Tá barúil agam go dtuigeann na páistí nach mbím ar mo chompord le muintir Uí Araicnid

Déanaim iarracht é a cheilt ó na gasúir, níor mhaith liom go dtolgfaidís an fhóibe uaim

Tá barúil agam go dtuigeann na páistí nach mbím ar mo chompord le muintir Uí Araicnid

Cheap mé gur cheannaigh mé slám hataí, miotóga is scaifeanna anuraidh. Tá mé amhail is cinnte gur cheannaigh. Anois agus an aimsir fhuar sa mullach orainn, chuaigh mé á dtóraíocht agus tá an teach tarraingthe ó chéile agam is níl amharc ar oiread agus miotóigín bheag shuarach amháin.

Chuir mé ceist ar Bheainín na Naíonáin Bheaga nuair a d’éirigh liom mo bhealach a dhéanamh amach as an spás lámhacáin ar an lochta agus mé clúdaithe le dusta agus neadacha damháin alla.

“Ar cuimhin leatsa gur cheannaigh mé miotóga is hataí daoibh anuraidh?” a d’fhiafraigh mé di.

“Mamaí, an bhfuil a fhios agat go bhfuil rud eicínt aisteach i bhfostú do do phluca?” a d’fhiafraigh sí díom.

Bhí tuairim agam gur dóigh gur snáithín eile ó nead damháin alla a bhí ann. Níl a fhios agam ar luaigh mé cheana é, ach tá faitíos neamhréasúnach agam roimh dhamháin alla. Bhuel, deirim neamhréasúnach, ach an bhfuil sé chomh neamhréasúnach sin dháiríre nuair a chuimhníonn tú air? An bhfuil sé neamhréasúnach, nó an é  an faitíos is réasúnaí dá bhfuil ann?

Déanaim iarracht é a cheilt ó na gasúir, níor mhaith liom go dtolgfaidís an fhóibe uaim. Ach ainneoin m’iarrachtaí é a cheilt, tá barúil agam go bhfuil a fhios ag na páistí go maith nach bhfuil mé baileach ar mo chompord thart ar mhuintir Uí Araicnid.

‘Ó, dusta atá ann,’ a dúirt mé, is chuimil mé mo phluc le droim mo láimhe. Ghreamaigh pébí céard a bhí ann de mo lámh. Mhúch mé an maidhm uafáis a thosaigh ag éirí i m’ucht.

‘Ar cuimhin leat? Nár cheannaigh mé hataí is miotóga anuraidh?’ a dúirt mé.

Bhreathnaigh sí go grinn orm. ‘Tá mé beagnach cinnte gur nead damháin alla atá ann Mamaí,’ a dúirt sí. ‘Is tá mé a cheapadh go bhfuil damhán alla beag istigh inti.’

‘Caithfidh mé imeacht,’ a dúirt mé agus rith amach as an seomra. Bhí an ceart aici. Ní fiú hata ar bith é seo, a dúirt mé liom féin.

Níl a fhios agam cén fáth go bhfuil mé ag cur trioblóid orm féin ag cuartú hataí do na gasúir ar aon nós mar ní airíonn siad aon fhuacht. Is mar chuid d’fheachtas cumarsáide poiblí atá na hataí againn agus, má bhím ionraic, na cótaí freisin.

Tosaíonn muid amach leis na cótaí ach faoin am go mbíonn muid imithe síos an bóthar beagáinín bíonn na cótaí caite díobh acu. Is cuma liom dháiríre, ach amháin go mbíonn faitíos orm go mbeadh aon duine a cheapadh go gcuirfinn amach in aon turas iad gan aon chóta.

Tugaim liom na cótaí ar mhaithe lena dtabhairt liom, bíonn a fhios agam leath den am nach mbeidh siad á gcaitheamh.

‘Ná habair nach bhfuil aon chótaí agat orthu?’ a dúirt bean sa gcomharsanacht liom an lá cheana.

‘Tá cótaí acu!’ a dúirt mé agus chroch mé na cótaí san aer mar chruthúnas.

Dhírigh sí amach a méar agus bhrúigh faoi uachtar na láimhe ar Bheainín na Naíonáin Bheaga é. Nuair a thóg sí arís í bhí lorg barr a méire fágtha ar an gcraiceann ina diaidh aici. D’éirigh olc ionam, ach bhí a fhios agam nach raibh aon dochar inti is níor dhúirt mé tada.

‘Nach n-airíonn tú an fuacht?’ a deir sí léi.

Cheap mé go mbeadh olc uirthi ach ní dhearna sí ach gáire. ‘Ní airím!’ a dúirt sí agus d’imigh léi ag rith.

Céard a d’fhéadfainn a dhéanamh? Chroith mé na guaillí agus d’imigh ina diaidh, na trí chóta faoi m’ascaill is mo chóta féin dúnta go smig agam.

Fág freagra ar 'Tá barúil agam go dtuigeann na páistí nach mbím ar mo chompord le muintir Uí Araicnid'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    An-mhaith ar fad! Ach nach bhfuil a fhios go mbíonn an t-ádh bainte le damháin alla? :-)