Tá an víreas ag léiriú arís dúinn cé atá i gceannas dáiríre

Is dian ceird an pholaiteora agus rogha le déanamh idir daoine a shásamh agus an rud stuama a dhéanamh.

Tá an víreas ag léiriú arís dúinn cé atá i gceannas dáiríre

Níl freagracht ar cholúnaí mar a bhíonn ar airí rialtais, go háirithe le linn paindéime. Cibé straitéis a mholann a leithéid, dá fheabhas é nó dá dhonacht, níl ann ach tuairimíocht. Ní bhíonn dualgas riamh ar cholúnaithe ná ar scríbhneoirí na n-eagarfhocal rogha chinniúnach sláinte a dhéanamh ná a chur i bhfeidhm. Ní bhíonn orthu a admháil ach oiread uaireanta go ndearna siad droch-chinneadh ar léir do chách tar éis tamaill gur baol, bás agus bochtaineacht a thoradh.

Ní hionann sin agus a rá áfach nach bhfuil obair thábhachtach le déanamh ag colúnaí agus ag gach iriseoir, go háirithe le linn paindéime agus roghanna nó seachaint roghanna an rialtais á gcíoradh acu.

Is dlúthchuid de cheird an pholaiteora a bheith ag iarraidh daoine a shásamh chomh fada agus is féidir. Is déine a gceird agus rogha le déanamh idir daoine a shásamh agus an rud stuama a dhéanamh.

Tugadh breithiúnas gan trócaire mar shampla ar mhístuaim airgeadais Fhianna Fáil nuair a chaill an páirtí 51 suíochán in olltoghchán 2011. Ach ní i dTeach Laighean amháin a thagann místuaim as cuimse i réim. Níor easaontaigh mórán anuraidh le cinneadh an rialtais na srianta in aghaidh Covid-19 a mhaolú ionas go bhféadfaí ‘Nollaig le brí’ a cheiliúradh – gealltanas nár cháin mórán i dtosach ach a thug cóir ghaoithe don phaindéim agus a d’fhág os cionn dhá mhíle marbh dá thoradh.

Tá gach duine sa tír tinn tuirseach faoin am seo den phaindéim agus de na srianta atá i bhfeidhm ar ár saol pearsanta agus ar shaol na tíre chun í a chur faoi chois. Ní ar an rialtas amháin a tháinig fonn na srianta ar fhreastal ar thithe tábhairne, ar chlubanna oíche agus ar ócáidí sóisialta a scaoileadh mí ó shin.

 Cé gur chuir caint an Taoisigh agus airí eile faoin tábhacht a bhaineann le “freagracht phearsanta” amhras ar mhórán, ba léir an brú a chuir dearcadh an phobail orthu. Theastaigh blas níos mó den ghnáthshaol ó mhórán, go dtí gur léirigh an cuntas oifigiúil ar chásanna nua agus ar chruachás na n-ospidéal éigeandáil dhoshéanta eile.

Níor fhógair Micheál Martin ach mion-athrú ar na rialacha Dé Máirt – obair sa bhaile chomh fada agus is féidir, dúnadh tithe tábhairne agus clubanna oíche ag meán oíche, tástáil antaigine níos fairsinge, agus srainta eile ar ghluaiseacht dlúth-theagmhálaithe a bhfuil cónaí orthu le duine a bhfuil an Covid-19 air go dtí go bhfaigheann siad trí thoradh diúltach ar thástáil antaigine i dtréimhse cúig lá.

Is féidir cur síos an rialtais ar na rialacha nua a léamh i mBéarla anseo. Rabhadh: ní hionann iad a léamh agus tuiscint shoiléir.

Tá an straitéis bhunúsach – maireachtáil leis an víreas – fós i bhfeidhm ach tá éiginnteacht agus imní follasach arís. Ní féidir le NPHET ná le saineolaí ar bith conair na paindéime sa ghearrthéarma a thuar. ‘We can’t see a way out of this, a dúirt Colman O’Sullivan, comhairleoir ospidéil atá ina uachtarán ar an gCumann Dian-Chúraim, le Claire Byrne ar RTE Dé Máirt.

