Tá babaí nua sa teach againn, bhuel babaí gadhair

Ón taighde atá déanta againn le seachtain anuas, is cosúil nach bhfuil an t-uafás difríochta idir an duine agus an madra agus iad i dtús a saoil

Tá babaí nua sa teach againn, bhuel babaí gadhair

Só, tá sé déanta anois againn agus deirtear liom nach bhfuil aon dul siar air. Tá babaí nua sa teach againn. Bhuel, babaí gadhair atá ann. Coileáinín beag óg í a leaindeáil anseo Dé hAoine is tá an saol uilig curtha in aer anois aici.

Ón taighde atá déanta againn le seachtain anuas, is cosúil nach bhfuil an t-uafás difríochta idir an duine agus an madra agus iad i dtús a saoil.

Sula ngabhfaidh mé tada níos faide leis an scéal, is dóigh gur cheart dom soiléiriú beag a thabhairt duit, le faitíos go gceapfá gur sciob muid gadhar as áit éicint, nó gur thuirling sí anuas as an spéir ar nós Mary Poppins nó Nanny McPhee ar mhaithe le smacht a chur orainn.

Bhí a fhios againn go raibh sí ar an mbealach. Ach, mar atá faighte amach agam le roinnt laethanta anuas, is rud amháin é eolas a bheith agat go teoiriciúil i réimse na féidearthachta ach is rud eile ar fad é nuair a léimeann an fhéidearthacht isteach i do ghabháil is tosaíonn ag lí do leicinn.

Ní túisce istigh an doras í ná gur thosaigh muid ar an traenáil. Bhí turas go PetWorld déanta ag Fear an Tí agus na gasúir cúpla seachtain ó shin agus an leaba, an coiléar agus an iall faighte agus leagtha amach againn di. ‘Seo’d í do leaba anois,’ a dúirt an Bheainín léi agus ‘isteach leat good girl,’ á treorú isteach sa gcliabhán teolaí.

Bhreathnaigh Lílí uirthi agus chuir sí a cloigeann ar leataobh. Níor léir go raibh aon fhonn uirthi dul isteach ina leaba. Ní hé gur dhúirt sí tada, ach nuair a thosaigh sí ag cogaint an mhata ar an urlár sa seomra suí, thuig mé go raibh a freagra tugtha aici ar cheist na leapa.

‘Meas tú an dtuigeann sí Gaeilge nó Béarla?’ a d’fhiafraigh an Cailín Mór Beag díom agus an chuma uirthi go raibh mearbhall uirthi ag an neamhaird a bhí an gadhar ag déanamh dá leaba nua.

‘Ní cheapaim go dtuigeann sí ceachtar acu,’ a dúirt mé.

Meastar go dtógann sé thart ar 750 uair an chloig ar dhuine bunlíofacht a bhaint amach i dteanga nua ach ní raibh mé in ann teacht ar aon eolas faoin fhad a thógann sé ar ghadhar teanga nua a fhoghlaim. Ní hamháin go bhfuil muid ag súil go bhfoghlaimeoidh sí teanga amháin, ach ba mhaith linn ar deireadh go mbeadh sí dátheangach, más féidir.

‘Níl thuigeann sí iad, fós!’ a deir an Cailín Mór Beag. ‘Tabharfaidh muid cúpla lá eile di.’

Tá baol ann go bhfuil muid ag súil leis an iomarca ón gcréatúirín. Anois, nuair a chuimhním air, b’fhéidir go raibh mé ró-uaillmhianach nuair a thaispeáin mé spota ar chúl an tí di.

‘Má bhíonn ort a ghabháil ag an leithreas féadfaidh tú é a dhéanamh ansin,’ agus phointeáil mé ar an spota cuí. ‘Má bhíonn tú istigh sa teach agus má bhuaileann an fonn thú, níl le déanamh agat ach dul anonn go dtí an doras cúil agus tabhair comhartha éigin dúinn agus scaoilfidh muid amach thú.’

Iarratas réasúnta go leor a bhí ann, shíl mé. Chuir an gadhairín a cloigeann ar leataobh agus bhreathnaigh sí suas orm. Níl mé cinnte cén ghlacadh a bhí aici leis an bplean.

Fág freagra ar 'Tá babaí nua sa teach againn, bhuel babaí gadhair'