Tá bóthar dainséarach fada le taisteal fós sa chogadh seo

Tá caibidil nua lán contúirte curtha le scéal an chogaidh ag ionghabháil mhídhleathach na gcríocha gafa

Tá bóthar dainséarach fada le taisteal fós sa chogadh seo

Ní daonlathas í an Rúis ach ní deachtóireacht í ach an oiread, agus tá rudaí i bhfad níos baolaí dá bharr sin. Nuair a chaill Saddam Hussein an chéad chogadh sa murascaill mharaigh sé éinne a bhí ina bhagairt dó chun greim docht daingean a choimeád ar an gcumhacht. Níl an cineál sin ollsmachta ag Putin.

Cinnte tá an eite liobrálach – b’fhéidir 15%-20% den daonra – cloíte go hiomlán aige. Tá a gceannairí i bpríosún, thar sáile nó marbh. Chinn tromlach an daonra – b’fhéidir 60%-70% – a bheith ‘neamhpholaitiúil’ ar mhaithe le saol suaimhneach a bheith acu. A fhaid is nach raibh siad thíos go pearsanta le polasaithe Putin ní raibh siad chun iad féin a chur i mbaol agus cur ina choinne. B’in an fáth go raibh an oiread sin drogaill ar Putin gairm shlógaidh a fhógairt agus feicimid an míshuaimhneas anois i measc an mhóraimh ‘neamhpholaitiúil’ sin ó tosaíodh ag gabháil a gcuid fear le cur chuig an bhfronta.

Ach is iad an tríú dream is mó a chuireann eagla ar Putin – an eite dheis Náisiúnach – b’fhéidir 15%-20% den daonra. Tá cumhacht agus tionchar acu sa rialtas, san arm agus ar na meáin chumarsáide stáit agus is léir nach bhfuil smacht iomlán ag Putin orthu agus go bhfuil a stádas ag brath ar a gcuid tacaíochta.

Dá mbeadh Putin ina dheachtóir amach is amach ar nós Saddam Hussein, d’fhéadfadh sé margadh a dhéanamh chun deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin (tailte a ghéilleadh) agus fós fanacht i gcumhacht sa Rúis. Ach níl aon slí gur féidir leis sin a dhéanamh mar gheall ar chumhacht na heite deise Náisiúnaí. Má shíleann siad go bhfuil sé ag géilleadh nó ag cailliúint nó nach bhfuil sé toilteanach gach rud is gá a dhéanamh (dar leosan) chun buachan, casfaidh siad ina choinne. Sin é an fáth ar ghéill sé ar deireadh dá n-éileamh ar ghairm shlógaidh – ba bhagairt níos mó dó a míshástacht siúd ná míshuaimhneas an mhórphobail. Sin é an fáth go ndearna sé ionghabháil mhídhleathach ar na críocha gafa – ionghabháil nach bhfágann slí éalaithe nó cúlaithe ar bith aige ón tsáinn ina bhfuil sé. Agus is é sin a mhéadaíonn go mór, faraor, an baol go n-úsáidfidh sé airm núicléacha san Úcráin. Má leanann sé air ag cailliúint an chogaidh choinbhinsiúnaigh, agus tá gach cuma air faoi láthair gurb é sin a tharlóidh, seans go mbeidh rogha aige idir coup ón eite dheis nó géilleadh dá n-éileamh airm núicléacha a úsáid.

Dar ndóigh níl aon chinnteacht go dtarlóidh sé sin. Caithfidh go bhfuil eite phragmatach laistigh den rialtas a bheadh imníoch faoi dhul síos an bóthar núicléach, dream a dhéanfadh iarracht stop a chur leis sin dá dtagadh an crú ar an tairne. Is cinnte go mbeidh an tSín ar a míle dícheall ar chúla téarmaí ag iarraidh pé tionchar atá acu a úsáid chun tacú leis an eite seo agus chun cur ina luí ar an Rúis gan airm núicléacha a úsáid.

