Tá cónaí orm in iarsmalann

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. An mhí seo: nuair a bhogann duine ar a bhfuil Alzheimer isteach in ionad cúraim, bíonn cinntí le déanamh faoin teach agus faoin stuif atá fágtha ann

Tá cónaí orm in iarsmalann

Ba mhór an faoiseamh dom féin agus do mo dheartháir óg nuair a bhog ár máthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi, isteach in ionad cúraim i bhfómhar na bliana seo caite; faoi dheireadh bhí an cúram 24/7 a theastaigh uaithi ar fáil di.

Ach níor luaithe bogtha isteach san ionad í nó bhí fadhb nua againn: tá an teach ina raibh cónaí uirthi le leathchéad bliain anuas folamh anois.

Ní féidir linn é a dhíol toisc nach linne é ach léise, agus ní féidir úinéireacht an tí a aistriú chugainne ag an bpointe seo toisc go bhfuil galar Alzheimer i bhfad rófhada uirthi.

Ar chúiseanna éagsúla dlí agus airgid ní bheadh sé ciallmhar an teach a ligean ar cíos ach oiread.

Nach mór i ngan fhios a shiúil mé féin agus mo dheartháir óg isteach sa liombó sin ag ach d’fheil sé dúinn. Thabharfadh sé níos mó ama dúinn ár n-intinn a dhéanamh suas maidir lenar mhaith linn a dhéanamh leis an teach amach anseo – é a dhíol nó cónaí ann muid féin.

Chomh maith leis sin thabharfadh sé deis dúinn scagadh a dhéanamh de réir a chéile ar an stuif ar fad atá ann seachas d’aon iarraidh amháin agus faoi bhrú ama.

Agus mar bhónas bheadh ‘teach saoire’ againn gar don trá, don choill agus ar ndóigh, don ionad cúraim ina bhfuil cónaí ar ár máthair – gan a leithéid de lóistín a bheith ar fáil ní bheadh ar mo chumas-sa oiread ama a chaitheamh le mo mham; ag deireadh an lae tá cónaí orm ar an taobh eile den domhan an chuid is mó den bhliain.

Ach ní gan chúis a chuir mé uaschamóga timpeall ar an bhfrása ‘teach saoire’ san abairt thuas. Tá dhá mhí á gcaitheamh agam ann faoi láthair agus mothaím amhail is go bhfuil cónaí orm in iarsmalann.

Meabhraíonn gach rud mo mháthair dom agus mothaím féin cosúil le coimeádaí iarsmalainne. Céard atá le caitheamh amach agus céard atá le coinneáil? Ar chóir dom an troscán a fhágáil san áit a mbíodh sé i gcónaí lena cuimhne a choinneáil beo? Anois féin agus an colún seo á scríobh agam tá na fuinneoga dormánta á bpéinteáil ag fear oibre ach d’iarr mé air na dathanna ceannann céanna a úsáid agus a roghnaigh mo máthair nuair a cuireadh na fuinneoga sin isteach tríocha bliain ó shin: dath uachtair agus dath uaine dhorcha ar a dtugtar ‘Canálacha Amsterdam’.

Níl aon dealramh ag baint leis, seans, teach a chaomhnú i stíl duine nach mbeidh cónaí uirthi sa teach sin arís, ach ní ligfidh mo chroí ná mo choinsias dom aon athruithe móra a dhéanamh. ‘Seo an chaoi a dhéanfadh mo mham é,’ a deirim liom féin nuair a chuirim an troscán ar ais san áit a mbíodh sé i gcónaí tar éis dom an t-urlár a ghlanadh, agus tá mé tar éis teacht ar an tuiscint gur cuid den phróiseas dobróin atá ansin: tamall a chaitheamh liom féin i dteach mo mham agus na rudaí ar fad a láimhseáil sise le leathchéad bliain anuas a láimhseáil le mo dhá lámh féin.

Fág freagra ar 'Tá cónaí orm in iarsmalann'