Tá Coinín Mór na Cásca ag faire ort!

Tá coinín na Cásca ar cheann de na huirlisí éagsúla atá ar fáil don tuismitheoir chun dea-iompar a spreagadh i measc na bpáistí

Tá Coinín Mór na Cásca ag faire ort!

Cé as ar tháinig coinín na Cásca agus cár thosaigh sé? Bhuail eipeafáine mé an lá cheana. Níor thuig mé go dtí an nóiméad sin cén bunús a bhí le coinín na Cásca agus is mór an dul amú a bhí orm.

Cheap mé gur mhór an trioblóid é an coinín, do thuismitheoirí. Ach, tuigim anois, is tuismitheoirí a chuir tús le coinín na Cásca, agus tá cúis an-chiallmhar leis.

Smacht.

Ar fhaitíos go mbeadh aon mhíthuiscint ort, níl aon bhaint ag an gcoinín leis an draíocht ná, a Wikipedia, leis an mbandia Oestre ón nGearmáin, ná le nósanna ársa págánacha an earraigh. 

Murach m’eipeafáine, seans go gcreidfinn gur thosaigh coinín na Cásca amach i gcríocha na Gearmáine na céadta bliain ó shin. Go gcreidfinn nach  coinín a bhí ann i dtosach báire, ach giorria, agus gur siombail é an giorria agus an coinín de thorthúlacht agus d’fhás an earraigh.

Ar an gcéad amharc, tá ciall leis an teoiric sin. Níl aon dabht faoi, ach go bhfuil na coiníní torthúil. Ach, más fíor sin, cé as ar tháinig nós na n-uibheacha seacláide?

Caimiléireacht tuismitheoirí is cúis leo, níl aon dabht faoi. 

B’fhéidir go bhfuil an focal ‘smacht’ ruainnín róláidir.

Cuirfidh mé ar an gcaoi seo é, tá coinín na Cásca ar cheann de na huirlisí éagsúla atá ar fáil don tuismitheoir chun dea-iompar a spreagadh i measc na bpáistí. 

Is áis atá sa gcoinín chun fonn a chothú i bpáistí óga corr-rud a phiocadh suas den urlár ina seomra (theastódh áis dá leithéid uaim féin!), nó an bord a ghlanadh, nó an leaba a chóiriú.

Tuigim anois é. Is ar thuismitheoirí féin atá an locht as éirí amach na neacha draíochta.

Níl mé ag cur an mhilleáin ar aon tuismitheoir amháin thar aon cheann eile. Ní fhéadfainn a rá, go deimhin, cén tuismitheoir a chuimhnigh ar an bplean ar dtús. 

Ach, nuair a chuala tuismitheoirí eile caint ar an bplean, fuair sé greim ar a samhlaíocht, is léir, agus d’imigh sé ó smacht ina dhiaidh sin. ‘Bí go maith, nó ní fhágfaidh Coinín na Cásca aon ubh seacláide duit.’

Caithfidh gach neach draíochta na tréithe seo a leanas a bheith acu:

  1. Ní féidir le daoine an neach draíochta a fheiceáil.
  2. Ach is féidir leis an neach draíochta gach rud a fheiceáil.
  1. Gealladh na mbronntanas ag brath ar an dea-iompar.
  2. Ní thabharfaidh an neach draíochta aon bhronntanas ach amháin i gcás an dea-iompair.

Nuair a chuimhníonn tú air sa gcomhthéacs sin, is mór an t-ionadh nach bhfuil níos mó neacha draíochta á gceiliúradh ná mar atá. 

Tá Santaí ann, ar ndóigh, is é a bhíonn ar an bhfaire ó Shamhain go Nollaig. Is tá coinín na Cásca i bhfeighil na mbagairtí ó thús an Charghais go Domhnach Cásca.

Ach céard faoin gcuid eile den bhliain? Cé a spreagfaidh an dea-iompar ó Aibreán go Deireadh Fómhair? Céard a chuirfidh ina luí orthu go bhfuil buntáistí ann don té a chuirfeadh na bróga sa gcófra, nó a d’fholmhódh na boscaí lóin is a leagfadh in aice leis an doirteal iad?

Nach bhfuil géarghá againn le tuilleadh neacha draíochta? 

Nach bhfuil dualgas orainn, dháiríre, neacha draíochta nua a chruthú? Lúidín Mhí Iúil, Lama Lúnasa, Míol Mór Mheán Fómhair… Cuimhnigh ar na seomraí a ghlanfaí, na cótaí a chrochfaí, na boird a réiteofaí.

Fág freagra ar 'Tá Coinín Mór na Cásca ag faire ort!'

  • uinseann

    tá amhrán gaeilge Coinní.cásca ag mícheal holmes i gcartlann raidío na Gaeltachta. Deán iarratas air!

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Píosa an-mhaith ar fad é seo! Ach n’fheadar cad é atá i ndán dom féin mar leas-ainm mar go mbím ag déanamh iarracht an t-am ar fad an teach s’againn a choinneáil slachtmhar… go deimhin, tá mé gafa leis an trom-obair sin ar fud 11 bhliain, ó phós mé 7 a rinne mé bogadh go dtí an tOileán Sciathánach! Ní aon choinín mé… agus níl a leithéid againn! :-)