Tá ceap magaidh déanta ag WhatsApp den chumarsáid dhaonna

Tá buntáistí ag baint le seirbhísí teachtaireachta ach tá ár gcolúnaí curtha soir ag leithéidí WhatsApp 

Tá ceap magaidh déanta ag WhatsApp den chumarsáid dhaonna

Tamall de mhíonna ó shin, bhog cara de mo chuid chuig áit nach raibh comhartha ann do ghutháin phóca. Bhí fáil aige ar wifi, áfach, agus chuir sé brú orm WhatsApp a íoslódáil. Rinne mé sin – in aghaidh mo thola. Bhí tuairim mhaith agam nach dtaitneodh an aip liom.

Íorónta go leor, níl teagmháil agam a thuilleadh leis an bhfear a chuir brú orm WhatsApp a íoslódáil. Níos íorónta fós, ba ar WhatsApp a thit muid amach. Mar bhuille scoir, shocraigh sé mé a bhlocáil ar WhatsApp.

Ní seirbhís teachtaireachta í WhatsApp i súile daoine áirithe, ba léir, ach seirbhís chun súil ghéar agus smacht a choinneáil ar chairde.

Bhí sé in am WhatsApp a bhaint de mo ghuthán. Ach faraor géar, bhí sé rómhall. Bhí an chuid eile de mo chairde tar éis fáil amach go raibh sé agam agus thar oíche, nach mór, ar WhatsApp amháin a thosaigh siad ag dul i dteagmháil liom. Níl aon dul as, is dócha: sa lá atá inniu ann, seo an chaoi a gcoinníonn 1.5 billiún duine ar fud na cruinne i dteagmháil lena chéile. Ach cuireann an diabhal rud as dom chuile lá beo.

An rud is mó a chuireann soir mé ná a mhí-éifeachtaí is atá WhatsApp agus seirbhísí teachtaireachta cosúil leis mar bhealach cumarsáide. 

Fadó, fadó, nuair a chuireadh daoine glaonna gutháin ar a chéile, gheofá freagra ar pé ceist a bhí agat ar an bpointe boise.

‘An bhfuil tú ag iarraidh teacht chun dinnéir inniu?’

‘Níl, go raibh maith agat, tá orm dul ar cuairt chuig m’aintín atá san ospidéal.’

Ní fhanfá ar an líne ar feadh rófhada ach an oiread, mar chosain glaonna gutháin airgead. Agus freagra faighte agat ar do cheist, leanfá ar aghaidh le cúraimí an lae.

Ach inniu, is cosúil go gceapann daoine gur pian sa tóin é nuair a chuireann tú glaoch orthu. Caithfidh tú teachtaireacht a chur a léifidh siad nuair a oirfidh sé dóibhsean. Ní mór don teachtaireacht chéanna a bheith lán straoiseog.

‘An bhfuil tú ag iarraidh teacht chun ? inniu? ?????

Rachaidh leathuair an chloig thart, uair an chloig, dhá uair an chloig, ach ní bhfaighidh tú aon fhreagra ar do cheist. Breathnóidh tú ar do ghuthán seacht míle uair agus is gearr go mbuailfidh taom imní thú, go háirithe toisc gur léir ón dath gorm sin atá tar éis teacht ar an dá thic in aice le do theachtaireacht go bhfuil sí léite ag an duine eile. Meas tú ar bhain tú úsáid as an straoiseog mhícheart? Meas tú an raibh fobhrí gháirsiúil ag baint léi nár thuig tú? Meas tú an labhróidh do chara leat go deo arís? Idir an dá linn beidh dinnéar do bheirt réitithe agat, ar eagla na heagla, ach íosfaidh tú é leat féin toisc nach bhfreagróidh an duine eile do theachtaireacht go dtí go mbeidh sé rómhall.

‘Brón orm ?ní fhaca mé do theachtaireacht go dtí anois díreach bhí mé ar cuairt chuig m’aintín atá an-tinn ? san ospidéal úps drochjóc ???

Tá a fhios agam, tá buntáistí ag baint le WhatsApp agus seirbhísí mar é. Tá siad saor in aisce. Nuair nach mbíonn i gceist ach teachtaireacht sciobtha déanfaidh siad an beart. Ach seachas sin, tá ceap magaidh déanta acu den chumarsáid dhaonna.

Fág freagra ar 'Tá ceap magaidh déanta ag WhatsApp den chumarsáid dhaonna'