Tá cuid de lucht na Gaeilge níos dílse don státchóras ná mar atá siad don teanga  

Tá sé níos éasca a mhíniú do phobal na Gaeilge cén chúis go bhfuil teorainn lenár gcearta teanga ná mar atá sé na cearta sin a chinntiú dúinn

Tá cuid de lucht na Gaeilge níos dílse don státchóras ná mar atá siad don teanga  

Le roinnt blianta anuas tá mé ag stocaireacht go mbeadh aitheantas oifigiúil ag m’ainm agus ag mo sheoladh i nGaeilge sa stát seo.  Ní haon rud nua é seo domsa ná do go leor eile agus shílfeá go bhfuil streachailt chultúrtha mar chuid lárnach den oidhreacht lenar rugadh muid.  Ach cé leis a bhfuil muid ag streachailt?  

An dlí?  Tá neart cosanta ag an nGaeilge sa gcóras, go háirithe sa Bhunreacht. Ach ní thugtar dóthain airde air seo.  Go deimhin, is cosúil gur féidir le hinstitiúidí, comhlachtaí agus ranna stáit áirithe neamhaird iomlán a dhéanamh ar an bhunreacht nuair a oireann sé dóibh dearmad a dhéanamh ar stádas na Gaeilge ann.

Na Béarlóirí?  Mheasainn go bhfuil tromlach de phobal na tíre báúil go maith leis an nGaeilge agus tá sin cruthaithe i suirbhéanna éagsúla in imeacht na mblianta.  Níl aon dochar sa bháúlacht sin ach níl mórán maitheasa léi nuair nach bhfuil gníomh tacaíochta i gceist. Cinnte, creidim nach bhfuil an ghráin chéanna acu orainn is a bhíodh tráth den saol. Iad siúd ar ghráin leo an teanga agus lucht a labhartha, níl mórán acu ann agus níl siad eagraithe.

Na Polaiteoirí?  Is cinnte go bhfuil siad báúil den chuid is mó agus tá go leor acu a bheadh breá sásta seasamh leis an teanga ar son pointí polaitiúla a dhéanamh agus vótaí a fháil aisti dóibh féin. Níl mé ag maíomh go bhfuil siad díograiseach faoin nGaeilge ach dá mbeadh an deis acu tacú léi tá mé cinnte go mbeidís sásta sin a dhéanamh.  Dhéanfaidís sin ach gan an iomarca oibre a tharraingt orthu féin dá bharr, ar ndóigh.

Is dócha go bhfuil neart cúiseanna eile ann ach i mo thuairimse, inár measc féin, na Gaeil, atá na daoine is mó lena bhfuil muid ag streachailt.  Tá mé ag smaoineamh go háirithe orthu siúd a bhain buntáiste agus bua as an teanga leis an dréimire fostaíochta a dhreapadh agus atá suite go compordach i bpoist mhaithe in iliomad eagraíochtaí, ranna agus comhlachtaí stáit.

Ba chabhair í an teanga i gcónaí do dhaoine le harduithe céime a fháil agus dul chun cinn a dhéanamh sa chóras stáit. Go deimhin, is ansin atá cuid de na jabanna is fearr a bhfuil cúiteamh le fáil astu i saol na Gaeilge agus tá cuid den dream is éirimiúla agus is ábalta i measc lucht na Gaeilge sna poist shinsearacha sin.  

Tá aithne agam féin ar chuid acu agus is daoine breátha iad.  Níl aon cheist ach go bhfuil siad sároilte agus breá ábalta ar an obair atá á déanamh acu.  Ach cén obair í sin?

Cosaint a dhéanamh ar an easpa straitéise don Ghaeilge nó an teip aon straitéis cheart teanga a fheidhmiú? Feictear domsa go bhfuil cuid acu níos dílse don status quo ná aon rud eile. Tá sé níos éasca acu a mhíniú do phobal na Gaeilge cén chúis go bhfuil teorainn lenár gcearta teanga ná mar atá sé acu na cearta sin a chinntiú dúinn. 

