‘Tá crógacht agus ceannródaíocht Mháiréad Ní Ghráda le moladh níos mó ná riamh’

Cothrom an lae 50 bliain ó bhásaigh an drámadóir agus file Gaeilge Máiréad Ní Ghráda, údar ‘An Triail’, déanann Tuairisc.ie ceiliúradh ar a saol agus a saothar

‘Tá crógacht agus ceannródaíocht Mháiréad Ní Ghráda le moladh níos mó ná riamh’

‘Labhraíonn siad fós linn’

Máirín Nic Eoin
Ollamh Emerita le Gaeilge in Ollscoil Chathair Átha Cliath

Ó céadléiríodh an dráma An Triail le Máiréad Ní Ghráda sa bhliain 1964, aithníodh mar shárshaothar amharclainne é a thug aghaidh go misniúil ar cheisteanna sóisialta agus morálta atá fós ina ndealga i mbeo choinsias mhuintir na hÉireann. Ní hamháin go raibh an scéal atá á chíoradh ann conspóideach ag an am – oidhe máthar neamhphósta agus a hiníne agus iad i ngleic le teaghlach agus le sochaí neamhthuisceanach neamhthrócaireach – ach chuir an teicníocht léirithe go mór le faobhar polaitiúil an tsaothair. Is mar fhianaise os comhair cúirte a chuirtear sonraí an scéil i láthair, agus fágtar an breithiúnas faoi cé a bhí freagrach as bás tragóideach Mháire agus a páiste faoin lucht féachana. Anois agus scéal náireach na n-áras máithreacha agus naíonán os comhair an phobail arís, agus i bhfianaise na conspóide faoin tuarascáil státurraithe ar na hárais chéanna, tá crógacht agus ceannródaíocht Ní Ghráda le moladh níos mó ná riamh. Déantar léamha éagsúla ar ar tharla do Mháire sa dráma, ach tá sé soiléir ó thús deireadh gurb í a fulaingt siúd, agus a grá dá páiste, fócas eiticiúil an scéil. Tugann dráma eile le Ní Ghráda, Breithiúnas (1968), aghaidh chriticiúil ar ghnéithe de chultúr polaitiúil na hÉireann, mar a chonacthas di iad lena linn féin. Tá an saol athraithe go mór ó scríobhadh na drámaí seo, ach labhraíonn siad fós linn agus léiríonn siad go mb’fhéidir gurb iad na saothair ealaíne is fearr a chuideoidh linn dul i ngleic, mar phobal, le hiarmhairtí an tráma stairiúil. Níorbh fhearr de chomóradh caoga bliain ar Mháiréad Ní Ghráda ná athbheochan agus athléiriú a dhéanamh ar an dá mhórshaothar amharclainne seo.

‘Thug sí dúshlán mhórscéal fearúil na réabhlóide’

Síobhra Aiken
Léachtóir le Gaeilge in Ollscoil na Banríona

Ní thugann Máire Ní Chathasaigh fianaise os comhair na cúirte sa mhórdhráma An Triail (1964) le Máiréad Ní Ghráda. Labhraíonn an mháthair, labhraíonn Maillí ón ‘teach tearmainn’, labhraíonn an máistir scoile. Ach ní bhíonn deis ag Máire aon fhianaise oifigiúil a thabhairt. Is baolach go bhfuil An Triail chomh tráthúil céanna in 2021 is a bhí riamh. Cé gur bailíodh fianaise ó thuairim is 550 saoránach do Choimisiún Fiosrúcháin na nÁras Máithreacha agus Naíonán, is léir ó agallamh a rinne duine den triúr coimisinéirí an tseachtain seo caite nár éisteadh leis an bhfianaise sin. Céard is fiú fianaise mura dtugtar cluas di? Bhris Ní Ghráda an tost a bhain leis na hárais máithreacha agus naíonán, ach níorbh é sin an t-aon tost a bhris sí. Agus comóradh céad bliain Chogadh Cathartha na hÉireann ag druidim linn (2022–23), is fiú a aithint go raibh Ní Ghráda ar dhuine de dhornán scríbhneoirí a chuir i gcoinne an chiúnais comhcheilge a shamhlaítear go minic leis an gcogadh sin. Tá an cnuasach gearrscéalta An Bheirt Dearbhráthar agus Scéalta Eile (1939) as cló le fada an lá agus is beag aird atá tugtha air go dtí seo. Baineann formhór na scéalta leis an rian a d’fhág Cogadh na gCarad ar phobal na tíre. Más ea, déanann Ní Ghráda cáineadh cúramach ar mhórscéal fearúil na réabhlóide; caitear solas ar an ‘éagóir’ a rinneadh ar mhná óga in Éirinn na 1920idí, tarraingítear amhras ar na steiréitíopaí inscne a bhí in uachtar i bpríomhdhioscúrsa an chuimhneacháin agus tugtar leid faoin ruaig a cuireadh ar na mná as institiúidí an stáit nua. B’fhéidir go bhfuil sé in am dul siar agus éisteacht arís le Máiréad Ní Ghráda.

