Tá na staitisticí ag baint barr dá chéile. Toghranna Scainimh agus Gharmna i measc na n-áiteanna is measa in Éirinn atá buailte ag an dífhostaíocht – Carna/Cill Chiaráin/Leitir Móir/Leitir Mealláin – Gaeltacht láidir, ársa. Áit bainte amach sa Top 20 náisiúnta acu ar an mbealach is measa.
Agus tá tuilleadh ag teacht.
Tá toghroinn Abhainn Ghabhla in Iorras Aithneach ar an áit is mó atá faoi mhíbhuntáiste i gContae na Gaillimhe de réir léarscáil shóisialta agus eacnamaíochta na tíre. Sna sála air tá Turlach (Ros Muc), Scainimh (Iorras Aithneach), Garmna (Na hOileáin) Crompán, Leitir Móir, Camas – croílár Ghaeltacht Chonamara, siar le cósta agus mar a deirtí in áiteanna níos galánta san aimsir a caitheadh – siar! Stádas bainte amach acu i ‘Top 10’ na Gaillimhe, ar an mbealach is measa.
Más thiar féin atá na ceantair seo, tá dualgas ‘náisiúnta’ leagtha orthu, de réir scéil. Tá orthu an chéad teanga náisiúnta a chaomhnú, a fhorbairt agus a chothú agus a scaipeadh amach i measc an phobail Éireannaigh uilig. Bhuel, by dad!
Fuireach oraibh anois, a deir tú. Nach bhfuil polaiteoirí agus ionadaithe poiblí ann leis an scéal seo a léiriú agus le dhul sa tóir ar chúnamh? Nárbh fhearr tosú ar an tairseach?
Is iad Comhairleoirí Contae cheantar Bardasach Chonamara na hionadaithe is gaire do láthair ag an bpobal seo. Fuireach orainn ruainne beag eile anois! Teastaionn míniú níos iomláine ar ‘Chonamara’ sa gcás seo. Síneann toghroinn ‘Chonamara’ ó imeall chathair na Gaillimhe siar go Tower Cheann Gólaim, go Ceann Mása agus go Ceann Léime agus tá Oileáin Árann san áireamh. Ar dhúirt tú le duine ar bith as Árainn riamh gur as Conamara é nó í? Na habair! Agus an ceart acu.
Dáiríre, sroicheann tú Conamara, mar a tuigeadh é san aimsir a caitheadh, nuair a bhailíonn tú siar ceantar na Léime, gar don Teach Dóite ar an taobh ó thuaidh agus siar Cois Fharraige ar an taobh ó dheas. Sa seanChonamara atá na háiteanna atá sa Top 20 agus sa Top 10 is measa sa gcontae agus sa tír.
Níl ach ceathrar den naonúr Comhairleoirí Contae atá ina n-ionadaithe do thoghcheantar ‘Chonamara’ sa seanChonamara – an ceantar atá i ndorchadas na dífhostaíochta. Fir mhaithe agus bean mhaith atá sna Comhairleoirí atá lonnaithe níos gaire don chathair, daoine gnaíúla iad freisin. Ach tá difríochtaí ollmhóra idir imeall thoir thoghcheantar ‘Chonamara’ atá réasúnta gar don chathair agus an t-imeall thiar. Mar shampla, tá Bearna 28 pointe chun cinn ar Charna ar scála an bhuntáiste/an mhíbhuntáiste.
Dá gcuirfeá an difríocht pointí sin ar an Scála Richter, crith talún a tharlódh. Éigeandáil!
Cé nach bhfuil tromlach Chomhairleoirí cheantar Bardasach Chonamara i réigiún na héigeandála sóisialta agus eacnamaíochta, tá dualgas orthu i leith an cheantair bhardasaigh uilig. Go deimhin, glactar leis go bhfuil bá acu leis an gcuid is laige ach is tábhachtaí ó thaobh teanga de Chonamara.
Cuireann na tuarascálacha ón gcóras stáit croílár Ghaeltacht Chonamara in áit na leathphingine. Ar cheart go dtarraingeodh Comhairleoirí cheantar Bardasach Chonamara cruinniú ar leith leis an gceist a phlé? Ar ndóigh, bheadh i bhfad níos mó ná sin ag teastáil ach, ar a laghad, bheadh seasamh soiléir glactha acu.
Táthar ann a déarfadh ar an bpointe boise nach bhfuil aon chumhacht ag na Comhairleoirí Contae agus nach ndéanfadh a leithéid de chruinniú aon mhaith. Ach, san am céanna, is iad na Comhairleoirí Contae na hionadaithe tofa poiblí is gaire don doras agus is gaire do na daoine. Pé ar bith dearcadh atá ag duine air, tá stádas nua tugtha do Chomhairleoirí sa gcóras Bardasach. Tá seasamh acu sa gcóras rialtais áitiúil nach raibh cheana. An féidir leo leas a bhaint as i gcás mar sin agus glór an Údaráis Bhardasaigh a neartú i gcás práinne sóisialta, eacnamaíochta agus teanga?
An bhfuil deis – agus dualgas ar leith – ag titim orthu anois, go háirithe agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus an phlenáil teanga faoi lán seoil? Ina dhiaidh sin féin, is deacair a bheith ag súil go mbeidh an teanga ag neartú i bpobail Ghaeltachta atá feannta ar bhonn eacnamaíochta agus sóisialta. Tá na pobail sin i gceantar Chomhairle Bhardasach Chonamara.
I bhfianaise an eolais is deireanaí faoi chúlú na Gaeltachta béim an-mhór a chur an athuair ar infreastruchtúr. An N59, cás ‘Apple’ Chonamara, go cinnte. Mura bhfuil daoine ann atá gafa i bhfolach ón saol, tuigeann chuile dhuine anois gur thart ar chathair na Gaillimhe a bheidh jabanna a bheidh ag feiliúint do chuid mhaith den ghlúin óg. Tá a dtriall siúd as éadan ar na coláistí tríú leibhéal. Féach ar na figiúirí sa Straitéis Óige don Ghaeltacht.
Teastaíonn bóthar ar ardchaighdeán anoir thar chathair na Gaillimhe agus amach go himeall thiar Chonamara. Teastaíonn a mhacasamhail anoir ó dheas le farraige. Bóithre a thabharfadh deis do dhaoine taisteal ar a gcompord isteach agus amach ón obair. Córas ceart teileafóin phóca, gan trácht ar chóras ceart leathanbhanda. Baineann siad uilig go díreach nó go hindíreach leis na Comhairleoirí agus le Plean Forbartha an Chontae.
Is í príomhaidhm Údarás na Gaeltachta ná leas a bhaint as na hacmhainní nádúrtha agus luíonn sin le réasún. Ar ndóigh, tá bóithre maithe ar an bpríomhchloch atá ar a bpaidrín ag lucht forbartha na n-acmhainní nádúrtha freisin. Labhair le tiománaithe busanna agus leoraithe!
Is cinnte go bhféadfadh Comhairleoirí Údarás Bardasach Chonamara cuidiú agus comhoibriú a chothú le hÚdarás na Gaeltachta i gcásanna mar sin. Ina dhiaidh sin féin, chonaic muid le gairid go raibh an oiread sin suime san Údarás agus gur chaith cuid de Chomhairleoirí Chonamara píosa mór de lá ag díospóireacht faoi cé acu a chuirfí ar Bhord an Údaráis mar ionadaí Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Idir an dá linn, tá na staitisticí ag baint barr dá chéile agus chuile sheans go bhfuil tuilleadh ag teacht.
Maire
‘Staidrimh, staidrimh agus bréaga.’