Tá cúlú eacnamaíochta ag teacht, cé nach mbeadh a fhios agat ar lucht na heite clé é

Fad is a dhéantar an ghlúin a fheacadh do na fórsaí atá i gcumhacht san Aontas Eorpach beidh orainn íoc as

Tá cúlú eacnamaíochta ag teacht, cé nach mbeadh a fhios agat ar lucht na heite clé é

Pictiúr: RollingNews.ie

Táthar ag tuairisciú go bhfuil geilleagar na Gearmáine ar tí dul ar gcúl. Seo an geilleagar is láidre san Aontas Eorpach agus an ceann ar a mbíonn fuinneamh na hEorpa ag brath.

Tá an Ghearmáin buailte ag an gcogadh trádála idir Meiriceá agus an tSín, agus Trump ag bagairt go háirithe ar thionscal na gcarranna sa Ghearmáin, an tionscal atá i gcroílár chúrsaí eacnamaíochta sa tír sin agus, dá bharr sin, i gcroílár eacnamaíocht an Aontais ar fad.

Ach rud níos tábhachtaí is ea drogall na Gearmáine airgead a chaitheamh chun cúlú eacnamaíochta a chur ó dhoras. Mar gheall ar chúrsaí staire agus an bhaint a bhí ag boilsciú le teacht i gcumhacht Hitler, is dogma ag eacnamaithe na Gearmáine é gur gá srian docht a choinneáil ar chaiteachas airgid.

Is é an dogma sin a bhí taobh thiar de chinneadh na Gearmáine déine a bhrú ar bhallstáit an Aontais – cinneadh a dhein an-dochar don Ghréig agus a chuir go mór le deacrachtaí na hIodáile agus na hÉireann féin.

Maíonn eacnamaithe go bhfuil an cumas ag Banc Ceannais na hEorpa maolú a dhéanamh ar na deacrachtaí a d’eascródh as cúlú sa Ghearmáin ach an sparán a oscailt, ach tá an Ghearmáin meáite ar chur in aghaidh beart ar bith den chineál sin.

Eascraíonn fadhbanna eile as doicheall na Gearmáine roimh chaiteachas, sa mhéad is go bhfuil sé in aghaidh rialacha fioscacha an Aontais airgead a chaitheamh thar theorainneacha áirithe.  Sin í an riail a leagadh síos sa gComhaontú Fioscach.

Tá na srianta sin sáraithe ag an Iodáil agus tá sé ina raic cheana dá bharr. Ach bíonn srianta orainne freisin maidir le hairgead a chaitheamh ar chúrsaí uisce, mar shampla, agus tá riail ann go gcaitear ligean don earnáil phríobháideach dul i gcomórtas leis an stát maidir le fiontair infreastruchtúir, ar nós an leathanbhanda.

Goilleann na polasaithe seo agus an dearcadh atá taobh thiar díobh ar an aicme oibre i gcoitinne ar fud na hEorpa. Go stairiúil ba iad páirtithe na heite clé a sheas ar son na haicme sin is a labhair ar a son.  Ach cá bhfuil an eite chlé anois?

Tá beagnach na páirtithe ar fad de chuid an daonlathais shóisialta ar fud na hEorpa buailte, agus iad buailte go háirithe sa Ghearmáin.

Tá correisceacht ann. Sheas páirtí na ndaonlathach sóisialta sa Phortaingéil in aghaidh na déine agus choinnigh siad a gcuid tacaíochta, agus tá ábhar dóchais i Sasana go gcuirfidh Jeremy Corbyn an Labour Party ar ais ar bhóthar an tsóisialachais.

Eisceacht eile is ea an Spáinn, ach tá na daonlathaigh shóisialta i gcumhacht ansin mar gheall ar mheath na bpáirtithe eile, a fhágann nach féidir aon rialtas buan a bhunú.

In Éirinn ar ndóigh, bíonn Páirtí an Lucht Oibre s’againne ag 5% go hiondúil sna pobalbhreitheanna agus gan aon chomhartha ann go dtiocfadh siad chucu féin arís.

Is é atá le tabhairt faoi deara sna samplaí seo ar fad ná gur thréig na páirtithe an aicme oibre nuair a ghlac siad leis gur rud riachtanach an nua-liobrálachas.

In Éirinn fágann sin go bhfuil an córas in aimhréidh ar fad maidir le cúrsaí tithíochta, sláinte agus oideachais. Tá an geilleagar féin i mbaol agus an Breatimeacht ag bagairt orainn agus tá páirtithe an nualiobrálachais – Fine Gael agus Fianna Fáil – go mór chun tosaigh ar na páirtithe a éilíonn malairt polasaí.

Tá na páirtithe ar an eite chlé ag troid lena chéile, agus líon a gcuid vótaí ag titim an t-am ar fad. Tá seo amhlaidh mar gur ar éigean go bhfuil aon ról suntasach ag Sinn Féin nó aon pháirtí eile ar an eite chlé i gcúrsaí Breatimeachta, gan ach sampla amháin a lua. 

In áiteanna eile san Eoraip tá an bhearna atá fágtha ag an eite ché á líonadh ag páirtithe na heite deise: Salvini san Iodáil, Orban san Ungáir, Johnson i Sasana agus, ar ndóigh, tá Trump agat i Meiriceá.

Ach fós níl lucht na heite clé sásta a aithint gurb é tréigean na haicme oibre a thug an deis sin don eite dheis.

Más iad páirtithe na heite deise an t-aon dream atá ag trácht ar dhearóile na gceantar a bhíodh ina gceantair mhóra tionsclaíochta san Eoraip, is iad páirtithe na heite deise a gheobhaidh tacaíocht mhuintir na gceantar sin.

Ní haon slánaitheoirí na Glasaigh ach an oiread, mar cé go labhraíonn siad go hionraic faoi ghéarchéim na haeráide níl aon leigheas acu uirthi ach tuilleadh caiteachais a n-íocfaidh an aicme oibre as le cáin charbóin is eile.

Tá baol dáiríre anois ann go mbeidh cúlú eacnamaíochta againn agus an tAontas Eorpach fós faoi smacht na Gearmáine maidir le srian a choinneáil ar chaiteachas.

Is cuma leo nach cabhair ar bith d’aon gheilleagar polasaí déine, agus dá dheasca sin tá baol mór ann go bhfuil an déine chugainn arís– déine don aicme oibre thairis aon dream eile.

Má tharlaíonn sin, beidh sé éasca againn an milleán a chur ar na Sasanaigh agus ar an mBreatimeacht, ach an fhaid is a dhéantar an ghlúin a fheacadh do na fórsaí atá i gcumhacht san Aontas beidh orainn íoc as.

Fág freagra ar 'Tá cúlú eacnamaíochta ag teacht, cé nach mbeadh a fhios agat ar lucht na heite clé é'