Tá ceart ag gach duine ar shaol príobháideach lena muintir sa mbaile

Seachnófar an pholaitíocht má leantar le bagairtí ar pholaiteoirí agus le picéid ar a dtithe cónaithe

Tá ceart ag gach duine ar shaol príobháideach lena muintir sa mbaile

Ag cruinniú de Chomhairle Chathair Los Angeles Dé Máirt, ritheadh dlí a chuirfidh cosc ar agóidí a dhírítear ar thithe nó ar árasáin ina bhfuil cónaí ar pholaiteoirí. Cuirfidh an dlí iachall ar dhaoine a bhíonn páirteach in agóidí dá leithéid fanacht 300 troigh (91.4 méadar) ar a laghad amach ón teach nó árasán ar a bhfuil an agóid dírithe.

Dúirt uachtarán na Comhairle, Nury Martinez go raibh an t-atmaisféar a bhí i réim le linn agóidí éagsúla a reáchtáladh taobh amuigh dá teach féin agus d’áiteanna cónaithe pholaiteoirí eile ag dul ó smacht.  Ní d’fhonn cead cainte a shrianadh a ritheadh an dlí nua, a dúirt sí, ach chun cosaint a chur ar fáil do theaghlaigh agus go háirithe do pháistí na bpolaiteoirí ar a ndírítear léirsithe ionsaitheacha lá agus oíche.

Ní grúpaí atá míshásta le srianta sláinte Covid-19 amháin a thug aghaidh ar thithe pholaiteoirí éagsúla – d’eagraigh dreamanna ar an eite chlé agóidí den sórt céanna faoi iompar na bpóilíní.

Tá an dlí nua in Los Angeles ar aon dul le dlíthe atá i bhfeidhm cheana féin in áiteanna eile sna Stáit Aontaithe. Ritheadh é dhá lá sular mhol seanadóir Fhianna Fáil Malcolm Byrne reachtaíocht phríobháideach faoin ábhar céanna sa Seanad ar ar thug sé An Bille um Áiteanna Cónaithe Príobháideacha a Chosaint (Ar Phicéadú Spriocdhírithe).

Tá tábhacht nach beag leis na focail idir lúibíní i dteideal an bhille. Is iarracht iad a aidhm agus a éifeacht a shoiléiriú, mar gheall ar na deacrachtaí a shíltear a bhaineann le dréachtú soiléir reachtaíochta nach gcuirfidh cosc timpisteach nó ró-leathan ar agóidíocht. Ní féidir a bheith cinnte fós go rithfear an bille, toisc nach bhfuil tacaíocht geallta fós ag an rialtas.

Chuaigh grúpaí beaga atá in aghaidh na srianta atá i bhfeidhm chun scaipeadh an Covid-19 a chosc i mbun agóide le gairid taobh amuigh de thithe Eamon Ryan, Stephen Donnelly, Simon Harris, Leo Varadkar, Mary Lou McDonald, taobh amuigh de thithe na gcraoltóirí Joe Duffy agus Pat Kenny, agus taobh amuigh de theach an phríomhoifigigh leighis, Tony Holohan.

Dúradh go leor rudaí gránna agus maslacha le linn na n-agóidí ach bhí Gardaí i láthair agus ní fhéadfaí a rá go cinnte gur sháraigh na sluaite beaga a bhí páirteach iontu an dlí.

Níl aon amhras áfach ar scríbhneoir an cholúin seo (tar éis a bheith i láthair ag agóid amháin) agus ar mhórán daoine eile ach gur cur isteach iomarcach iad ar an gceart ba chóir a bheith ag gach duine – polaiteoirí san áireamh – saol príobháideach a bheith acu féin agus a muintir san áit ina bhfuil cónaí orthu.

Ní foláir cuimhneamh, agus tábhacht na n-agóidí á meá, ar an mbagairt leanúnach ar líne a dhéantar ar pholaiteoirí. Thug ceisteanna a chuir an t-iriseoir Barry Whyte ó Newstalk ar bheagnach céad Teachta Dála agus Seanadóir léargas ar thionchar na meán sóisialta ar a bhformhór.

Dúirt 90 faoin gcéad díobh go ndearnadh bagairt de chineál éigin orthu. Dúirt 46 faoin gcéad gur bagraíodh bás orthu. Ní féidir an t-imeaglú sin, ar mhná a mbagraítear éigniú orthu mar shampla, a scaradh go hiomlán ón imní réasúnta a bhíonn ar pholaiteoirí nuair a thagann slua le chéile ag doras an tí.

Dúirt 94 faoin gcéad de na polaiteoirí a labhair le Barry Whyte go raibh siad i bhfabhar reachtaíochta a choiscfeadh agóid taobh amuigh de theach ina bhfuil cónaí ar pholaiteoir.

Shílfeá mar sin go mbeadh cóir ghaoithe ag an mbille príobháideach atá molta ag an Seanadóir Byrne. Ach ní mar gheall ar an gcastacht a shíltear a bhaineann leis an ábhar amháin atá éiginnteacht ag baint lena shaothar. Cé nach maith le polaiteoir ar bith agóid a fheiceáil ar leac a dhorais, ní bheadh fonn ar a bhformhór scéal mór a dhéanamh dá leithéid, ná deis phoiblíochta a thabhairt do na léirsitheoirí, mar a thabharfaí dá gcuirfí an dlí orthu.

Má leantar leis na hagóidí, áfach, tá seans maith ann go rithfear reachtaíocht de chineál éigin lena gcur faoi smacht. Mura rithfear, agus mura gcuirtear srian éigin i bhfeidhm ar shíorbhagairt ar líne ar pholaiteoirí, is léir an dainséar atá ag teannadh linn.

Déanfaidh go leor daoine breátha rogha stuama agus an ghairm pholaitiúil á seachaint acu. Rud nach ndéanfadh maitheas do dhuine ar bith.

Fág freagra ar 'Tá ceart ag gach duine ar shaol príobháideach lena muintir sa mbaile'

  • An Teanga Bheo

    Gach neart a chosaint sé throigh sé