Ní bhíonn sé éasca anseo in Éirinn fianaise a fháil lena chruthú, nó ar a laghad lena thaispeáint go bhfuil athrú aeráide ag tarlú.
Sea, bhíodh an geimhreadh crua uair amháin – féach ar na pictiúir ó 1947 – agus tá scéalta againn ar fad faoin leac oighir ar na fuinneoga, tráth nach mbíodh aon teas lárnach againn. Tá an geimhreadh crua sin imithe, is léir.
Is deacair a chruthú don té sin a bhíonn ag tarraingt na gcos maidir leis an athrú aeráide, nach ‘eisceachtaí’ na samplaí sin agus ar aon nós ‘nach é fírinne an scéil nach mbíonn aon teas mór marfach i rith an tsamhraidh in Éirinn?’
Bíonn sé níos éasca an fhírinne a fheiceáil os comhair ár gcuid súl thar lear. Agus cúrsaí taistil idirnáisiúnta curtha ina gceart arís, ní fada go mbeimid sa scuaine do na Toblerones in Aerfort Átha Cliath. Bím féin ag smaoineamh ó am go ham ar thurais eachtrúla san am a caitheadh.
Chuala mé faoin oighearshruth mór millteach atá gar do ‘Icefields Parkway’, in Alberta agus mé ag súil le taisteal go Ceanada, chuig Féile Teilifíse Banff roinnt mhaith blianta ó shin.
Ba é an rud ab fhearr faoin oighearshruth seo, an ‘Columbia Icefield’, ná go bhféadfaí é a fheiceáil gar don phríomhbhóthar. Tháinig an sruth mór oighir, ar nós abhainn a bhí reoite go hiomlán ach a bhí fós ag gluaiseacht go mall, fhad leis an bpríomhbhóthar go Jasper.
Bhí carr híreáilte againn don turas tar éis na Féile agus muid ag súil cúpla lá a chaitheamh ag dul thart ar na radharcanna iontacha (agus ag seachaint na mbéar), sa gceantar céanna.
Ach nach orainn a bhí an díomá nuair a thángamar fhad leis an oighearshruth. Bhí sé cúlaithe agus craptha an oiread sin nach raibh radharc ceart air ón mbóthar. Go deimhin, bhí busanna ar an láthair le daoine a thabhairt go dtí an áit ba ghaire don oighear.
Roinnt blianta ina dhiaidh sin bhí mé ar saoire san Íoslainn le mo mhac a raibh an-suim aige sna bolcáin agus sna hoighearshruthanna – neart acu sin san Íoslainn, shíleamar.
Ach arís bhí an t-oighearshruth chomh fada sin ón áit ar páirceáladh an bus, gurbh ar inn ar éigean a fuaireamar cead dul chomh fada leis de shiúl na gcos.
Bhí sé draíochtúil a bheith ag siúl air agus muid ag iarraidh a bheith cúramach ionas nach sleamhnódh muid síos sna scoilteanna. Bhí orainn a chur ina luí orainn féin gur rud mísheasmhach é an t-oighearshruth agus go ngluaiseann sé roinnt ceintiméadar gach lá.
Anois deir na heolaithe linn go bhfuil na fathaigh mhóra seo á gcailleadh ag an domhan de réir a chéile agus go mbeidh suas le 80% den oighear caillte ag réigiúin áirithe faoin mbliain 2100 má leanann cúrsaí mar atá agus mura gcuirtear stop nó bac leis an leá uafásach atá ag tarlú de bharr athrú aeráide.
An rud nár thuig mé féin go dtí le gairid nach é an caillteanas fíoruisce an t-aon míbhuntáiste a bhaineas leis an uafás sin.
Tá eolaithe ag cur an-suim sna hoighearshruthanna agus ag fáil amach tuilleadh gach lá faoin ábhar atá iontu – seachas an t-uisce – agus faoina bhfuil thíos fúthu, ábhar nach raibh follasach gur thosaigh siad ag leá.
Agus iad sna réigiuin is fuaire ar domhan, shílfeá nach bhféadfadh aon rud maireachtáil beo iontu. Ach is cosúil go bhfuil miocróib iontu a mhaireann ar na mianraí atá san oighear – iarann, fosfar agus sileacan, mar shampla.
Nuair a shroicheann an t-oighearshruth an fharraige, meascann an t-oighear leáite leis an uisce sna fiordanna doimhne, agus amhail an ‘jacuzzi’ scairdeann uisce aníos, rud a thugann an gás nitrigin go barr uisce. Agus is é an nitrigin a chothaíonn an fíteaplanctón, an bia is bunúsaí ar fad I slabhra bia na farraige.
Má leanann na hoighearshruthanna ag leá agus ag cúlú, laghdófar an méid fíteaplanctón a bheas ar fáil i ngach fiord. In áiteanna cosuil leis an Ghraonlainn, Artach Cheanada, Alasca, an Phatagóin agus Svalbard san Iorua, is é an t-iascach an tionscal is mó agus is tábhachtaí ó thaobh na heaspórtála de.
Má chuirtear isteach ar fhoinse bia seo an éisc a mhaireann sna fiordanna, an haileabó mar shampla, ní maith an deireadh a bheidh ar an scéal seo.
Mar bharr air sin, tá ábhar eile ar fad atá thíos faoi na hoighearshruthanna aimsithe ag eolaithe. Sin é ár gcara an gás meatán. Chuala muid ar fad faoin dochar a dhéanann an gás seo do chúrsaí athraithe aeráide. Is cosúil gur peacach marfach í an bhó sna cúrsaí seo.
Nuair a scrúdaigh na heolaithe Oighearshruth Leverett sa Ghraonlainn sa mbliain 2012, fuaireadar amach go raibh an meatán forleathan sna haibhneacha reoite agus gur geall le bogach na cláir oighir thart timpeall agus iad ag táirgeadh meatáin go tréan.
Rud nua é seo agus tá eolaithe in áiteanna eile – cosúil leis an Artach – ag teacht ar an iontas céanna, an gás meatán sna locha faoi thalamh agus sna hoighearshruthanna beaga fiú. Sin rud nár cuireadh san áireamh, sceitheadh an mheatáin má leánn an t-oighear, nuair a bhí eolaithe ag déanamh a gcuid reamhaisnéise maidir le ardú teochta san am atá le teacht.
Tá réigiúin mhóra ina bhfuil daonra ard ag brath ar an uisce a fhaigheann siad ó na sléibhte a bhíonn faoi bhrat oighir – na Himiléithe, na Sléibhte Andéis agus réigiúin eile atá fós ag forbairt. Má leanann an t-oighear ag coscairt beidh na pobail sin go mór i mbaol de bharr an scrios ar an bhfoinse uisce. Ach sin an chontúirt mhór anois.
Agus cé gur tharla sé seo cheana – cuimhnigh go raibh an tír seo faoi bhrat oighir uair amháin – níor tharla sé agus ocht mbilliún duine ina gcónaí ar an bpláinéad. Tá sé ráite go bhfuilimid ag ‘siúl inár gcodladh’ chuig éigeandáil dhomhanda – agus nach léir gur mian linn dúiseacht.
Séamus Caomhánach
Alt an-suimiúil,tábachtach,oiliúnach agus scanrúil,a Mhairéad!