Tá ár Rí imithe uainn, gura fada buan é – oidhreacht Pháidí Uí Shé

LÉIRMHEAS: Léirigh Páidí Ó Sé: A Legacy cé chomh taitneamhach agus is féidir le clár fiasnéise a bheith nuair a insítear scéal maith gan dul i muinín gach sórt gimice

000824da-642

Ocht mbonn Uile-Éireann mar imreoir, dhá bhua mar bhainisteoir, Craobh Laighean leis an Iarmhí, cúig ghradam All-Star, 3 chraobh Uile-Éireann faoi 21, ceann eile mar bhainisteoir, trí chraobh chontae le Ciarraí Thiar. Ní haon áibhéil a rá go bhfuil fear Ard an Bhóthair sna Táin. Is fathach caide é in Éirinn gan trácht ar a stádas sa Ríocht agus in Iarthar Dhuibhneach. Nuair a d’éag sé go hobann in 2012, baineadh creathadh ollmhór as pobal na caide agus bhí Iarthar Dhuibhneach faoi dhaolbhrat bróin. “Tá ár Rí imithe uainn,” a dúirt Micheál Ó Sé le Micheál Ó Muircheartaigh agus an drochscéal á chur in iúl aige.

Ní haon ionadh go meallann a scéal agus a ghaiscí na meáin. Is é Páidí Ó Sé: A Legacy (RTÉ 1, aréir) an ceathrú clár teilifíise atá dírithe air agus tá dhá shaothar beathaisnéise i gcló. Bhí Páidí ar dhuine díobh siúd a bhí páirteach sa chéad tsraith de Laochra Gael, clár a craoladh in 2001, tréimhse chorraitheach i stair caide na Ríochta agus é fós ina bhainisteoir ar Chiarraí.

Ina dhiaidh sin, tháinig an clár Marooned in 2004 a thug éachtaint ar a thréimhse le Contae na hIarmhí agus anuraidh tháinig an clár cumasach, mothúchánach Páidí Ó Sé – Rí an Pharóiste.

Anois tá RTÉ tar éis luach a leathphingine a chaitheamh isteach. Tá a mhiotaseolaíocht féin ag leanúint Pháidí agus a scéal féin ag gach éinne faoi.

Tá a íomhá faoi leith cruthaithe don fhear cruaidh ar pháirc na himeartha, an bainisteoir ag siúl na dtaobhlíne, an fear cuileachtain. Tá an radharc úd don phléasc a tharraing sé ar Dinny Allen feicthe breis agus 160,000 babhta ar YouTube. Shamhlófá go mbeadh tobar na scéalta tráite – ach níl.

Sa chlár snasta, dea-léirithe seo, déantar iarracht scéal a bheatha a ríomh chomh cuimsitheach is atáthar in ann laistigh d’uair an chloig teilifíse. Bailítear meitheal mhór cloigne cainte: a bhean chéile Máire, Micheál Ó Muircheartaigh, Mick O’Dwyer, Seán Walsh, Dinny Allen, Eoin Liston, Dara Ó Cinnéide, Darragh Ó Sé, Tomás Ó Sé, Marc Ó Sé agus a lán eile nach iad lena gcuimhní agus léargais féin a roinnt.

Déanann na hiriseoirí Micheal Moynihan agus Dónal Keenan (a scríobh an bheathaisnéis is déanaí) an scéal a stiúradh i bhfochair an tráchtaire, Ronan Kelly.

Dírítear ar óige agus cúlra Pháidí, a laethanta imeartha, a thréimhse mar bhainisteoir ar Chiarraí, a thréimhse leis an Iarmhí agus na laethanta deireanacha.

Bhí an chaid de dhlúth agus d’inneach ann agus filltear ar an téama seo arís agus arís eile. Labhraíonn a mhuintir agus a chairde go maoithneach faoi agus ba mhothúchánach an feic é na deora a fheiscint i gceann a gcuid súl ag an Bomber agus Seán Walsh is iad ag caint faoi.

Tráchtar ar chonspóid na ‘n-ainmhithe, ’ an bata agus bóthar ó phost Chiarraí, a chairdeas le Charlie Haughey, an teach tábhairne in Ard an Bhóthair agus go leor eile. Cúis iontais dom nár deineadh aon chur síos ar chliseadh 1982, a ghaiscí le Ciarraí Thiar agus toise na Gaeltachta/Gaolainne.

Déantar na cloigne cainte a mheascadh go deas leis an ábhar cartlainne (buille Allen san áireamh). Bhí an mhír sin de Dharragh Ó Sé ag stánadh go brionglóideach ar Sam Maguire nuair a tháinig Páidí chun na scoile leis go hálainn ar fad. Bhí an t-idirghearradh idir radharcanna de Mháire agus dá mháthair Beatrice ag láimhseáil na mbonn an-chliste agus cuí.

B’amhlaidh a bhí le fís de Pháidí agus Pádraig Óg ag tabhairt faoin gClasach. Ina theannta sin, tugtar deis don lucht féachana lán a gcuid súl a bhaint as tírdhreach na dúthaí le seatanna álainne aeir.

Labhair na rannpháirithe ar fad go hionraic tomhaiste agus fágadh ar lár cuid mhaith de na clíséanna agus scéalta seanchaite. Bhíos an-tógtha le hionchur Mháire agus Thomáis go háirithe.

Clár mothúchánach, cumasach, tábhachtach. Léiríonn an clár seo, agus an tsraith ina hiomláine, cé chomh taitneamhach is chomh snasta agus is féidir le cláracha fiasnéise a bheith nuair a insítear scéal maith gan dul i muinín gach sórt gimice.

Fág freagra ar 'Tá ár Rí imithe uainn, gura fada buan é – oidhreacht Pháidí Uí Shé'

  • alan

    Fear íseal uasal dílis imithe ar shlí na fírinne. Ní raibh aon éirí in airde ar Pháidí agus bhí sé sásta labhairt le gach éinne ó gach uile chontae. Thaitin an fiodmhagadh leis go mór agus ní théadh sé choíche chun dáiríreachta leis. Fear cuileachtúil, mórchroíoch, fíordhaonna. Gan a sháréirim chun caide a bhac.

  • Concubhar

    Seo an dara clár faoi Pháidí agus is dócha go mbeidh go leor eile acu ann. Dar liomsa ní raibh gá dul thairis ‘Rí an Pharóiste’ – clár Ghaeilge ar TG4 (ach tá’s agam gur beag an mheas ag ár gcolúnaí ar chláracha Gaeilge ar TG4!)