Tá borradh faoi Shinn Féin sna pobalbhreitheanna, ach cá seasann siad ar fud na tíre?

Más féidir le Sinn Féin a lucht tacaíochta a ghríosú chun teacht amach lá na vótála, d'fhéadfadh go gcuirfear tús in Olltoghchán 2020 le athrú mór ar shaol na polaitíochta in Éirinn

Tá borradh faoi Shinn Féin sna pobalbhreitheanna, ach cá seasann siad ar fud na tíre?

Le roinnt olltoghchán anuas tá Sinn Féin ag dul ó neart go neart, ach tháinig stop tobann leis an bhfás sin sna toghcháin áitiúla is Eorpacha i mí an Mheithimh. Chaill an páirtí 78 suíochán, ó 159 go 81 suíochán a thit siad, agus thit a vóta ó 15% go dtí 10%. Chaill siad beirt den triúr feisirí Eorpacha a bhíodh acu.

San olltoghchán in 2016 d’éirigh thar barr leis an bpáirtí is ghnóthaigh siad 23 suíochán, ach i bhfianaise thorthaí na dtoghchán áitiúil bhí na tráchtairí ar aon intinn go gcaillfidís roinnt mhaith de na suíocháin sin sa toghchán seo.

Buille mór ab ea na torthaí sin don pháirtí gan dabht, ach tháinig borradh mór fúthu sna fothoghcháin nuair a bhain siad suíochán amach i mBaile Átha Cliath Thiar Meán (tá beirt acu ansin anois). Chomh maith leis sin d’éirigh go maith i gCorcaigh Thuaidh-Lár agus tá seans maith anois ag Johnny Mythern i Loch Garman an suíochán a bhí ag Mick Wallace a thógáil.

Anois, de réir na bpobalbhreitheanna go léir a rinneadh ó thús an fheachtais tá borradh mór faoi thacaíocht an pháirtí. Sa cheann is déanaí, a foilsíodh sa Business Post inné, tá siad ar comhchéim le Fianna Fáil sa chéad áit ar 24%.

Tá an-fheachtas curtha isteach ag Mary Lou McDonald agus ó tharla go raibh ceist na tithíochta agus cúrsaí sláinte go mór sa treis bhí an-thionchar ar chúrsaí chomh maith ag daoine amhail Pearse Doherty, Eoin Ó Broin agus  Louise O’Reilly ar éirigh leo, is léir dul i bhfeidhm ar an bpobal.

Ach cá seasann siad ar fud na tíre? 

Is ar éigean anois go gcaillfidh siad aon suíochán,  cé go raibh amhras roimhe seo, mar shampla, faoi shuíochán Louise O’Reilly i bhFine Gall. Bíonn Sinn Féin íseal go maith sa toghcheantar seo, ach ceapaim go  mbeidh O’Reilly chun tosaigh ar Dean Mulligan, comharba Clare Daly, agus go dtabharfaidh a vótaí aistrithe an suíochán do bhean Shinn Féin.

Ar ndóigh, is minic go mbíonn an tacaíocht a léirítear dóibh sna pobalbhreitheanna níos airde ná mar a fhaigheann siad i dtoghcháin. Tá an-tacaíocht acu i measc daoine san aoisghrúpa faoi 35, dream nach féidir brath chomh mór sin orthu vóta a chaitheamh.

Lena chois sin, bíonn tacaíocht íseal acu i measc daoine os cionn 65, an dream is mó a chaitheann vóta.

Mar sin féin, is údar mór misnigh dóibh na pobalbhreitheanna is déanaí agus an feachtas láidir a bhí acu go n-uige seo.

Bíodh is go bhfuil imní orthu a bheith ró-mhórálach go fóill, tá faitíos an domhain ar Fhianna Fáil agus ar Fhine Gael agus iad in iomaíocht le chéile féachaint cé acu is diongbháilte maidir le gan dul i gcomhrialtas le Sinn Féin. Ar ndóigh, d’fhéadfadh gur chuir an bhréag-argóint sin leis an dul chun cinn atá déanta ag Sinn Féin.

Cinnte, i mBaile Átha Cliath Thiar Meán tá seans maith acu an dá shuíochán atá acu faoi láthair a choinneáil. D’fhéadfadh gurbh é Gino Kenny ó Phobal Seachas Brabús a d’íocfadh as sin. I dTír Chonaill, tá seans maith go mbuafaidh Padraig Mac Lochlainn an suíochán a chaill seisean in 2016 agus gurbh é Tomás Pringle a íocfaidh as.

Ar an taobh eile den scéal, tá dhá shuíochán caillte cheana féin acu ó d’fhág Peadar Tóibín (an Mhí Thiar) agus Carol Nolan (Uíbh Fháilí) an páirtí de bharr malairt tuairimí faoin nginmhilleadh.

Tá ceist bheag ann freisin faoi Chiarraí toisc nach mbeidh Martin Ferris nó a iníon, Toiréasa Ní Fhearghuis ag seasamh, agus ceist eile faoi Pat Buckley i gCorcaigh Thoir. Ceapaim féin, áfach, go mbeidh an lá le Sinn Féin sa dá áit ag deireadh thiar.

I gCorcaigh Theas-Lár tá an chuma air go bhfuil Donnchadh Ó Laoghaire sách tréan, cé go mbeidh brú air ó Chomhaontas Glas.

Más fíor do na pobalbhreitheanna ba chóir go gcoinneoidís an dá shuíochán atá acu i gcontae Lú agus ba chóir go mbeadh seans acu ar dhá shuíochán i gCabhán- Muineacháin. Ní cóir go mbeadh na suíocháin eile atá acu i mbaol. An bhfuil seans anois acu i Maigh Eo agus i nGaillimh Thiar, nó cad mar gheall ar Chill Dara Theas agus Cill Dara Thuaidh?

Más cruinn an tuairimíocht seo ba chóir go dtiocfadh Sinn Féin ar ais chun na Dála le suas le tríocha suíochán.

Agus beidh áthas an domhain orthu más amhlaidh a bhíonn.

Tá an méad seo ar fad ag brath ar iad a bheith in ann a dtacaíocht a choinneáil don seachtain dheireannach seo is a lucht tacaíochta a thabhairt amach lá na vótála.

Ina lán cásanna ní bheidh mórán vótaí i gceist idir bua agus teip agus níor tháinig dóthain dá lucht tacaíochta amach lá na dtoghchán áitiúil.

Tá an páirtí ag leagan an-bhéim ar chúrsaí tithíochta agus sláinte, agus is minic a deir siad na rudaí a theastaíonn ón bpobal a chloisteáil. Ach cé go ndeir 40% de na vótóirí gur cúrsaí tithíochta an scéal is tábhachtaí dóibh tá móramh mór fós ag vótáil do na páirtithe a chruthaigh is a chothaigh an ghéarchéim lena bpolasaithe fabhtacha, Fine Gael agus Fianna Fáil.

Ni scaoth breac, ach d’fhéadfadh go gcuirfidh an toghchán seo tús le athrú iomlán ar pholaitíocht na hÉireann.

Fág freagra ar 'Tá borradh faoi Shinn Féin sna pobalbhreitheanna, ach cá seasann siad ar fud na tíre?'