Tá clár breá sóisialach ag Corbyn ach loitfidh lucht Blair agus an tAE é

Tá clár Jeremy Corbyn ag cur scaoll ar lucht airgid sa mBreatain mar tá sé ag geallúint go dtógfaidh a pháirtí airgead mór uathasan le freastal ar riachtanais na ndaoine is measa as

Tá clár breá sóisialach ag Corbyn ach loitfidh lucht Blair agus an tAE é

Tá páirtithe sóisialta daonlathacha ar fud na hEorpa ag dul i laige – chaill an SPD vótaí arís sna toghcháin réigiúnda sa nGearmáin – ach tá dhá eisceacht ann. An Phortaingéil, tír inar sheas na daonlathaigh shóisialta go láidir i gcoinne na déine a bhrúigh an tAontas Eorpach ar thíortha is ar pháirtithe eile, agus an Bhreatain.

Tá páirtí an Lucht Oibre ansin fós taobh thiar de na Caomhaigh cé go bhfuil siadsan in aimhréidh le tamall mar gheall ar an mBreatimeacht, ach tháinig biseach ar an bpáirtí san olltoghchán deireanach faoi cheannaireacht Jeremy Corbyn agus tá clár cuimsitheach fiúntach aige leis an Bhreatain a thiontú ar chonair shóisialach.

Tá an clár seo ag cur scaoll ar lucht airgid sa mBreatain mar tá Corbyn ag geallúint go dtógfaidh an páirtí airgead mór uathasan le freastal ar riachtanais na ndaoine atá ag bun an dréimire.  “Is cuma sa sioc leis leas na Cathrach,” a dúirt mangaire amháin sa Chathair, an ceantar airgeadais i Londain.

Athroinnt an airgid (agus na cumhachta) an buntéama i bplean Chorbyn: athnáisiúnú a dhéanamh ar iarnróid, uisce, post is aibhléis; arduithe suntasacha cánach ar dhaoine saibhre; aistriú éigeantach 10% de scaireanna comhlachtaí go dtí na hoibrithe; treisiú ar chearta tionóntaí; agus iasachtaí móra le hinfheistíocht phoiblí a mhaoiniú.

Mar chuid den phlean atá aige, beidh £49 milliún aige le caitheamh ó chánacha nua agus beidh breis chaiteachais á déanamh gach bliain. Beidh £250 billiún don Bhanc Náisiúnta Infheistíochta, beidh milliún teach sóisialta nua á dtógáil agus beidh ardú mór ar an íosphá. Cuirfear teorainn le tuarastail ag na leibhéil is airde i ngach comhlacht poiblí.

Ní haon ionadh go bhfuil faitíos ar lucht an airgid.

Maíonn lucht tacaíochta Chorbyn go dteastaíonn uathu an córas eacnamaíochta agus sóisialta a athchóiriú sa gcaoi is nach féidir dul siar ar an aisling nua seo, mar a chuir Thatcher a réabhlóid fhrithbheartaíoch i bhfeidhm.

Ach tá fadhbanna ag baint leis an bplean, mar atá sé.  Faoi rialacha an Aontais Eorpaigh ní féidir aon smacht a chur ar ghluaiseacht chaipitil isteach nó amach. Is é sin le rá, má bhíonn an Bhreatain fós san Aontas Eorpach ní bheidh rialtas Chorbyn in ann stop a chur le teitheadh caipitil ón gCathair go dtí an Eoraip.

Lagódh a leithéid cumas Chorbyn go mór. Thabharfadh sé an deis do lucht caipitil geilleagar na Breataine a thachtadh.

Tá rialacha freisin ag an Aontas, faoin gComhaontú Fioscach, a chuireann srian ar leibhéal na n-iasachtaí a d’fhéadfaí a cheadú, ach níor dhaingnigh an Bhreatain an Comhaontú sin go fóill, agus tá seans ann go bhféadfadh Corbyn é a chur ar an méar fhada. Dá dteipfeadh air, bheadh sé i dtrioblóid láithreach maidir lena chuid pleananna iasachta is infheistíochta.