‘Is iontach an oidhreacht litríochta a d’fhág sí againn’

Éadaoin Ní Mhuircheartaigh
Ollamh Cúnta le Gaeilge, Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Dráma suntasach i stair dhrámaíocht na Gaeilge, agus go deimhin, i stair dhrámaíocht na tíre is ea An Triail.  Saothar ceannródaíoch a bhí ann ó thaobh ábhair agus stíle de, agus chuaigh an chéad léiriú i 1964, le Caitlín Maude sa phríomhpháirt, i bhfeidhm go mór ar an lucht féachana agus ar léirmheastóirí éagsúla. Úsáidtear cás cúirte mar mhúnla le plé a dhéanamh ar scéal Mháire – cailín óg a mharaigh a leanbh agus a chuir lámh ina bás féin. Ábhar conspóideach a bhí ann ar go leor bealaí – tá radharcanna san áras máithreacha is leanaí, tugtar léargas ar an mbrú a cuireadh ar chailíní neamhphósta a leanaí a thabhairt suas le huchtú, tá tagairtí don ghinmhilleadh, tá carachtair ar oibrithe gnéis iad, agus déantar dianiniúchadh ar fhimíneacht an phobail. Tá stádas canónta ag An Triail agus tá a cáil mar scríbhneoir bunaithe cuid mhór ar an dráma áirithe sin, ach scríobh sí go leor drámaí eile chomh maith agus léirigh sí go raibh sí breá ábalta an gol agus an gáire a láimhseáil ina saothar cruthaitheach. Tá stíl álainn thaitneamhach ag baint lena cuid gearrdhrámaí – leithéidí Súgán Sneachta, Úll glas Oíche Shamhna agus Mac Uí Rudaí – agus déantar plé barrúil ar chúrsaí grá agus cleamhnais iontu. Saol na polaitíochta atá faoi chaibidil sa dráma fada Breithiúnas, agus an fhimíneacht mar mhórthéama ann. Tá plé le blianta beaga anuas ar ról na mban sna taibhealaíona agus tharraing feachtais ar nós Waking the Feminists aird ar an tábhacht a bhain leis an nguth baineann a bheith le clos ar stáitsí na tíre. Ba dhrámadóir ceannródaíoch agus eisceachtúil í Máiréad Ní Ghráda lena linn, agus is iontach an oidhreacht shaibhir litríochta a d’fhág sí againn.

An chliar i mbun cleachtaí ‘An Triall’, a léirigh Gael Linn sa Damer, 1964 (Pictiúr: Le caoinchead Gael Linn)

‘Níor thuigeamar i 1964 go dtiocfadh fírinne an scéil chugainn’

Áine Ní Mhuirí
Aisteoir a bhí sa chéad léiriú de An Triail a léirigh Gael Linn sa Damer, 1964

Dráma réabhlóideach a bhí ann. Ó thaobh an ábhair de, is dráma an-tábhachtach é ach níor thuigeamar in aon chor i 1965 go dtiocfadh fírinne an scéil chugainn. Nuair a smaoiníonn tú faoin bhfáth gur mharaigh sí an leanbh, níor theastaigh uaithi go dtógfaí an leanbh uaithi nó go gcuirfí isteach i dteach altranais í. Bhí mise i bpáirt ‘Bean an Lóistín’ agus bhí Caitlín Maude sa phríomhpháirt. Ar an drochuair, bhuail tinneas Caitlín agus tháinig Fionnuala Flanagan isteach ina háit. Is maith mar a chabhraigh an dráma le Fionnuala agus linn ar fad. B’ardán iontach a bhí sa dráma dúinn go léir agus chuaigh muid ar aghaidh le páirteanna eile a fháil. Is cuimhin liom Mairéad Ní Ghráda a bheith istigh ag na cleachtaí. Ba bhean an-lách, an-chneasta a bhí inti.