Ní fios cé a bhuafadh a leithéid de choimhlint chumhachta inmheánach. Nó b’fhéidir go bhféadfadh Putin an cíoná a tharraingt as cúl a ghlaice chun teip iomlán sa chogadh coinbhinsiúnach a sheachaint. Is ar éigean go bhfuil an tSín chun u-chasadh a dhéanamh agus tosú ag tabhairt cúnamh míleata dó. Ach tá seans éigin go bhfeicfeadh ceannaire na Bealarúise Alexander Lukaskenko deis a stádas agus a chumhacht féin a neartú trí theacht i gcabhair ar Putin lena fhórsaí armtha féin.

Dá ndéanfadh sé ionradh trasna na teorann i dtreo Chív, níor ghá dó an phríomhchathair a ghabháil fiú – ba leor an t-ionsaí chun iachall a chur ar an Úcráin fórsaí a tharraingt siar ón oirthear chun an phríomhchathair a chosaint.

Má thosaíonn an Rúis ag cliseadh go hiomlán ar a cuid frontaí san Úcráin agus má ghéilleann Putin d’éilimh na heite deise airm núicléacha a úsáid i gcoinne fhórsaí na hÚcráine, cad a tharlóidh ansin? Is cinnte go mbeidh aisfhreagra de chineál éigin ó NATO. Ní chreidim gur aisfhreagra le hairm núicléacha a bheadh ann i dtús báire. Cá scaoilfeadh siad diúracáin núicléacha? San Úcráin? Tá siad ag iarraidh an tír a fhuascailt, seachas í a scriosadh ar feadh na nglúnta. Ionsaí díreach ar an Rúis agus tús a chur le cogadh núicléach idir NATO agus an Rúis? Ar éigean é. Is dócha mar sin gur freagra le hairm choinbhinsiúnacha a bheadh ann – ionsaí le diúracáin chúrsála ar thargaidí míleata luachmhara na Rúise – b’fhéidir cabhlach na Mara Duibhe.

Éiríonn cúrsaí níos éiginnte fós ina dhiaidh sin. An bhfreagródh an Rúis an t-ionsaí le hionsaithe le diúracáin choinbhinsiúnacha ar thíortha NATO? Nó an ndúiseodh an tromlach neamhpholaitiúil sa Rúis le héirí amach i gcoinne a rialtais féin chun stop a chur le cogadh núicléach? Nó an éireodh le dream pragmatach éigin seilbh a fháil ar an gcumhacht i Moscó ar mhaithe lena mbeatha agus a saibhreas féin a chaomhnú? An mbeadh cogadh cathartha sa Rúis fiú? Nó an mbeadh éirí amach i measc an phobail sna tíortha daonlathacha ag éileamh ar a rialtais géilleadh don Rúis ar mhaithe le cogadh núicléach a sheachaint?

Tá bóthar dainséarach fada le taisteal fós sa chogadh seo. Measaim áfach go bhfuil an méid seo cinnte: in éagmais margadh idir an Rúis agus an Úcráin, ní thabharfaidh formhór mór thíortha an domhain aitheantas oifigiúil go deo d’fhorlámhas na Rúise ar na críocha gafa. Agus ní bheidh aon mhargadh ann idir an Rúis agus an Úcráin mura dtugann an Rúis ar a laghad formhór na gcríocha gafa ar ais. Ní bheidh aon chaidreamh normálta leis an iarthar nó forbairt eacnamaíochta dá muintir féin i ndán don Rúis go dtí go ndéanfaidh sí é sin.

Fág freagra ar 'Tá bóthar dainséarach fada le taisteal fós sa chogadh seo'

  • Pádraig O'hEipicín

    Go bhfóire Dia agus a Mháthair Beannaithe orainn.

  • Gabriel Rosenstock

    Is fíor go bhfuil bóthar dainséarach le taisteal fós, mar a deir Fachtna. D’fhéadfadh eachtra núicléach a bheith ann lá ar bith, ní d’aon ghnó ach trí thimpiste! Is beag nár tharla sé cheana, níos mó ná uair amháin:
    https://en.wikipedia.org/wiki/List_of_nuclear_close_calls
    Cad is féidir leis an tírín seo a dhéanamh? Ár neodracht a neartú agus detente a chur chun cinn. Níl neodracht na hÉireann á neartú ag an rialtas atá againn faoi láthair, is baolach, agus tá go leor de na meáin ag tacú le tréigean na neodrachta, faraor dóite.