‘Tá athmhachnamh á dhéanamh ag go leor ar an saol faoi láthair’ – Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir éirithe as a phost

Bhí Éamonn Ó Dónaill ar dhuine de thriúr bunaitheoirí Ghaelchultúir in 2004 agus bhí baint lárnach aige le bunú institiúid tríú leibhéal an chomhlachta, Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr, in 2013

‘Tá athmhachnamh á dhéanamh ag go leor ar an saol faoi láthair’ – Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir éirithe as a phost

Stiúrthóír OIdeachais Gaelchultúr Éamonn Ó Dónaill. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá an t-oideachasóir aitheanta Éamonn Ó Dónaill éirithe as a phost mar Stiúrthóir Oideachais le Gaelchultúr tar éis sé bliana déag sa ról sin.

Bhí Ó Dónaill ar dhuine de thriúr bunaitheoirí Ghaelchultúir in 2004 agus bhí baint lárnach aige le bunú institiúid tríú leibhéal an chomhlachta, Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr, in 2013.

Tá sé beartaithe aige leanúint ar aghaidh go ceann tamaill mar chathaoirleach cláir ar an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán, an cúrsa ag leibhéal 9 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí atá á thairiscint ag an gcoláiste le hocht mbliana anois.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Ó Dónaill go raibh sé i ndiaidh “sult an-mhór” a bhaint as go leor den obair a rinne sé le Gaelchultúr ach go raibh fonn air anois tabhairt faoi thionscadail dá chuid féin “a thabharfadh deis dó a bheith cruthaitheach agus nach mbeadh chomh dian céanna”.

“Measaim go bhfuil géarchéim Covid-19 i ndiaidh go leor daoine a spreagadh le hathmhachnamh a dhéanamh ar a saol agus ar a stíl mhaireachtála, mé féin san áireamh. Le blianta fada, tá an obair i nGaelchultúr agus an chúis mar thosaíochtaí i mo shaolsa ach sílim go bhfuil sé in am tús áite a thabhairt do nithe eile – cúrsaí sláinte go háirithe.

“Is cinnte, áfach, nach mbeidh mé ag éirí as cúrsaí Gaeilge ná cúrsaí oideachais – tá mé chomh paiseanta céanna faoin dá rud sin is a bhí mé nuair a mhúin mé mo chéad rang Gaeilge: i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, i mí Dheireadh Fómhair 1981 agus mé i mo mhac léinn céadbhliana.”

Deir Ó Dónaill go bhfuil sé i gceist aige luí isteach ar an scríbhneoireacht sna blianta atá romhainn agus ní hamháin leabhair a scríobh d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge ach iad a fhoilsiú é féin chomh maith.

Éamonn Ó Dónaill

“Níl cóipcheart agam ar na leabhair atá scríofa agam le trí bliana déag anuas ná ní fhaighim aon dleachtanna as na saothair sin. Tá deis agam anois an scéal sin a chur ina cheart – tá sceitimíní orm faoi sin.”

Tá sé bródúil, a deir sé, as an méid atá bainte amach aige ó bunaíodh Gaelchultúr ach tá sé den tuairim nach mbeadh oiread ratha ar an gcomhlacht murach obair dhian a chomhghleacaithe agus a iar-chomhghleacaithe.

“Ach ab é leithéid Helen Hegarty, cuir i gcás, ní éireodh linn stádas mar choláiste tríú leibhéal a fháil ó QQI agus ach ab é Aodh Ó Gallchóir ní bheadh an Dioplóma Iarchéime san Oideachas leath chomh maith is atá sé. Rinne an bheirt sin, agus daoine eile nach iad, éacht i mblianta tosaigh an choláiste.”

Deir Ó Dónaill go mbraithfidh sé uaidh comhluadar a chomhghleacaithe go mór ach tá gach dóchas aige go mbeidh an-rath ar an institiúid sna blianta atá romhainn.

Tá “dream óg fuinniúil” ag obair do Ghaelchultúr i gcónaí, a deir sé, leithéidí a chomhghleacaithe Derek Ó Briain agus Eimear Ní Chinnéide, atá i mbun na rannóige oideachais, agus Niamh Ní Chadhla, atá ag feidhmiú mar Phríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin ó bhí anuraidh ann.

“An t-éiteas a bhí agam féin i gcónaí ná tús áite a thabhairt do na foghlaimeoirí agus dá gcuid riachtanas, seachas don bhrabús, agus tá mé dóchasach go gcloífidh an ghlúin óg sa chomhlacht leis sin agus go seasfaidh siad an fód má dhéantar iarracht an fhealsúnacht sin a athrú.

