Tá ‘Better Call Saul’ ar an saothar is cliste atá ar an scáileán beag faoi láthair

Tá Better Call Saul tar éis guailleáil amach ó scáth Breaking Bad agus is gaisce ann féin é sin

Tá ‘Better Call Saul’ ar an saothar is cliste atá ar an scáileán beag faoi láthair

Ligeas osna nuair a chuala níos luaithe i mbliana go raibh David Chase le bóthar an réamhscéil a thabhairt le The Sopranos. Níor ghrás riamh an cleas seo le tuilleadh adhmaid a bhaint as cnuasach. Ní dóigh liom gur oibrigh sé le Star Wars nó le Lord of the Rings/The Hobbit. Le go leor táirgí, muintir New Jersey ach go háirithe, sé an réamhscéal an t-aon fhéidearthacht atá ann óir go bhfuil an oiread sin carachtar curtha de dhroim seoil.

Ar an mbonn sin ní raibh uisce le mo chuid fiacla nuair a chuala roinnt blianta ó shin go raibh draoi Breaking Bad, Vince Gilligan, chun tabhairt faoin réamhscéal. Ní gá an rath a bhí ar an saothar úd a mhíniú d’aon duine go bhfuil cur amach acu ar chúrsaí teilifíse agus bhí ciall áirithe ag baint leis an gcinneadh a thuilleadh adhmaid a bhaint as an rógaire Saul Goodman.

Cé nach áin liom i gcónaí cinniúint na gcarachtar agus críoch an scéil (go pointe) a bheith ar eolas againn tá Better Call Saul (Netflix, Dé Máirt) tar éis treabhadh leis go ciúin cumasach le trí shraith anuas. Mheabhraigh an chéad ghála den cheathrú sraith dom cén fáth a bhfuil sí, in ainneoin coiscéim bhacaí an réamhscéil, ar an saothar is cliste atá ar an scáileán beag faoi láthair. Tá sí tar éis guailleáil amach ó scáth Breaking Bad agus is gaisce ann féin é sin.

Níl sárú Gilligan ann le teannas a chruthú agus sinn a chur ar cipíní ar feadh tréimhsí fada. Bhí seo le feiscint ag tús an chláir agus Jimmy/Saul ar tinneall fad is atá altra ag útamáil lena cheadúnas tiomána agus a uimhir chánach; an dá cheann acu bréagach gan amhras is é ar a theitheadh in Nebraska. Go deimhin ba iad na radharcanna seo ag an tús an spléachadh chun cinn is faide a fuaireamar go dtí seo sa tsraith. Jimmy ag breith chuige féin mar go gceapann sé go bhfuiltear ag breith suas leis. Léiriú é seo, b’fhéidir, go mbeadh ceann scríbe na sraithe lonnaithe san am tar éis eachtraí Breaking Bad.

Tá na halfraitsí ar fad ar ais: Mike, Hector, Gus agus Nacho. Taibhsítear dom go minic gurb é Mike an ceann feadhna agus is ina chuid radharcanna siúd is mó a chítear an tsraith os cionn a buille. Carachtar seiftiúil, glic a sholáthraíonn míreanna atá lán le teannas agus, ar uairibh, le greann. Bhaineas súp as a chuid lorgaireachta an tseachtain seo, agus mar is dual don táirge seo tháinig críoch na míre sin aniar aduaidh orainn. Arís eile, áfach, cuireann sé as dom gur eol dúinn cá bhfuil ceann scríbe an charachtair ar leithligh seo. 

Tá cloch mhíle sroichte ag an gclár chomh maith óir go bhfuil duine de na carachtair lárnacha, Chuck, curtha de dhroim seoil. Tiocfaidh claochlú ar an tsraith anois dá bharr agus is cinnte go gcuirfear dlús leis an gclaochlú ó Jimmy go Saul. Tá a fhios againn (go pointe) cá bhfuil ár dtriall ach tá súp le baint as an aistear.

Fág freagra ar 'Tá ‘Better Call Saul’ ar an saothar is cliste atá ar an scáileán beag faoi láthair'