Ní bheadh ar dhaltaí Ardteiste i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge cúrsa nua Gaeilge a bheadh níos dúshlánaí a dhéanamh mura mbeidís á iarraidh sin.
Tá soiléiriú tugtha ar deireadh faoi cén dream a mbeadh orthu an cúrsa Gaeilge nua T1 atá beartaithe ag an Roinn Oideachais a dhéanamh agus cén dream a mbeadh rogha acu é a dhéanamh.
Deir an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) i dtuarascáil nua go raibh “ceacht le foghlaim” acu maidir leis an doiléire a bhain leis an scéal.
Tá amhras ann faoi céard atá i ndán don phlean na cúrsaí nua a thabhairt isteach agus moladh déanta ag an CNCM tuilleadh taighde a dhéanamh ar an cheist. Bhíothas ag iarraidh dhá chúrsa a thabhairt isteach, ceann T1 a bheadh dírithe ar chainteoirí dúchais agus líofa agus cúrsa T2 a deirtear a bheadh oiriúnach do dhaltaí eile.
Bhí conspóid mhór ag baint leis an bplean ón tús, áfach, agus tá admhaithe ag an CNCM nár chabhraigh an easpa soiléireachta le cúrsaí.
I dtuarascáil chomhairliúcháin a réitigh an eagraíocht maidir leis na dréachtsonraíochtaí, deirtear nach mbeadh an cúrsa T1 éigeantach do dhaltaí i scoileanna lán-Ghaeilge.
Deirtear go mbeadh ar scoileanna lán-Ghaeilge an cúrsa níos deacra a chur ar fáil ach nárbh éigean do dhaltaí na scoileanna sin tabhairt faoi.
Dheimhnigh an Roinn Oideachais dhá bhliain ó shin go mbeidh rogha ag gach scoil Bhéarla sa stát an cúrsa Gaeilge nua T1 a dhéanamh nó gan é a dhéanamh ach theip ar an Aire Norma Foley a dheimhniú an mbeadh an rogha chéanna ag scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.
I dtuarascáil an CNCM, deirtear gur léir ón chomhairliúchán go raibh “míthuiscint” ann go mbeadh an cúrsa T1 éigeantach do dhaltaí i scoileanna lán-Ghaeilge agus cé go rabhthas in ann soiléiriú a thabhairt i gcásanna áirithe, ní raibh sé soiléir sa suirbhé a reáchtáladh mar chuid den phróiseas.
Dúirt an CNCM go raibh ceacht le foghlaim ag an eagraíocht de thoradh an easpa soiléireachta sin agus gur bhain an-chuid den aiseolas a fuarthas mar chuid den suirbhé le ceist an éigeantais.
Fiú mura mbeadh an cúrsa T1 éigeantach i scoileanna lán-Ghaeilge, bheadh ceist mhór acmhainní ann maidir le cén chaoi a bhféadfaí an dá chúrsa Gaeilge a chur ar fáil. Bheadh an fhadhb chéanna ag scoileanna Béarla a bheadh ag iarraidh an cúrsa T1 a chur ar fáil do dhaltaí.
Sa Pholasaí Oideachais don Ghaeltacht atá ag an Roinn Oideachais, deirtear go mbeidh ‘’ceangal’’ ar scoileanna Gaeltachta an cúrsa T1 a dhéanamh chun cáiliú do scéim aitheantais Gaeltachta an pholasaí sin.
Ní raibh an tAire Oideachais sásta a rá riamh an mbeadh pointí breise ag dul leis an gcúrsa T1, áfach, agus imní á léiriú ag daltaí, tuismitheoirí, múinteoirí agus saineolaithe faoin toradh a bheadh ar chúrsa níos dúshlánaí a thabhairt isteach gan cúiteamh breise a bheith ann dóibh siúd a bheadh ag tabhairt faoi.
file
Cad chuige nach bhfuil cúrsa T1 éigeantach sna scoileanna lán-Ghaeilge? An é nach bhfuil Gaeilge ag na daltaí i ndiaidh 8 mbliana de bhunscoil agus 5/6 bliana d’iar-bunscoil?
file
Cad chuige nach mbeadh T1 éigeantach i scoileanna lán-Ghaeilge? Ba cheart Gaeilge mhaith a bheith acu i ndiaidh 8 mbliana sa bhunscoil agus 5/6 bliana sa mheánscoil.