Ach is é Conradh Maastricht is túisce a chothóidh deacrachtaí.  Faoin gconradh sin ní féidir le stát a chuid tionscal féin a chosaint má thagann a leithéid salach ar an tsaoriomaíocht.

Tá ceist mhór shonrach faoina chuid pleananna i dtaobh an athnáisiúnaithe.

Faoi láthair tá riail nua ann maidir le seirbhísí iarnróid (atá ar bharr a liosta ag Corbyn).  Faoin gCeathrú Pacáiste Iarnróid seo níl sé incheadaithe cosc a chur ar chomhlachtaí príobháideacha tairiscint a dhéanamh ar na seirbhísí céanna – agus is í an tairiscint is saoire a gcaithfear glacadh léi.

Má bhíonn an Bhreatain taobh amuigh den Aontas, ar ndóigh, ní bheidh srian ar bith ar Chorbyn, ach tá éirithe le lucht leanúna Tony Blair an páirtí a cheangal leis an bhfeachtas Fanacht.  Níos measa fós, is é polasaí an pháirtí – más polasaí é – ná dul ar ais go dtí an Bhruiséil le margadh úr a iarraidh, ach ansin é a chur faoi reifreann agus feachtas a eagrú ina choinne – sea, i gcoinne aon mhargaidh a dhéanfar.

Amaidí gan dabht.

Ní hamháin, mar sin, go gcuirfeadh sé isteach ar chumas Chorbyn a chlár oibre a chur i bhfeidhm má théann an Bhreatain ar ais chun na hEorpa, ach tá gach cosúlacht ann go gcaillfidh an páirtí an-chuid vótaí sna ceantair dhearóile i dtuaisceart Shasana a thaobhaíodh go hiondúil leis an bpáirtí ach a vótáil go láidir ar son an Bhreatimeachta.

Má bhíonn leisce ar na vótóirí sin tacú leis an bPáirtí Caomhach beidh siad in ann tacú le Farage agus Páirtí an Bhreatimeachta.

Ní féidir a bheith cinnte faoi ach is cosúil nach bhfaighidh Corbyn a dhóthain vótaí ón meánaicme i ndeisceart Shasana le bearna na vótaí a chaill an páirtí a chúiteamh.

Ar aon chuma, má bhíonn air comhrialtas a dhéanamh toisc an vóta a bheith chomh scoilte sin, threiseodh na LibDems tionchar lucht leanúna Bhlair sa bpáirtí, agus ní thabharfadh na náisiúntóirí in Albain tacaíocht ach amháin ar an gcoinníoll go bhfaighidís reifreann eile faoin neamhspleáchas mar chúiteamh as a dtacaíocht.

Plean fiúntach tarraingteach atá ag Corbyn, ach tá sé á thachtadh ag lucht leanúna Blair agus ag díograiseoirí an Aontais Eorpaigh.

Fág freagra ar 'Tá clár breá sóisialach ag Corbyn ach loitfidh lucht Blair agus an tAE é'

  • Concubhar O Liathain

    Is beag an baol an tAontas Eorpach do chlár shoisialach Jeremy Corbyn in ainneoin mhaíomh gan údar Eoin ag iarraidh an Aontais Eorpaigh a lochtú as gach faillí pholatúiil. Is mó iad na cosaintí a tháinig ón Aontas Eorpach don oibrí ná mar a tháinig ó phairtithe radacacha a leanann Eoin agus is cinnte nach mhalartódh oibrithe san AE a mbuntáistí le hoibrithe sa tsean ré soivéideach atá Eoin chomh ceanúil air nó an ré iar Breatimeachta sa Bhreatain nuair a bheidh oibrithe gan obair is gan morán chosaint ó cháirde aisteacha Eoin i measc na gCaomhach….