh a dhéanamh ar conas mar a chaitheann na meáin le ráitis frith-Ghaeilge.

I mí Feabhra na bliana seo, ghabh an láithreoir aitheanta de chuid an BBC Stephen Nolan leithscéal as an tslí ar iompair sé é féin agus ceist na Gaeilge á plé ar a chlár teilifíse le Niall Ó Donnghaile.

San agallamh, a craoladh in 2014, d’fhiafraigh Nolan arís agus arís eile de Niall Ó Donnghaile ar chúis ghrinn é ‘curry my yoghurt can coca cola’, an ráiteas conspóideach a rinne Gregory Campbell.

Fág freagra ar '‘Tá ‘curried yoghurt’ Gregory Campbell toxic’ – Aire Dlí Stormont'

  • Paul Laughlin

    Is beag an rud a chuireann amadán ag gáire

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    B’fhiú do Gregory Campbell taighde beag a dhéanamh ar a shloinne féin, a chialaíonn “cam béal” i Gàidhlig na hAlban agus a tháinig go hÉirinn leis na gallóglaigh, is cosúil (The Surnames of Ireland, Edward MacLysaght).