‘Tá bairnigh bhána ar mo chócónut!’ – cnó cócó tagtha i dtír in Indreabhán

Tháinig an grianghrafadóir Johanna Ní Mháille ar chnó cócó a bhí tagtha i dtír ar an Trá Mhór in Indreabhán agus í amuigh ag siúl ar maidin

‘Tá bairnigh bhána ar mo chócónut!’ – cnó cócó tagtha i dtír in Indreabhán

Pictiúr: Johanna Ní Mháille

Baineadh siar as bean as Cois Fharraige ar maidin nuair a tháinig sí ar chnó cócó ar an Trá Mhór in Indreabhán agus í amuigh ag siúl. Bhí an clúmh fós ar an gcnó, rud a thabharfadh le fios nach de bhád a thit sé ach ó chrann ar an taobh eile den fharraige mhór.

“Bhí an ghrian go hálainn ar maidin agus chuaigh mé síos chuig an trá le cúpla grianghraf a thógáil. Céard a bhí romham ar an trá ach coconut. Bhí sé chomh haisteach sin é a fheiceáil ina shuí ar an trá leis féin, agus an clúmh fós air. Bhí chuile dhuine ag gáirí faoi ag an obair nuair a dúirt mé leo faoi,” a dúirt Johanna Ní Mháille le Tuairisc.ie tráthnóna.

Dúirt Met Éireann le Tuairisc.ie go bhféadfadh sé gur ó áit éigin i Meiriceá a tháinig an cnó cócó nó go bhféadfadh sé, freisin, gur thit an cnó ó bhád áit éigin i bhfad níos gaire d’Éirinn. Níl aon bhealach ann lena chinntiú cé acu ar ó chrann nó ó bhád a thit cnó cócó Indreabháin.

Tarlaíonn sé go dtagann cnónna cócó an bealach ar fad ó Mheiriceá go dtí an Eoraip agus tá staidéar déanta ag eolaithe in Albain ar chnó a tháinig i dtír in Inse Ghall deich mbliana ó shin.

Meastar gur thug Sruth Mhurascaill Mheicsiceo an cnó a tháinig i dtír i dTiriodh, an t-oileán is faide siar in Inse Ghall, an bealach ar fad ón Muir Chairib.

Tharla sé freisin gur tháinig níos mó ná cnó cócó amháin i dtír ag aon am amháin.

Meastar gur cnónna a thit ó lasta báid mhóir iad na cnónna sin a thagann i dtír le chéile in aon áit amháin mar gur beag seans go dtitfeadh cuid mhór cnónna isteach san fharraige le chéile agus go bhfanfadh siad le chéile ar feadh an aistir trasna na farraige.

Is mó an seans, áfach, gur ó chrann i dtír i bhfad i gcéin a thagann cnó aonair.

Fág freagra ar '‘Tá bairnigh bhána ar mo chócónut!’ – cnó cócó tagtha i dtír in Indreabhán'

  • dónal

    sílim nach dtit an cnó sa ghriangraf ó chrann go díreach mar tá an craiceann bunúsach glas a bhaint as cheana féin. tá cnóna cócó glas ar an chrann. tá ort scian mhór a usáíd chun an cuid clúmh donn a aimsiú!