Tá ceist na teorann san imirt arís – feall nó seift idirbheartaíochta?

An é gur chuma le Boris Johnson cén scrios a dhéanfar nó an gcreideann sé gurb é an Tuaisceart an mámh san imirt agus gur aige féin atá

Tá ceist na teorann san imirt arís – feall nó seift idirbheartaíochta?

Bliain ó shin geall leis a d’aontaigh Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson agus an tAontas Eorpach conradh aistarraingthe na Ríochta Aontaithe agus an prótacal Éireannach. Conradh le feidhm dlí idirnáisiúnta. Ghlac Parlaimint Westminster leis le móramh mór i ndiaidh an olltoghcháin ina raibh bua ollmhór ag Johnson.

Bhí aontachtaithe, idir an DUP agus an UUP, míshásta, feisirí Parlaiminte an DUP fós ag argóint i gcoinne an chonartha, iad ag rá gur scar sé an Tuaisceart ón gcuid eile den Ríocht Aontaithe.

Ach Dé hAoine seo caite, dúirt Arlene Foster, an Chéad Aire in Stormont, nach raibh de rogha anois aici ach é a chur i bhfeidhm. Chreid ceannaire an DUP nach raibh aon dul as aici mar gurb é an dlí é. Mairg don té a chreideann go bhfuil aon rud socraithe ag rialtas Johnson maidir leis an mBreatimeacht.

Bhí na páirtithe a bhí in éadan an Bhreatimeachta toilteanach glacadh leis an bprótacal mar go maolódh sé cuid den tionchar a bheadh ag imeacht as an Aontas Eorpach ar mhuintir an Tuaiscirt agus go seachnódh sé teorainn chrua ar oileán na hÉireann.

Baineadh siar as lucht an Bhreatimeachta i Sasana i ndiaidh an reifrinn in 2016 nuair a fuair siad amach gur chás leis an AE ceist na hÉireann, Comhaontú Aoine an Chéasta agus an teorainn. Thóg sé tamall fada orthu glacadh leis gur cheist íogair í an teorainn abhus i gcomhthéacs an chonartha idirnáisiúnta, Comhaontú 1998, chomh maith lena tábhacht mar dheighilt ar talamh idir bhallstát an AE agus tír sheachtrach.

Ach tá na ceisteanna sin curtha sa mheá an athuair le haghaidh chainteanna na seachtaine seo i Londain idir fhoireann na Breataine, faoi cheannas David Frost, agus meitheal idirbheartaíochta an AE, faoi stiúir Michel Barnier. Agus tá siad curtha ar chlár ar bhealach trodach, conspóideach.

’Sí seo an chéad uair a chuala mé daoine i dTuaisceart Éireann ag tagairt do chonradh Luimnigh, an conradh a ndearna Sasana feall air ‘sula raibh an dúch triomaithe ar an bpár’. Feall agus ní sárú ná leasú a bhíothas ag glaoch ar phlean rialtas Johnson chun an conradh aistarraingthe agus an prótacal a chaitheamh i dtraipisí mura sásófaí a gcuid éileamh.

Gheobhaidh sinn amach go luath an bhfuil bunús le tuairisc Peter Foster san Financial Times gurb é sin an plean. Sáririseoir inmhuiníne é Foster ach ní féidir a chur as an áireamh go mb’fhéidir gur chleas de chuid an rialtais é ‘bréag-phlean’ a sceitheadh chun brú a chur ar fhoireann idirbheartaíochta an AE.

Mar ‘phlean cliste’ bheadh sé inchomparáide le seiftiúlacht Baldrick ón gclár Blackadder. Conas a d’fhéadfadh éinne a mheas gur mhír mhargántaíochta é a léiriú nach féidir brath air, nach seasann sé lena fhocal. Níor chuir Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, ná príomhidirbheartaí an AE, Michel Barnier, fiacail ina bhfreagra.

Tá feidhm dlí leis an gconradh aistarraingthe agus ní mór cloí leis, ar siad. ’Sé an port céanna é ag Rialtas na hÉireann agus chuir Ambasáid na hÉireann i Londain dearcadh an rialtais in iúl do Whitehall go soiléir.

Abhus scríobh ceannairí na gceithre pháirtí frith-Bhreatimeachta, Sinn Féin, SDLP, Alliance agus an Comhaontas Glas chuig Boris Johnson lena míshástacht a chur in iúl agus chun a dhualgas a mheabhrú dó. Mhaígh Sammy Wilson ón DUP go raibh seans gur de bharr brú óna pháirtí féin, na hionadaithe in Stormont san áireamh, a bhí an Príomh-Aire ag athscríobh an réitigh – más sin atá i gceist.

Cár fhág sé sin Arlene Foster a ghlac le status quo na seachtaine seo caite? Ní hé gur chás leis an bPríomh-Aire aiféaltas aon pháirtí i dTuaisceart Éireann, mar a léirigh sé go minic cheana.

Céard atá ar siúl? Ta foláireamh Johnson nach miste leis Breatimeacht gan mhargadh sothuigthe mar sheift idirbheartaíochta. Thairis sin, tá sé furasta é a chreidiúint mar gur mhinic an chosúlacht ar lucht an fheachtais gur imeacht crua a theastaigh uathu.

Ba chosúil ar feadh i bhfad gur mheas Johnson go bhféadfadh sé an craiceann agus a luach a fháil, buntáistí an AE gan aon fhreagracht. Dá uireasa sin, an é gur chuma leis cén scrios agus loscadh a dhéanfar? Nó an gcreideann sé gurb iad Tuaisceart Éireann agus an teorainn an mámh san imirt agus gur aige féin atá?

Fág freagra ar 'Tá ceist na teorann san imirt arís – feall nó seift idirbheartaíochta?'

  • Traolach Ó Sioradáin

    Mar a deireann an seanfhocal: “Filleann an feall ar an bhfeallaire”.
    Chífimid linn. Is maith an scéalaí an aimsir.

  • An Teanga Bheo

    Cliseann plean an fheallaire go minic.