Níl taibhse ar bith is measa ná taibhse an dá chos, a deir an seanfhocal. Ach taibhse gan cos ná lámh atá ag faire orainn faoi Shamhain i mbliana is gan aon éalú uaithi ach fanacht istigh, na lámha a níochán is an masc a chaitheamh má chuireann tú cos amach ar chor ar bith.
Admhaím gur bhuail taom éadóchais mé oíche Dé Luain nuair a fógraíodh go raibh muid ag imeacht go Leibhéal a Cúig. Tá a fhios agam go raibh leideanna, nodanna is tuairimí abhus, is uimhreacha ag ardú agus eile, ach shíl mé go mb’fhéidir go n-éireodh linn ag leibhéal a trí.
Le fírinne, ní hé an oiread sin difríochta ó thaobh an tsaoil ó lá go lá a dhéanfaidh sé dúinne sa teach agus na srianta á bhfáisceadh anois go ceann sé seachtaine. Ó tháinig an t-athrú ar an saol i mí an Mhárta tá cúngú mór déanta againn ar ghnáthimeachtaí an tsaoil mar atá déanta ag an tír uilig.
Tá an chuma air go bhfuil an tsaoirse bheag a ghnóthaigh muid ar ais i ndiaidh na dianghlasála san earrach ligthe le sruth. Ba chomhartha é an géilleadh don dianghlasáil Dé Luain nach bhféadfaí an fhírinne a shéanadh, tá an taoille casta inár gcoinne arís.
Is cinnte nach n-aontaíonn chuile dhuine leis an gcinneadh a rinne an Rialtas triail a bhaint as leibhéal a trí ar dtús, cé go raibh leibhéal a cúig molta ag NPHET trí seachtaine ó shin. Ní fheicimse go raibh an dara rogha acu ach triail a bhaint as.
Níl aon amhras orainn an uair seo céard a chiallaíonn sé do ghnóthaí, postanna agus cúrsaí bochtanais agus na doirse á ndúnadh arís. Is iomaí áit nach n-osclóidh na doirse arís nuair a bheidh na sé seachtaine thuas.
Is iomaí post a imeoidh is nach dtiocfaidh ar ais agus is iomaí duine a bheidh i mbaol ón mbanc nó ón tiarna talún as seo go deireadh na bliana de bharr na dianghlasála. Deirtear gur fearr an sláinte ná an táinte, ach is fearr arís é má tá ruainne de chaon cheann agat.
Léiríonn staidéar a rinneadh san Iodáil go bhfuil impleachtaí tromchúiseacha don mheabhairshláinte ag an dianghlasáil mar mhodh le scaipeadh an Covid-19 a smachtú.
Cé gur éirigh leis an dianghlasáil a cuireadh i bhfeidhm san Iodáil scaipeadh an ghalair a laghdú chuir sé brú sa mbreis ar ghrúpaí leochaileacha sa tsochaí. Ar na grúpaí leochaileacha atá luaite sa taighde, tá daoine atá daortha chun na bochtaineachta, daoine gan dídean, oibrithe imirceacha, agus daoine a bhfuil neamhord meabhairshláinte orthu cheana féin.
Anseo in Éirinn, thug an eagraíocht Women’s Aid le fios i mí Lúnasa gur tháinig méadú 43% ar líon na nglaonna a fuair siad i mbliana ó mhná a bhí ag fulaingt ón bhforéigean sa mbaile. (‘When Home Is Not Safe’).
Titfidh ualach na seachtainí seo amach romhainn níos troime ar dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste cheana féin agus leanfar leis an riar fadhbanna atá ag teacht chun cinn de bharr an damáiste atá á dhéanamh do sheirbhísí agus do shlite beatha. Glacfaidh muid leis an dianghlasáil seo, caithfear glacadh léi agus b’fhéidir go ndéanfadh sí an beart an uair seo.
Ach ar féidir linn glacadh leis an dianghlasáil mar chur chuige fadtéarmach in aghaidh an ghalair chealgaigh seo? Tá costas na dianghlasála ró-ard agus má leantar leis mar réiteach, tá an baol ann gur measa an leigheas ná an galar féin.
Caithfear bealach eile a aimsiú.
Niall na Naoi bPiontaí
An-scríbhneoireacht mar is nós, 7 é sin ar ábhar atá ar intinn againn uilig.