Tá brú ar an ionad dianchúraim ina ospidéal féin (an Mater i mBaile Átha Cliath) agus dúirt sé go bhfuil cóir dianchúraim á cur ar othair atá go dona tinn le Covid-19 i mbardaí eile san ospidéal agus tá cóir leighis d’othair eile á cur ar ceal in ospidéil ar fud na tíre.

Ba léir ó chaint an dochtúra an chúis imní eile atá aige féin agus ag go leor dochtúirí eile: ní léir dóibh faoi láthair cén uair ná conas a shroichfidh an ráig reatha a buaicphointe.

Léirigh an tsuirbhéireacht rialta a dhéantar thar ceann an rialtais nár athraigh “freagracht phearsanta” mar a bhí an rialtas a mholadh le tamall meon ná gnáthiompar an phobail. Má spreagann (agus ní beag an má é) claonadh scanrúil na bhfigiúirí agus an brú ar na hospidéil daoine le cloí níos fearr le rialacha, b’fhéidir nach mbeadh gá le seift nach mian leis an rialtas a phlé: dianghlasáil de chineál éigin.

Is ábhar suntais cheana féin é áfach go bhfuil an Taoiseach agus airí eile ag staonadh le cúpla lá ó gheallúint mhíchúramach a bhídís a thabhairt le tamall.  Ní rachfaí ar gcúl arís a dúirt siad agus maolú eile ar na srianta in aghaidh an víris á fhógairt nó á phlé acu. Cibé athoscailt ar shaol na tíre a chuirfí i bhfeidhm, a dúirt siad, ní chuirfí ar ceal é níos deireanaí. Bheadh gach athoscailt do-dhúnta, dar leo.

Malairt poirt atá á sheinnt anois acu ach ní féidir an dochar a dhéanann raiméis ná an chailliúint muiníne dá barr a leigheas ar an toirt. Dúirt Micheál Martin Dé Máirt nach bhféadfaí a bheith cinnte gur leor na beartais nua leis an ráig reatha a cheansú agus nach raibh beartais eile curtha as an áireamh. Tá admháil dá leithéid ag teastáil go géar, i dTeach Laighean agus lasmuigh de.

   Ní cóir an milleán iomlán a chur ar an rialtas ná ar NPHET ach ní foláir diancheisteanna a chur faoi roinnt ábhar:

  1. Rianú teagmhálaithe sna scoileanna a bheith curtha ar ceal
  2. Easpa fearais agus rialacha chun aer sna scoileanna a choimeád glan
  3. Easpa rialacha aerála i ngach áit laistigh ina gcastar daoine ar a chéile
  4. Contrárthacht agus doiléire sa gcomhairle oifigiúil
  5. Lagrialacha maidir le caitheamh agus caighdeán na mascanna
  6. An mhoill ar úsáid tástálacha antaigine
  7. Athbhreithniú ar an laghdú ar Íocaíochtaí Dífhostaíochta Paindéime (PUP).

   Ní theastaíonn ó dhuine ar bith filleadh ar an dianghlasáil ná ar shrianta crua, más féidir déanamh dá n-uireasa. Ach ní theastaíonn moilleadóireacht ná seachaint roghanna riachtanacha ónár bhformhór ach oiread.

Más maith an fhírinne lom is mithid.

Fág freagra ar 'Tá an víreas ag léiriú arís dúinn cé atá i gceannas dáiríre'

  • An Teanga Bheo

    Go minic bíonn an fhírinne searbh ach tá gá lei i gconaí.

  • Antóin

    B’fhiú diancheisteanna a chur freisin faoin 15,705 fo-iarmhairt amhrasta a tharla théis do dhaoine an vacsaín a fháil sa tír seo agus faoin 90 duine a fuair bás go gairid théis dóibh an vacsaín a ghlacadh.

  • Pádraig O'hEipicín

    Cá bhfuil an ghlaoch ón Eaghlais lé h-aghaidh Padireacha. ???.

  • Antóin

    A Phádraig, ná bí ag coinne le glaoch ón Eaglais. Thréig na heaspaig a muintir féin in am an ghátair nuair a bhí cabhair spioradálta ag teastáil. An mhuintir chéanna a sheas leis an eaglais nuair a bhí scannail ag réabadh an chroí aisti.