Tá Covid-19 ag cur as do na faoileáin freisin

Tá buanna go leor ag an bhfaoileán a léiríonn a mheabhraí atá sé

Tá Covid-19 ag cur as do na faoileáin freisin

Má tá Covid-19 ag cur as do na daoine tá sé ag goilliúint ar na faoileáin freisin. Ní hé go bhfuil an galar á mbualadh ach níl an oiread teacht acu anois ar bhia sna bailte móra agus in aice na dtránna.

Éan farraige é an faoileán ó cheart déarfá ach is fada ó thuig sé go mbeadh cothú maith aige ar an mbia a chaitheann daoine i mboscaí bruscair agus in áiteanna eile.

Ní hiontas ar bith gur thuig mar is éan an-mheabhrach é.

Uair ar bith a gcaitheann muid amach grabhróga aráin nó craicne fataí as an teach seo is minic nach mbíonn sé ach déanta againn nuair a thagann faoileán bán an bealach.

Glaonn sé ar a bhráithre agus díbríonn siad an charóg, an snag breac agus an lon dubh.

Ní bhíonn ag na héanacha beaga ach a bheith ag faire as an tom in aice láimhe agus iad ag súil go bhfágfar ruainne beag den bhia acu féin sa deireadh.

Tá an faoileán seo againne in ann an ceann is fearr a fháil ar an gcat fiú amháin. Nuair a fhéachann muid leis an gcat a bheathú goideann an faoileán agus a chairde a bhéile uaidh.

Tá buanna eile ag an bhfaoileán freisin a léiríonn chomh meabhrach agus atá sé.

Is maith leis iasc sliogánach ach i gcás nach mbíonn sé in ann an sliogán a bhriseadh lena ghob crochann sé san aer é agus scaoileann sé anuas é ar leac nó ar dhromchla crua eicínt eile.

Nuair a bhíonn creachadóir ag bagairt ar scata faoileán is minic a chuireann siad le chéile leis an ruaig a chur air.

Tá cineálacha éagsúla faoileáin ann: faoileán bán, faoileán ceann dubh, faoileán an chaipín, faoileán droma duibh, sléibhín, faoileán scadán, faoileán droimneach.

Sháraigh tú an faoileán droimeannach a deirtí faoi dhuine amplach.

Is iad na faoileáin scadán is mó a bhíonn ar dhíon na dtithe sna cathracha.

Bíonn tuairiscí scanrúla sna nuachtáin scaití a thugann le tuiscint go bhféadfadh faoileán duine a ionsaí. Áibhéil a bhíonn sna tuairiscí sin, déarfainn. Is fíor go gcosnóidh an faoileán a nead ach déanann chuile éan eile an rud céanna.

Dá dtiocfadh faoileán de sciurd as an aer ort ba mhaith ab fhiú dhuit scáth báistí a bheith agat. Dá gcrochfá é sin os do chionn is é a d’ionsódh sé. Ionsaí ar an gcuid is uachtaraí den sprioc is fearr leis.

Bhíodh an-mheas ag iascairí Thír Chonaill ar na faoileáin. Is é an chúis a bhí leis gur maith an marc ar áit a mbeadh iasc stadhan acu a fheiceáil ag tumadh.

Creideadh i Learpholl gur anamacha lucht farraige a báthadh a bhí sna faoileáin.

Tá eolas ag cách ar an scéal faoin gcaoi a bhfuair an faoileán cumas snámha ón roilleach: iasacht an roilligh don fhaoileán iasacht nach bhfillfidh go brách.

Tá an faoileán luaite go minic i seanlitríocht na Gaeilge.

De réir Lebor na Cert bhí Rí Uladh i dteideal fiche ubh faoileáin a fháil chuile thrí bliana mar chuid de chíos ó Ardrí Éireann.

Deirtear i seandán molta faoi áit ar a dtugtar Beann Gualann go raibh ceol na bhfaoileán agus na n-ealaí le cloisteáil ann.

Ach le filleadh ar an lá atá inniu ann, caithfear a lua nach chun leasa na bhfaoileán a théann sé i gcónaí a bheith ag ithe as boscaí bruscair.

Tolgann siad galar ar a dtugtar ispíneachas as feoil lofa. Is é an toradh atá air sin gur thit líon na bhfaoileán in Éirinn ó 60,000 péire i 1969 go dtí 6,235 péire in 2016.

Fág freagra ar 'Tá Covid-19 ag cur as do na faoileáin freisin'