“An rud is mó a thugann sásamh dom ná go bhfuil líon mór daoine i ndiaidh cúrsaí a dhéanamh linn le sé bliana déag anuas agus go bhfuil na cúrsaí sin i ndiaidh cuidiú leo ó thaobh forbairt ghairmiúil agus forbairt phearsanta de.”

Ritheann duine amháin go háirithe leis.

“Theip uirthi i scrúdú iontrála an Dioplóma ach d’éirigh léi cur ina luí orainn áit a thabhairt di ar an chúrsa. Gheall sí dúinn go luífeadh sí isteach ar an obair agus go mbainfeadh sí ardchaighdeán amach. B’in go díreach an rud a tharla: fuair sí céadonóracha sa chúrsa agus ina dhiaidh sin d’éirigh léi post a bhaint amach i gceann d’institiúidí an Aontais Eorpaigh. Is mór an spreagadh é scéalta mar sin domsa.”

Fág freagra ar '‘Tá athmhachnamh á dhéanamh ag go leor ar an saol faoi láthair’ – Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir éirithe as a phost'

  • Seán Hade

    Maith thú a chara, tréaslaím leat as gach atá déanta agat go dtí seo agus a dhéanfaidh tú amach anseo chun saol na Gaeilge a shaibhriú is a shlánú. Guím gach rath ort sa tionscnamh a bhfuil sé beartaithe agat tabhairt faoi anois.

  • Colmcille Ó Monacháin

    Rinne tú obair mhaith, a Éamoinn. Go n-éirí go maith leat leis na tionscadail úra!

  • Caitlín Nic Íomhair

    Go n-éirí leat sa chéad chéim eile, a Éamoinn.

  • Fionnuala Croker

    Go n-éirí leat leis na tionscadail úra, a Éamoinn. Is maith go bhfuil leithéid Ghaelchultúir ann – tá an-obair go deo déanta agaibh – don Ghaeilge agus dóibh siúd ar mian leo í a fhoghlaim nó a fheabhsú.

  • Marc Ó Conaill

    Go n-éirí go geal leat a Éamoinn.

  • S. Mac Muirí

    Chomh maith leis an ardéirim agus stuaim ina chuid oibre is duine é Éamonn a bhfuil bealach an-deas leis in achan chomhluadar. Guím gach rath agus sonas air sa tsaol atá amach roimhe.

  • Séamus Caomhánach

    Rinne tú obair na gcapall i nGaelchultúr a Éamoinn.
    Is múinteoir iontach thú agus saineolaí den chéad scoth ar ghramadach na Gaeilge.Guím gach rath ort agus ar do chuid oibre amach anseo.

  • Pádraic

    Go n-éirí go geal leat, a Éamoinn! Tá lucht na Gaeilge, idir mhúinteoirí, aistritheoirí, fhoghlaimeoirí agus daoine eile nach iad go mór faoi chomaoin agat!

  • Seán Mistéil

    Gach rath ort, a Éamoinn! Tá gaisce déanta agaibh le Gaelchultúr a mhairfidh, cinnte, le d’iarchomhghleacaithe.

  • Diarmaid Ó hAinifidh

    Fear uasal. Sármhúinteoir. Gach rath ort, a Éamoinn.

  • An Teanga Bheo

    go neiri leat laoch ar linn thu

  • Patricia foley

    Sin deireadh ré i ndáiríre, guím gach rath ar Éamonn agus táim an-bhuíoch as an cabhair a fuaireas uaidh agus mé i mo mhac léinn ansin i Sráid an chláir!!

  • Séamus

    Go n-éirí leat a Éamoinn. Fear uasal atá ann, amach is amach agus múinteoir den chéad scoth.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Ard-fhear a Éamoinn.
    Ag súil le tuilleadh éachtaí uait.
    Gach rath ort.

  • Colleen Dollard

    Is laoch thú a Éamoinn! Bíonn rath ar gach rud a dhéanann tú. Go raibh míle maith agat.

  • Mairéad Ní Nuadháin

    Gach rath ort a Éamoinn. B’iontach an méid oibre a rinne tú thar na mblianta ar shraitheanna éagsúla teilifíse- cuimhním go háirithe ar an tréimhse a chaitheamar ag obair le chéile ar ‘Turas Teanga,’mar shampla. Ní bheidh do shárú le fáil. MNíN

  • Colette nì ghallchòir

    Àmh mhòr a chroì ò