‘Oh everybody has been to the Damer’ –

Máire Ní Ghráinne
Aisteoir a bhí sa chéad léiriú de An Triail a léirigh Gael Linn sa Damer i 1964

Bhí na sluaite ag teacht chuig an Damer, sluaite nach bhfacthas riamh san amharclann. Is cuimhin liom na sluaite a bheith amuigh ar an tsráid ag fanacht ar thicéid. Bhí Fionnuala Flanagan [a bhí sa phríomhpháirt sa léiriú] ag insint dom gur chuala sí bean ag caint mar gheall ar an dráma ar Shráid Grafton. “Were you at the Damer?” a dúirt sí. “No,” arsa an bhean. “Oh everybody has been to the Damer.” Bhí an dráma go mór i mbéal an phobail. Bhí mise i bpáirt Dailí, duine de na mná sa teach altranais a raibh páiste acu ach is cuimhin liom go raibh roinnt páirteanna ag na haisteoirí ar fad. D’éirigh go han-mhaith leis an dráma mar gheall ar an ábhar, ar an scríbhneoireacht agus ar an aisteoireacht. Thuill sé scoth an léirmheasa ó Harold Hobson, duine de na léirmheastóirí ab aitheanta i Sasana ag an am. Bhí an-suim ag léirmheastóirí ó Shasana sa nua-scríbhneoireacht. Ní raibh aon Ghaeilge ag Hobson ach deirtear gur thit sé i ngrá le Caitlín Maude [a bhí sa phríomhpháirt nó gur bhuail tinneas í]. Tháinig sé chuig an dráma faoi dhó de réir mar is cuimhin liom. Aisteoir an-chumasach ab ea Caitlín agus amhránaí iontach. D’éirigh go hiontach leis an dráma i nGaeilge agus cuireadh leagan Béarla ar stáitse ina dhiaidh sin agus d’éirigh go hiontach leis. Ábhar beo atá sa dráma agus is ábhar é a bhaineann le mná ar fud an domhain.

‘Scríbhneoir ildánach agus craoltóir ceannródaíoch’

Malachy Ó Néill
Ollamh le Gaeilge in Ollscoil, Campas Mhig Aoidh, Ollscoil Uladh

Ba dhuine de mhórdhrámadóirí na Nua-Ghaeilge í Máiréad Ní Ghráda (1896-1971), scríbhneoir ildánach agus craoltóir ceannródaíoch a thug faoi dhúshláin na mban sna blianta tosaigh den stát nua ó dheas. Sa dá shaothar is mó aici – An Triail (1964) agus Breithiúnas (1968) – thug sí léiriú lom agus léargas ar leith ar shochaí na hÉireann san aimsir sin, pobal a bhí go mór faoi smacht ag réimeas eaglasta nár chaith go críostúil i dtólamh leis an chuid ba laige den daonra. Tá eolas go leor ar an dá dhráma go fóill mar théacsanna scoile; An Triail mar bhunchloch de chúrsaí litríochta thuaidh agus theas le fada an lá, agus Breithiúnas ar shiollabas Gaeilge an tuaiscirt go dtí le gairid. Is minic a luaitear Bertolt Brecht mar phríomhthionchar ar Ní Ghráda ach d’fhéadfaí cosúlachtaí a aimsiú in obair Sheáin Uí Chathasaigh, Bhreandáin Uí Bheacháin nó Arthur Miller go fiú. Chuaigh sí i ngleic le díspeagadh na mban ar leibhéil éagsúla den tsochaí agus bhain sí inspioráid as cás dáiríre a bhain de chailín de chuid a pobail féin i gCill Mháille, bean óg a díbríodh agus í ag iompar clainne lasmuigh den phósadh. Tá macalla go leor den scéal seo sa lá atá inniu ann. Tá an dúch go fóill le triomú ar thuairisc oifigiúil Rialtas na hÉireann ar an dóigh ar caitheadh le mná óga agus a gcuid babaithe in ionaid mar Thuaim na Gaillimhe. D’éirigh le scannáin ar nós Philiomena (2013) na cásanna seo a chur os comhair ár súl arís eile agus le feachtais ar nós #MeToo, #MiseFosta agus #FairPlé  le cúpla bliain anuas tá an spotsolas go fóill ar an éagothromaíocht a léirigh Ní Ghráda sna seascaidí.

Fág freagra ar '‘Tá crógacht agus ceannródaíocht Mháiréad Ní Ghráda le moladh níos mó ná riamh’'

  • Pól ÓGrífín

    Is gá dùinn léamh agus más feiceáil arís ar drámaí an sríbhneoir tábhachtach seo.