Ar ndóigh, tá sé de dhualgas orthu ó am go chéile labhairt le ‘headers’ ar mo nós féin atá ag iarraidh aitheantas oifigiúil do m’ainm, do mo theanga agus do mo chultúr.  Tá sé de dhualgas orthu na hAirí agus ceannasaíocht an státchórais a chosaint nuair atá 10 mbliana eile curtha amú ar chaint láidir as bolg lag.  

Tá sé de dhualgas ar chuid acu tuairiscí fadálacha a chur le chéile ar phleananna teanga a dhíríonn an fhreagracht ar ais ar an bpobal féin.

An dul chun cinn a ba cheart a bheith á dhéanamh i gcás na teanga a mhoilliú nó a stopadh a bhíonn mar thoradh ar chuid dá gcuid oibre i réimsí éagsúla den saol. B’éasca teacht ar an tuairim go bhfuil sin mar pholasaí neamhoifigiúil ag an státchóras agus go bhfuil cuid de na Gaeil seo níos dílse i ndeireadh an lae don státchóras ná mar atá siad don Ghaeilge.  

Bíonn sé rómhall acu suntas a thabhairt don easpa dul chun cinn ó thaobh na teanga faoin uair a dtéann siad féin ar scor in aois an phinsin. Ní fiú éisteacht lena gcuid gearán an uair sin nuair nach ndearna siad gníomh fónta nuair a bhí deis acu sin a dhéanamh.

An té a sheasann sa mbealach ar aon dul chun cinn suntasach ó thaobh na Gaeilge de tá siad ag feidhmiú in aghaidh na Gaeilge. Má tá siad ag feidhmiú in aghaidh na Gaeilge, bheadh an teanga in áit níos fearr dá n-uireasa. 

Tá chuile shaineolaí ag insint dúinn faoi ghéarchéim na teanga agus na Gaeltachta agus is fíor dóibh. Deirtear linn go mbeidh an Ghaeilge básaithe mar theanga phobail sa Ghaeltacht laistigh de ghlúin amháin. Sin í an fhírinne. 

Mura bhfuil muid mar phobal i ndáiríre faoin nGaeilge bhí sé chomh maith againn glacadh leis an ngalldú agus éirí as.  

Tá siad ag plé tábhacht na Gaeilge agus an Bhille Teanga nua sa Dáil faoi láthair. 

‘Just like the time before, and the time before that,’ mar a deir Bob Dylan.  

An cur i gcéill an rud is measa ar fad.   

Fág freagra ar 'Tá cuid de lucht na Gaeilge níos dílse don státchóras ná mar atá siad don teanga  '

  • Bríd

    Quangos na Gaeilge lonnaithe san Ardchathair. Ní fearr iad a bheith inár measc sna ceantair Ghaeltachta lena gcur i gcéill…..

  • S. Mac Muirí

    Tá an fhírinne lom le feiceáilt san alt so ag Ciarán. Tá gearán déanta aige faoi rud chomh bunúsach lena fhéiniúlacht féin mar neach dleathach os comhair an tsaoil. Tá seasamh ainmneacha Gaeilge chomh guagach so mar gur choinnigh an fostát abhus dlí coiteann shasana. Seo réimse den saol arbh fhiú a dhul chun caingne faoi.
    Tá cuid amháin den bhfostát i ndiaidh a inse dhó nach rachaidh sé in éadan na codach eile. Saothraíonn an dá chuid acu saibhreas nach beag 7 tairleamh cumasach i n-earr a saoil ón gcáiníocóir as an leathcheal a imirt air anuas na blianta i rith a shaoil seisean.

  • Sinéad

    Sár-alt! Cur i gcéill na nEagruis Ghaeilge atá ag suí ar photaí óir dóibh féin agus bíodh ag an teanga. Ar a laghad, tuigeann muid uilig é sin anois. Nìl aon leithscéal ag na ceantair Ghaeltachta ceapadh go bhfuil na hEagruis úd mar ghuth ann dóibh.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    ‘ Tá mé ag smaoineamh go háirithe orthu siúd a bhain buntáiste agus bua as an teanga leis an dréimire fostaíochta a dhreapadh agus atá suite go compordach i bpoist mhaithe in iliomad eagraíochtaí, ranna agus comhlachtaí stáit.’ ‘…is ansin atá cuid de na jabanna is fearr a bhfuil cúiteamh le fáil astu i saol na Gaeilge agus tá cuid den dream is éirimiúla agus is ábalta i measc lucht na Gaeilge sna poist shinsearacha sin.’

