Tá an taoide ghorm ina thuile agus tá rud éigin ina gcabhlacha ag na Conallaigh

A raibh le foghlaim ag Dara Ó Cinnéide i gcuid 1 den tSraith Náisiúnta Peile…

Paddy Andrews (Baile Átha Cliath) agus David Moran (Ciarraí). INPHO/Tommy Grealy
Paddy Andrews (Baile Átha Cliath) agus David Moran (Ciarraí). INPHO/Tommy Grealy

Tá an taoide ghorm ina thuile

Ba chuma an i bPáirc a’ Chrócaigh nó siar an bóthar i gCaisleán an Bharraigh a bhíodar, bhí na Dubs toilteanach í a dh’imirt de réir mar a tháinig sí chucu le coicíos anuas. Nuair a bhí an fód cruaidh agus glan-bhearrtha an tseachtain seo caite rinceadar timpeall ar Chiarraí ach nuair a bhí Maigh Eo ag únfairt sa bhféar i bPáirc Mhic Éil leo, bhíodar go maith in ann treabhadh tríothu chomh maith.

B’fhéidir gur níos faide anonn a bheidh easnamh Rory O’ Carroll le braistint ach seachas gnáthmheirg an earraigh bheith á nochtadh féin le cártaí buí agus dubha anseo agus ansiúd, níl cíos cás ná cathú go fóill ar churaidh Uile Éireann.

Bainisteoir Dhún na nGall, Rory Gallagher. INPHO/James Crombie
Bainisteoir Dhún na nGall, Rory Gallagher. INPHO/James Crombie

Tá rud éigin ina gcabhlacha ag na Conallaigh

Is léir ón dá thaispeántas atá tugtha uatha ag Dún na nGall ó thús na sraithe nach bhfuil sé i gceist acu leigheadh leo aon uair feasta. Tá 5-29 aimsithe agus gan ach 1-14 géillte (iad féin agus Aontroim i Roinn 4 is fearr atá ag cosaint go dtí seo) agus táid lán den bhfuinneamh agus den gclóchas a shamhlófá le foireann i bhfad níos óige. Ach féach! I ngan fhios dúinn go léir, b’fhéidir, tá Rory Gallagher tar éis foireann óg a dhéanamh arís dóibh. Bhíomar chomh dírithe sin ar shinsireacht deartháireacha Mhic Aoidh, Rory Kavanagh, agus cúpla seanfhondúra eile nár thógamar ceann den nglúin iomlán nua a bhí ag déanamh a slí isteach sa phainéal go ciúin socair. Má leanann leithéidí Eoin McHugh, Ciarán Thompson agus Marty O’Reilly ag imirt mar atá faoi láthair beidh roinnt roghanna breise ag Dún na nGall a bhí ag teastáil go dóite.

Ó bhuadar Craobh na hÉireann i 2012 ní raibh ach Ryan McHugh agus Ódhrán Mac Niallais tar éis áit a bhuanú ar an bhfoireann ach cuir Christy Toye, Rory Kavanagh, Neil Gallagher, Karl Lacey, Colm McFadden agus Leo McLoone leis an bhfoireann a bhuaigh ar Chorcaigh i rith an deireadh seachtaine agus beidh cuma ana-dhaingean orthu ag filleadh ón gcampa oiliúna in Tenerife ar Dhún na nGall.

Tosach Chiarraí, Colm Cooper. INPHO/Donall Farmer
Tosach Chiarraí, Colm Cooper. INPHO/Donall Farmer

Tá an troscadh agus an tréanas tosnaithe le tamall i gCiarraí

Bhí lucht leanta na caide i gCiarraí buartha leis an easpa piobair a bhí le taispeántas na foirne i gCluiche Ceannais na hÉireann anuraidh. Ní raibh blas ná dath ar an gcéad chúrsa sa tsraith i gcoinne Átha Cliath agus toisc go raibh an taispeántas dara leatha i gcoinne Ros Comáin chomh tur Dé Domhnaigh, tá imní anois ar an gcosmhuintir go bhfuil an carghas tosnaithe róluath sa chontae.

Is fada leo go bhfeicfear an éagsúlacht, an tsamhlaíocht agus an diabhlaíocht a bhí luaite riamh leis an méid a chuirfeadh tosaithe Chiarraí ar fáil don bhféasta. Tá trí seachtaine acu chun an biachlár a athrú ach muna mbíonn feabhas thar cuimse fé dheireadh na míosa, beidh siad ag maireachtaint ar an ngannchuid an bhliain seo chugainn.

Imreoir Thír Eoghain, Tiernan McCann, ag ceiliúradh. INPHO/Presseye/Andrew Paton
Imreoir Thír Eoghain, Tiernan McCann, ag ceiliúradh. INPHO/Presseye/Andrew Paton

Tá teacht aniar i lucht na ngeansaithe bána

I Roinn 1, tá Muineachán ag cruthú gach lá a théann siad chun páirce go bhfuilid aige baile agus istigh leo féin sa chomhluadar. I Roinn 2, beidh iontas ar scata muna n-éireoidh le Tír Eoghain a ndóthain a dhéanamh chun filleadh go pras ar an ngrád is airde. B’fhéidir go ndéarfadh an cluiche a bheidh idir iad agus Doire ar an 5ú lá de Mhárta mórán linn faoin gcur chuige a bheidh sa chraobh idir na foirne sa Bhealtaine ach ná bí ag súil le an iomarca uatha.

I Roinn 3, tá Cill Dara meáite ar a thaispeáint don saol Fódlach go bhfuilid ró-mhaith chun biaiste eile a chaitheamh ansiúd. Ach i Roinn 4, tá lucht na ngeansaithe bána i bPort Láirge tar éis dhá chluiche a chailliúint le bearnaí beaga bídeacha. Ní raibh ach dhá phointe idir iad agus Cill Mhantáin an chéad lá agus bhí briseadh croí arís an deireadh seachtaine seo caite acu le pointe déanach ó Ryan Burns Chontae Lú ag cinntiú gurb iad féin agus Londain a bheadh neadaithe in íochtar sraithe agus sinn ag tabhairt faoin mbriseadh trí seachtaine.

An réiteoir Eddie Kinsella. INPHO/Cathal Noonan
An réiteoir Eddie Kinsella. INPHO/Cathal Noonan

Cá n-imíonn an t-am?

Leis na hathruithe atá á gcur i bhfeidhm ag réiteoirí ó thaobh ama ó thús na sraithe, bíonn ceithre neomat ar an meán á fhógairt anois acu chun a bhfuil caillte a chúiteamh leis an gcluiche. Fógraíodh ceithre neomat breise mar eireaball ar an imirt Dé Sathairn i gCaisleán an Bharraigh ach faoin am is go raibh pé stracadh nó tarrac nó útamáil curtha díobh ag na himreoirí, bhí breis is seacht neomataí imeartha.

Bhí an dála céanna i Staid a’ Ghearaltaigh Dé Domhnaigh tar éis d’fhear na feadóige (agus an uaireadóra) cúig neomat a fhógairt. Ocht neomataí ina dhiaidh sin, bhí na himreoirí fós in adharca a chéile agus fíorbheagán caide imeartha. Is cuma cén riail a cuirtear i bhfeidhm, aimseoidh an duine lúb ar lár in áit éigin. Mar sin a bhí, mar sin atá agus mar sin a bheidh go Lá San Dic!    

Fág freagra ar 'Tá an taoide ghorm ina thuile agus tá rud éigin ina gcabhlacha ag na Conallaigh'