Tá buntáistí ag baint le bheith i Roinn 1B…

Ní bhíonn an brú céanna sa dara roinn den tsraith náisiúnta iománaíochta agus is féidir le bainisteoirí níos mó imreoirí a úsáid

Tá buntáistí ag baint le bheith i Roinn 1B…

Ní rófhada ó shin ní bhíodh faic ar siúl ar pháirc na himeartha an t-am seo bliana ach tá sé sin athraithe go mór dar ndóigh, go háirithe i mbliana.

Thosnaigh chuid maith de na comórtais réamhshraithe idirchontae roimh an Nollaig. Taca an ama chéanna, bhí chuid mhaith scéalta conspóideacha ann faoi chúrsaí airgid agus scéalta achrannacha sna meáin faoi chúrsaí cois Laoi agus cois Coirbe. Ní foláir nó foghlaimeoimid níos mó faoi na scéalta sula i bhfad.

Bhuel tá an bhliain nua faoi lán seoil agus ní fada anois go mbeidh na comórtais sraithe sa pheil agus san iomáint ag tosnú agus na fochomórtais, amhail Corn an Bhreathnaigh, agus Corn Criostal Phort Láirge ag teacht chun ceann scríbe. Dar ndóigh ní fada go mbeidh na comórtais tríú leibhéal faoi lán seoil freisin. 

Mar sin tá na himreoirí go léir ag ullmhú do shéasúr gnóthach eile agus gan dabht iad go léir ag súil le rud éigin a bhuachan. Bíonn cuid mhaith traenála agus cluichí ar siúl na hoícheanta agus na deirí seachtaine seo.

Ós rud é go bhfuil soilse sna páirceanna ag an-chuid foirne anois is féidir oibriú ar na scileanna ag gach seisiúin traenála. Is mór an chabhair é sin do na hiománaithe go léir a bhíonn ag iarraidh faobhar a chur ar na scileanna go luath sa bhliain. Is mór an buntáiste é nuair a bhíonn imreoirí ábalta na scileanna a chleachtadh gach uair a théann siad ag traenáil. Chomh maith leis sin tá fallaí iomána go forleathan timpeall na tíre anois. Is féidir le haon imreoir dul chuig an bhfalla iomána aon uair is mian leis agus obair a dhéanamh ar na scileanna. Is fearr, dar ndóigh, nuair a bhíonn beirt ann mar feabhsaíonn an choimhlint an caighdeán. Is mór an buntáiste d’fhoireann nuair is féidir leo an falla a úsáid ag gach seisiún traenála. I mo thuairim féin, má choinnítear an luas breá tapa i gcoinne an fhalla tagann feabhas mór ar scileanna an imreora luath go leor.

Dar ndóigh tá Luimneach ag imirt sa phríomhroinn den tsraith den chéad uair le tamall. Le blianta beaga anuas bhí cluichí thar a bheith iomaíoch againn sa phríomhroinn ach caithfear a rá nach rómhór an míbhuntáiste é a bheith ag imirt i roinn 1B nuair a chuirtear san áireamh gur bhuaigh Luimneach craobh na hÉireann agus iad sa dara roinn anuraidh. In 2015 is iad Port Láirge, faoi stiúir Derek McGrath, a tháinig as an bhfásach agus as an dara roinn chun príomhdhuais na sraithe a thabhairt leo. Rinne contae an Chláir amhlaidh in 2016 agus iad féin sa dara roinn freisin. 

An bhliain dár gcionn, as roinn 1B a tháinig an Ghaillimh chun na duaiseanna móra go léir a bhuachan.

Ní bhíonn an brú céanna sa dara roinn agus a bhíonn sa phríomhroinn agus is féidir le bainisteoirí níos mó imreoirí a úsáid. Tá an bhearna idir an dá fhoireann is láidre i roinn 1B agus na foirne eile mór go leor agus nuair a bhíonn an dá fhoireann sin i gcoinne na bhfoirne eile tugtar deis imeartha d’imreoirí eile, seachas an chéad chúigear déag a roghnaítear de ghnáth, a gcumas a chur ar a shúile don bhainisteoir.

Sa phríomhroinn is beag deis in aon chor a bhíonn ag an mbainistíocht aon tástáil a dhéanamh ar imreoirí eile.

Ciallaíonn sin go léir, i mo thuairimse, go bhfuil buntáistí ag baint le bheith i roinn 1b agus nuair a chuirtear gach rud san áireamh, ceapaim go mbíonn an dá fhoireann is láidre sa dara roinn níos fearr faoin am a gcuirtear tús leis an gcomórtas craoibhe. 

Fág freagra ar 'Tá buntáistí ag baint le bheith i Roinn 1B…'