    An earnáil na Gaeilge atá i gceist san alt seo? Nó an achan rannóg stáit sa phoblacht atá i gceist?

    Más earnáil na Gaeilge atá i gceist d’aontóinn leis an méid atá scríofa, ach tá an iliomad eagraíochtaí, ranna agus comhlachtaí stáit eile ann – nach bhfuil ag déanamh faic chun aitheantas a thabhairt don Ghaeilg – agus bíonn earnáil na Gaeilge ag plé go laethiúil leo. Ach an i nGaeilg a bhíonn a plé sin, nó i mBéarla? Sé mo bharúilse ná go mbíonn an cumarsáid agus na comhfhreagrais uilig i mBÉARLA sa tír seo idir eagraíochtaí Gaeilge/Gaeltachta agus iad siúd nach bhfuil Gaeilg ar bith acu. Nuair a deir duine le cainteoir Gaeilge, ‘I don’t understand Irish, can you speak English’, tiompaíonn an cainteoir Gaeilge ar an Bhéarla ar an toirt agus sin mar a dhéantar neamhiontas agus mar a thugtar neamhaird don Ghaeilg. Dar ndóighe, níl tacaíocht ar bith ag an duine a dhiúltaíonn Béarla a labhairt nó beidh seoinín inteacht eile (de ghnáth, aisteach go leor, is daoine gairimiúla iad na seoiníní seo), réidh agus lánsásta an Bhéarla a labhairt leis an Béarlóir ar an toirt, seachas seasamh leis a té a sheasann don Ghaeilg.

    Agus cad chuige nach bhfuil Gaeilg ar bith ag na hiliomad eagraíochtaí, ranna agus comhlachtaí stáit eile seo?? Dá mbeadh rannóg Gaeilge lastigh de gach eagraíocht, ranna agus comhlacht stáit – agus gréasán ar fud na tíre agus an AE acu – an mbeadh aitheantas níos fearr ag ár dteanga dúchais? D’oibrigh mé san earnáil phoiblí – ag an leibhéal is ísle – cha raibh mé fostaithe in earnáil na Gaeilge agus cha n’fhaca mé, ná níor cuireadh ar an eolas mé fá, rannóg ar leith a bhí ag plé le seirbhís trí mheán na Gaeilge ins na hoifigí/na ranna a bhí mé fostaithe iontu. Go bunúsach, bhí mé liom féin.

    Agus is trí mheán an Bhéarla a bhíonn na ceardchumainn san earnáil phoiblí ag feidhmiú fosta. Dála an scéil, nach bhfuil ceardchumann na n-iriseoirí – an National Union of Journalists – ag feidhmiú go hiomlán trí Bhéarla – fiú leis na hiriseoirí Gaeilge/Gaeltachta? Eagraíocht eile a bunaíodh i Sasain agus atá mar iarsma ó réim Shasana.

    Cuimhnigh go bhfuil rialacha sa státchóras agus leanann achan oibrí iad – is cuma má oibríonn an duine in earnáil na Gaeilge nó nach n-oibríonn. Tá’n tsinsearacht sáite agus dlúth sa chóras phoiblí – níos daingne i ranna áirithe – agus is cosúil go nglactar leis sin.

    Sé’n léamh atá agam ar an tír seo ná go bhfuil go leor, agus leoga barraíocht, eagraíochtaí agus eagrais ann ach nach bhfuil struchtúir ná eagrú ar bith i gceist agus tá an Ghaeilg ag fulaingt dá bharr. Níl ort ach súil a chaitheamh ar shuímh gréasáin na comhairlí contae uilig ar fud na tíre – agus a leagan féin ar achan cheann acu. Tír chomh beag, daonra chomh beag, gan níl tús ná deireadh ar rudaí, gan leanúnachas ná comhsheasmhacht ann.