Casfar cúig chineál duine ort ag na doirse Oíche Shamhna…

Is dóigh gur deacair féile a shárú ina dtéann tú ag teach na gcomharsan is go dtugann siad milseáin duit

Casfar cúig chineál duine ort ag na doirse Oíche Shamhna…

‘Is fearr liom oíche Shamhna ná lá Nollag,’ a dúirt Beainín na Naíonáin Bheaga liom roinnt míonna ó shin. An raibh a fhios agat gurb í Oíche Shamhna an Nollaig nua? Is dóigh gur deacair féile a shárú ina dtéann tú ag teach na gcomharsan is go dtugann siad milseáin duit.

Tá pictiúirí de phuimcíní is zombaithe á dtarraingt, tá cultacha Samhna á bpleanáil agus tá géardhíospóireachtaí ar bun ar bhuanna agus ar laigeachtaí milseáin éagsúla a d’fhéadfá a fháil i do mhála Oíche Shamhna.

Tá cúig chineál duine ann a chasfar ort ag na doirse Oíche Shamhna.

An té a fhreagraíonn an doras, ach nach bhfuil tada acu

‘Mo chuimhne, is mo dhearmad is mo charbad dóite!’ a deir tú. ‘Fan soicind!’ agus téann tú siar sa teach ag cartadh sna preasanna. Tagann tú aniar arís agus lán do dhá ghlaic agat de Rice Krispies agus mála siúcra faoi d’ascaill. ‘Anois, ná habair nár thug mé tada riamh duit!’ a fhógraíonn tú is an t-arbhar agus an siúcra á gcaitheamh síos sna málaí agat.

An té nach bhfreagraíonn an doras ar chor ar bith

D’fhéadfadh go ndearna tú dearmad glan ar Oíche Shamhna. Nó d’fhéadfadh go bhfuil tú bréan de pháistí ag bualadh ar chloigín an dorais ó lár mhí Mheán Fómhair ag lorg milseáin is go bhfuil tú i bhfolach sa seomra suí ag léamh faoin mBreatimeacht ar Twitter agus na soilse múchta agat.

An té a thugann cnónna agus úlla

Dháiríre? Cnónna? Úlla? Tá do chroí san áit cheart, seans gur léigh tú The Case Against Sugar le deireanas agus go bhfuil tú ag iarraidh do chuid a dhéanamh in aghaidh earnáil ollmhór an tsiúcra. Tá faitíos orm nach fiú duit an cath sin a throid Oíche Shamhna. Níl aon mheas ag páistí ar oiméige-3, ná ar vitimín E, ach an oiread.

An té a thugann milseáin amach as bosca Roses 

Má tá bosca Roses fós sa teach agat is é sin le rá go bhfuil siad ann ón Nollaig seo caite. Nó tá tú tosaithe ar shiopadóireacht na Nollag cheana féin. Cibé ceann acu é, níl tú ag maireachtáil san am i láthair.

Bain triail as teicnící aireachais chun do spiorad a dhaingniú san am i láthair. Tabhair aird ar an saol mórthimpeall ort.

Tá baol ann go gcaillfidh tú do chiall má fheiceann tú oiread is puimcín amháin eile, ach tá sé sin ok. Scaoil amach na mothúcháin, aireoidh tú níos fearr.

An té a thugann barraí próitéine agus sú féar cruithneachta (tarlaíonn sé)

Tá imní orainn fút. Sea, tá na matáin séidte, tá na hab-anna shredáilte, ach, an bhfuil baol ann go bhfuil tú imithe ró-fhada leis?

Fág freagra ar 'Casfar cúig chineál duine ort ag na doirse Oíche Shamhna…'