Tá corraíl pholaitiúil i ndán don Fhrainc

Tá an tseanpholaitíocht thraidisiúnta curtha de dhroim seoil sa Fhrainc

Tá corraíl pholaitiúil i ndán don Fhrainc

Saghas bréagfheachtas a bhí i bhfeachtas na huachtaránachta sa bhFrainc go dtí seo ach ní hamhlaidh a bheidh sna laethanta atá fágtha idir seo agus an dara babhta. An cheist mhór anois cá rachaidh daoine a vótáil sa gcéad bhabhta d’iarrthóirí eile seachas Emmanuel Macron agus Marine Le Pen lena gcuid vótaí ar an 24 Aibreán.

An vóta ba shuntasaí sa chéad bhabhta ag an deireadh seachtaine an vóta a fuair Jean-Luc Mélenchon – iarrthóir ar an eite chlé, nó Cumannach dar le formhór phobal na Fraince. A luaithe agus a bhí na vótaí comharirthe san oíche Dé Domhnaigh dúirt sé nár cheart oiread agus vóta amháin a chur i dtreo na heite deise ná Marine Le Pen. Ón uair gur éirigh le hathair Marine, Jean-Marie, dul ar aghaidh go dtí an dara babhta in aghaidh Jacques Chirac sa toghchán i 1995 bhí claonadh ag muintir na Fraince a gcuid tacaíochta a thabhairt don iarrthóir nach Le Pen a shloinne.

Tá nósmhaireachtaí an phobail athraithe go mór ó shin. Níl na seanpháirtithe traidisiúnta, na Sóisialaigh agus Les Republicains láidir níos mó. Tá an tseanpholaitíocht thraidisiúnta curtha de dhroim seoil. Bhí baint nach beag ag gluaiseacht nua Macron, a tháinig chun cinn cúig bliana ó shin, leis sin. D’éirigh leis teacht i dtír ar an bhfearg a bhí ar phobal na Fraince le polaiteoirí agus a chur i gcion orthu go mbeadh cur chuige nua aigesean san Élysée. Cúig bliana dár gcionn tá sciar mór den phobal sásta muinín a chur ann i gcónaí, ach an ar mhaithe le Marine Le Pen a choinneáil as an Élysée seachas Macron a choinneáil mar Uachtarán atá sin ag tarlú?

Is polaiteoir cumasach cliste í Marine Le Pen agus tá éirithe léi droim láimhe a thabhairt cuid mhaith leis an Front National mar a bhí. Tá teideal nua ar an bpáirtí – Le Rassemblement National nó an Slógadh Náisiúnta agus ní bhíonn a cuid cainte go poiblí dírithe chomh mór ar an imirce agus ar eachtrannaigh. Tá tuiscint aici ar an bhfearg atá ar dhaoine faoin gcostas maireachtála agus na leasuithe cánach agus pinsin atá á moladh ag Macron. Tá baint nach beag aige sin leis an ardú leanúnach ar a cuid tacaíochta. Ach i ndeireadh an lae an mbeidh tromlach de phobal na Fraince sásta a mbeannacht a thabhairt do na polasaithe ciníocha atá luaite lena páirtí?

Tá an bheirt anois ag fiach ar na vótaí a fuair Jean-Luc Mélenchon sa gcéad bhabhta agus baineann a bhformhór sin le himní an phobail faoi cheisteanna costais mhaireachtála agus gnáthchúrsaí an tsaoil. Tá pobal na Fraince feargach agus míshásta le polaiteoirí. Cé nach gcreideann siad in go leor d’fhealsúnacht an Rassemblement National teastaíonn uathu a chur i gcion ar pholaiteoirí go bhfuil athrú uathu. Chuige sin a thogh siad Macron cúig bliana ó shin – níl mórán amhrais ach gur leis a bheidh an lá i ndeireadh an lae ar an 24 Aibreán. Agus nach cuma dhó ansin ó tharla nach féidir leis an tríú téarma a dhéanamh?

Gan na páirtithe traidisiúnta i lár an aonaigh tá corraíl pholaitiúil i ndán don Fhrainc sna míonna agus sna blianta seo romhainn.

Fág freagra ar 'Tá corraíl pholaitiúil i ndán don Fhrainc'