‘Tá cearta teanga agam ag suí anseo i mBaile Átha Cliath nach bhfuil agam i mBéal Feirste’

Rinne os cionn deichniúr Seanadóirí ráitis faoin nGaeilge do Sheachtain na Gaeilge tráthnóna inné

‘Tá cearta teanga agam ag suí anseo i mBaile Átha Cliath nach bhfuil agam i mBéal Feirste’

Tá ráite ag Seanadóir go bhfuil sé thar am gníomh a dhéanamh i leith na Gaeilge sa Tuaisceart ionas go mbeidh na cearta céanna ag daoine ó thuaidh is atá ó dheas.

Agus ráitis ar an nGaeilge á ndéanamh sa Seanad tráthnóna inné, dúirt an Seanadóir de chuid Shinn Féin Niall Ó Donnghaile go gcaithfí reachtaíocht teanga a thabhairt isteach sa Tuaisceart ar bhonn práinne.

“Tá cearta agam agus againn ag suí anseo i mBaile Átha Cliath nach bhfuil againn nuair a théim suas go Béal Feirste. Caithfimid an fhadhb sin a réiteach faoi choinne gach duine ar fud an oileáin,” arsa Ó Donnghaile.

Dúirt Céad-Aire Thuaisceart Éireann Arlene Foster tráthnóna inné gur dócha gur i mí na Bealtaine seo chugainn a thabharfaí isteach an reachtaíocht don Ghaeilge atá geallta sa cháipéis New Decade, New Approach.

Dúirt Ó Donnghaile go gcaithfear gníomh a dhéanamh gan a thuilleadh moille i leith na ngeallúintí i dtaobh na teanga a rinneadh sa chomhaontú sin.

Mhaígh an Seanadóir Ó Donnghaile go raibh “cuisle na hathbheochana” Gaeilge i mBéal Feirste agus thug sé cuireadh d’Aire na Gaeltachta Catherine Martin agus d’Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers cuairt a thabhairt ar an gcathair.

Ina ráiteas féin, dúirt an tAire Catherine Martin gur chúis díomá di nach raibh deis aici cuairt a thabhairt ar aon cheantar Gaeltachta mar aire go fóill ach go raibh sé i gceist aici é sin a chur ina cheart a luaithe is atá deireadh leis na srianta dianghlasála.

Dúirt an tAire Martin go raibh an Rialtas “tiomanta a bhfuil ar ár gcumas a dhéanamh” chun an teanga a chur chun cinn, ach go raibh “todhchaí na teanga ag brath go mór ar an bpobal” féin.

Dúirt sí gur gá “timpeallacht a chothú ina mbraitheann daoine muiníneach as a gcuid Gaeilge a úsáid, is cuma cén leibhéal cumais atá acu inti.”

Dúirt Catherine Martin go bhfuil an Ghaeilge ar “ceann de na rudaí is sainiúla faoinár gcultúr” agus go raibh sí ag obair le Roinn na Gaeltachta chun “saibhreas na Gaeilge a léiriú inár gcuid gníomhaíochtaí cultúrtha go léir”.

Dúirt an tAire go raibh iarrtha aici ar oifigigh a Roinne an Ghaeilge a chur san áireamh mar cháilíocht “inmhianaithe” do gach ceapachán a dhéantar ar bhoird stáit a thagann faoi chúram na Roinne. Dúirt sí go raibh Ráiteas Straitéise nua na Roinne á ullmhú agus gur iarr sí go mbeadh forbairt na Gaeilge sa státchóras mar chuspóir sa cháipéis sin.

Le linn an phlé, mhol an Seanadóir de chuid an Chomhaontais Ghlais Róisín Garvey obair na gColáistí Samhraidh ar fud na tíre ach dúirt sí go raibh sé tábhachtach go mbeadh an t-ardchaighdeán céanna i ngach ceann acu.

Dúirt an Seanadóir Garvey gur cheart deontas a chur ar fáil do gach dalta i Rang a 6 ar fud na tíre chun freastal saor in aisce ar chúrsa Gaeltachta. Luaigh sí samplaí na Breatnaise agus na hEabhraise mar léiriú ar an dul chun cinn is féidir a dhéanamh ach gasúir a thumadh sa teanga ar feadh roinnt seachtainí.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Lorraine Clifford-Lee gur dul chun cinn mór a bheadh sa bhille teanga nua a chuirfeadh deireadh le “go leor constaicí” roimh úsáid na Gaeilge leis an Stát. Dúirt sí, áfach, nach bhféadfaí seirbhísí baincéireachta cearta a fháil i nGaeilge. 

D’impigh sí ar an Aire Martin agus ar an Aire Stáit Jack Chambers brú a chur ar na bainc seirbhís níos fearr a chur ar fáil i nGaeilge. Labhair an Seanadóir Clifford-Lee chomh maith faoina laghad eolais atá curtha ar fáil i nGaeilge ag an Rialtas agus an Stát faoin bpaindéim. Bhí sé “scanrúil” agus ní fhéadfaí “aon leithscéal” a dhéanamh dó, a dúirt sí.

Dúirt an Seanadóir neamhspleách Ronan Mullen gur léir go raibh Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers ag tacú le cuid mhaith tograí agus go raibh obair fhiúntach ar siúl ag dreamanna éagsúla ar son na Gaeilge. 

Dúirt Mullen, áfach, go mbeadh sé “an-deacair” aon dul chun cinn a dhéanamh mura mbeadh “struchtúr faoi sin ar fad ag leibhéal na gceart agus na reachtaíochta”. Go dtí go mbeidh dóthain daoine a bhfuil Gaeilge acu á n-earcú sa státchóras, ní féidir a rá “go bhfuil an córas dílis don Ghaeilge ná dáiríre faoin nGaeilge”, arsa Ronan Mullen.

Ba iad na Seanadóirí eile a rinne ráitis ar an nGaeilge ná Catherine Ardagh, Eugene Murphy agus Fiona O’Loughlin ó Fhianna Fáil; Barry Ward, Joe O’Reilly agus Jerry Buttimer ó Fhine Gael; agus Marie Sherlock ó Pháirtí an Lucht Oibre.

Fág freagra ar '‘Tá cearta teanga agam ag suí anseo i mBaile Átha Cliath nach bhfuil agam i mBéal Feirste’'