Tá athrú ón bpobal ach an bhfuil muinín acu as aon duine chun é a chur i gcrích?

Ceist muiníne ar fad í anois in olltoghchán agus gan ach seachtain fágtha ag na hiarrthóirí le muinín a chothú i measc an phobail

Tá athrú ón bpobal ach an bhfuil muinín acu as aon duine chun é a chur i gcrích?

Athrú de ghrá an athraithe? Tá sé soiléir, deirtear linn go dteastaíonn athrú rialtais ón bpobal. Sin an teachtaireacht atá dá tabhairt ag na pobalbhreitheanna agus ag an bpobal ar na doirse. Glacann Fianna Fáil go rachaidh an mothú sin chun tairbhe dóibh féin. Deir Sinn Féin gurb iad féin an t-aon dream atá in ann athrú a thairiscint. Maíonn siad gurbh iadsan an fíorfhreasúra le linn tréimhse na Dála seo caite agus go bhfuil sé dlite dóibh an deis a fháil athrú i bpolaitíocht na tíre a chur i gcrích. Deir Comhaontas Glas go gcaithfear athrú má tá muid le tubaiste na timpeallachta a stopadh.

Idir an dá linn deir Fine Gael linn gan a bheith ag cuimhneamh ar athrú mar nach féidir muinín a chur sa chuid eile acu. Admhaíonn siad nár éirigh leo i réimsí áirithe polasaí, ach maíonn siad gur féidir brath orthu leis an eacnamaíocht a chosaint. Gan  eacnamaíocht láidir sheasmhach ní bheifear in ann na hathruithe eile a theastaíonn a chur i gcrích.

Bíodh muinín agaibh asainn, an teachtaireacht s’acu. Teastaíonn Fine Gael leis an mBreatimeacht a chur i gcrích. Is féidir muinín a chur ionainn, ní féidir muinín a chur i bhFianna Fáil – scriosfaidh siad an tír mar a rinne siad cheana.

Ní féidir muinín a chur i Sinn Féin mar gurb iad Sinn Féin iad.

Ceist muiníne ar fad í anois agus beagán le cois seachtaine ag na hiarrthóirí muinín a chothú i measc an phobail.

Ní dóigh liom go bhféadfadh aon duine mórán adhmaid a bhaint as scliúchas na hoíche aréir ar Virgin TV le cúnamh a thabhairt dóibh cinneadh a dhéanamh. Chonaic muid neart siotaí dá gcaitheamh agus neart priocthaí dá dtabhairt le linn díospóireacht na gceannairí, ach ba é Ivan Yates féin a rinne an chuid is mó den chaint. Ní dóigh liom go raibh aon bhuaiteoir i measc na gceannairí, cé go bhfuair muid léargas ar na hábhair imní atá acu.

Rinneadh roinnt iontais san oíche Dé Máirt dá laghad cainte a rinneadh faoi chúrsaí sláinte i rith na díospóireachta  idir na ceannairí ar RTÉ. Bhí an cur agus cúiteamh bunaithe cuid mhaith ar an ngéarchéim tithíochta. Ag deireadh na seachtaine foilsíodh na figiúirí is déanaí do dhaoine gan dídean. Tá an scéal feabhsaithe de bheagán. Níl an  oiread daoine ar na liostaí. Ach tá an fhadhb i bhfad níos mó agus níos leithne ná daoine gan dídean. Baineann sé leo siúd atá ag éirí ag an 5am ar maidin lena gcuid páistí a thabhairt ag naíolann sula gcaithfidh siad roinnt uaireanta an chloig ag taisteal chun na hoibre. Seo daoine nach bhfuil teach ar fáil dóibh nó nach bhfuil in acmhainn teach a cheannach in aice lena láthair oibre. Seo ceist a bhaineann le teaghlaigh atá ina gcónaí le seantuismitheoirí mar nach bhfuil siad in acmhainn cíos a íoc ná morgáiste a fháil.  Baineann sí le mic léinn nach bhfuil in ann lóistín a fháil. Le lánúineacha óga a bhraitheann nach mbeidh deis ar bith acu teach a fháil ina dtógfaidh siad clann. Baineann sé le gach aois, aicme, cine agus inscne. Sin iad na daoine atá ag iarraidh athrú. An cheist anois – an bhfuil malairt ann?

Agus cé a bheidh in ann an mhuinín a chothú sa bpobal gur chóir vótáil dóibh chun athrú a chur i gcrích?

Fág freagra ar 'Tá athrú ón bpobal ach an bhfuil muinín acu as aon duine chun é a chur i gcrích?'