Mí an Mheithimh 1950, agus bhí an aimsir go hálainn.
Ní raibh a hathair feicthe ag an gcailín beag ón lá a ndearna sí a Céad Chomaoineach.
Bhí sí ag súil go mór é a fheiceáil an lá áirithe seo.
Garda a bhí ann agus bhí sé lonnaithe i Stáisiún Uachtar Ard agus an chlann ag cur fúthu ar an gCeathrú Rua. Ach bhí sé i mBóthar na Trá don deireadh seachtaine – bhí stailc ar siúl i Gaillimh agus bhí gá le gardaí breise.
Bhreathnaigh sí amach – chonaic sí garda faoi éide ag teacht i dtreo an dorais. A hathair a bhí ann – cinnte!
Ach níorbh é.
Ghlac an garda ag an doras leithscéal ach drochscéala a bhí aige – bhí an Garda Muiris Ó Súilleabháin tar éis bháis sa bhfarraige siar ó Bhóthar na Trá.
Bhí sé 46 bliain d’aois.
“Bíonn daoine ag rá liomsa fós, go dtí an lá inniu, nach bhféadfainn cuimhneamh siar ar an am sin,” a deir Máire Kavanagh, iníon leis. “Ach, tá cuimhní an-soiléir agamsa faoin lá sin agus go háirithe faoin am a chaith mé le m’athair roimhe sin.”
Nuair a rugadh Máire, bhí Muiris éirithe as na gardaí agus é gaibhte i mbun pinn go lánaimseartha.
“Samhlaigh é sin,” a dúirt sí liom. “Ní raibh sé pósta ach roinnt seachtainí agus d’inis sé dá bhean chéile go raibh sé ag fágáil na ngardaí.”
Thug sé a bhean chéile go Ciarraí agus i measc na n-áiteanna ar thug siad cuairt orthu, chaith siad seachtain ar an mBlascaod Mór.
D’éirigh chomh maith sin lena chéad leabhar Fiche Bliain ag Fás, a bhí bunaithe ar a óige ar an oileán, gur cheap sé go mbeadh a ghairm sna scríbhneoireacht lánaimseartha.
Foilsíodh leaganacha Béarla agus Gaeilge an lá céanna (dhiúltaigh An Gúm é a fhoilsiú) agus bhí ráchairt mhór air ar an toirt. Ar ndóigh, ba mhór an chabhair a thug an t-úrscéalaí EM Forster dó nuair a scríobh sé an Réamhrá.
Go deimhin, go dtí an lá inniu, tá an leabhar i gcló. Foilsíodh ins an iliomad teangacha éagsúla é ar fud an domhain.
Bhí gach cosúlacht ar an scéal go mbeadh rath air ina cheird mar scríbhneoir.
Ach ní mar sin a thit cúrsaí amach. Is cuimhin le Máire gur chaith sise an t-uafás ama leis agus é sa mbaile ar an gCeathrú Rua.
“Bhíodh sé thuas ina sheomra ag scríobh. Is cuimhin liom é ansin agus é ag caitheamh a phíopa,” a deir sí. Ach tar éis trí bliana déag d’obair chrua agus gan mórán dá barr, chinn Muiris a dhul ar ais sna gardaí.
Rud an-neamhchoitianta a bhí ansin. Fuair sé tacaíocht ó Earnán de Blaghd lena iarratas do na gardaí.
Thug Muiris aitheantas speisialta dó ina leabhar cáiliúil nuair a thiomnaigh sé an leabhar dó na blianta roimhe sin.
Ar aon nós, glacadh lena iarratas agus ligeadh ar ais é. Sé mhí a bhí caite aige sna gardaí, é ar dualgas in Uachtar Ard an samhradh sin i 1950 agus é in aois a 46 bliain. Bhí Máire sé bliana d’aois.
“Bhí an oiread sin cion aige ormsa nach ligfeadh sé ag an scoil mé,” a dúirt sí. “B’in an chéad bhliain a ndeachaigh mé ag an scoil agus ar chúis éigin bhí an Chéad Chomaoineach déanta agam.”
Is cuimhin léi gur lá mór a bhí ann.
Bheartaigh a máthair í a thabhairt ar ‘spin’ chomh fada le Mainistir na Coille Móire. Fuair sí carr don ócáid. Agus ar an mbealach ar ais go Gaillimh, bhuail siad isteach ag stáisiún na ngardaí in Uachtar Ard go bhfeicfeadh a Deaide í ina feisteas Céad Comaoineach.
“Is cuimhin liom gur dhamhsaigh mé ríl dó i stáisiún na nGardaí ansin.”
Chuaigh sise, a máthair agus Muiris ar aghaidh go Gaillimh ansin áit a ndeachaigh siad ag an bpictiúrlann. Ní fhaca sí a hathair riamh arís ina dhiaidh sin.
“Chaith mé mo chuid ama uilig in éindí leis,” deir Máire. “Deireadh mo mháthair – ‘féach ar an amadán sin, ní chuireann sé an páiste sin síos ariamh’.”
Is cuimhin léi go raibh an-saol go deo acu ar an gCeathrú Rua. Bhíodh a máthair ag coinneáil ‘Gaeilgeoirí’ ach, murab ionann agus scoláirí óga an lae inniu, ba Ghaeilgeoirí fásta, mic léinn agus an lucht acadúil den chuid is mó, a d’fhanadh leo.
“Bhíodh ceol againn sa teach chuile oíche,” a deir sí.
Ar ndóigh ba amhránaí aitheanta í a máthair, Cáit.
“Bhíodh ceirníní de chuid John McCormack á gcasadh aici.”
Ach, tar éis na mblianta den scríbhneoireacht gan aon toradh fónta air, chaith Muiris a pheann uaidh. Is cuimhin le Máire gur tharraing sé anuas an cás beag éadrom a bhí aige. I mí Feabhra na bliana sin, 1950, chuaigh sé isteach sna gardaí den dara huair.
“D’imigh sé go tobann.”
Agus cé go bhfilleadh sé anois is arís, ba léir gur thug an obair ón gclann é. Ba ghnáthrud é sin sna gardaí ag an am.
Agus nuair a cuireadh go hUachtar Ard é, b’ionann é sin agus a bheith i bhfad ó bhaile.
Níor fhill Máire ariamh ar an áit a bhásaigh Muiris. Amach ó Chnoc na Cathrach áit éigin, ceapann sí.
Snámhaí láidir a bhí ann, ach measann sí go ndeachaigh sé rófhada amach agus gur chinn sé air snámh in aghaidh an tsrutha ar a bhealach ar ais. Bhí sé tugtha leis an iarracht. Fuair sé taom croí agus gan é ach i sé horlaí d’uisce.
Seachtó bliain an mhí seo (an 25 Meitheamh) a fuair an scríbhneoir cáiliúil Muiris Ó Súilleabháin bás i nGaillimh.
Mícheál de Mórdha
Bean uasal macánta agus ard chuideachta is ea Máire agus comhrátí iontach. Bheifeá faoi dhraíocht aici is í ag labhairt.
Trócaire sa chré ar Eoin Ó Súilleabháin, a chéile Cáit agus a mhac Eoghain…