Tá an t-uaigneas chomh dona le galar ar bith

Ó thaobh na sláinte croí, tá an tábhacht chéanna le do chuid cairde is atá le héirí as an tobac

Tá an t-uaigneas chomh dona le galar ar bith

Rose Anne Kenny, Ollamh i gColáiste na Tríonóide

An tseachtain seo caite bhí sé de phribhléid agam a bheith im’ bhean a’tí ag roinnt ócáidí móra le linn Féile Ealaíne Bhealach a’ Doirín – mo bhaile dúchais.

Ní raibh súil ar bith agam go bhfeicfinn Rose Anne Kenny ansin. Nuair a fuair mé téacs uaithi an mhaidin tar éis na ceolchoirme le Lúnasa agus Mary Coughlan, cheap mé gur duine éicint as an mbaile, a bhí ag scríobh chugam. Bhain sí an-taitneamh as an gceol, a dúirt sí.

Ach nuair a leaindeáil sí isteach Tigh Durkin i lár an bhaile chugam, thuig mé ar an bpointe gurb í Rose Anne Kenny, Ollamh i gColáiste na Tríonóide, a bhfuil cáil uirthi go forleathan de bharr a cuid taighde ar an ‘dul in aois’ a bhí romham amach.

Tá an tionscadal mór taighde ‘TILDA’ fós ar bun aici agus go leor rudaí spéisiúla faighte amach acu faoin dul in aois. D’fhiafraigh mé di an raibh aon rud eile ar na bacáin aici na laethanta seo.

“Tá mé ag smaoineamh ar rud éigin a dhéanamh maidir leis an uaigneas,’ dúirt sí liom. “Tá mé ag iarraidh rud éigin a chur sa tsiúl faoi.” An focal a d’úsáid sise ná ‘operational’. An tuiscint a bhain mé as sin ná go raibh an taighde déanta – bhí gach eolas bailithe acu faoi. Anois, bhí beart éigin ag teastáil.

Chuir sé i gcuimhne dom an t-alt i tuairisc.ie a scríobh mo sheanmhéit Máirtín Ó Catháin le gairid faoin meabhairshláinte. Thagair Máirtín don uaigneas agus d’fhan samhail amháin liom ó shin. Luaigh sé an bhean a bhí ina cónaí in áit iargúlta thiar, a raibh cumha uirthi i ndiaidh na gcaorach toisc gur coisceadh iad de bharr na scéime ‘REPS’. Shamhlaigh mé í ag faire amach fuinneog na cistine agus uaigneas mór uirthi toisc nach raibh na caoirigh ag teacht i ngar di níos mó.

Cé gur ar na daoine atá ag dul in aois – an dream atá os cionn 50, a rinneadh an taighde le haghaidh TILDA (‘The Irish Longitudinal Study on Ageing’), tuigeann Rose Anne gur fadhb é an t-uaigneas a bhuaileann gach aoisghrúpa.

Chuir an staidéar a rinne sí agus a foireann taighde, le linn Covid, ag smaoineamh ar an bhfadhb seo í. Tá sé tugtha faoi deara acu gur mhéadaigh an t-uaigneas 300% le linn na paindéime. Agus cé gur tháinig deireadh leis an bpaindéim, tá an t-uaigneas fós méadaithe faoi dhó sa dream a bhfuil taighde á dhéanamh orthu. Is é sin, ní dheachaigh sé ar ais go dtí an leibhéal réamh-phaindéime.

Ansin thosaigh sí ag smaoineamh ar dhaoine atá níos óige. An aidhm atá aici anois, ná an fhadhb a chosc – teacht roimhe, más féidir.

‘Tá an bhitheolaíocht atá taobh thiar d’fhadhb an uaignis an-dona,’ a dúirt sí. ‘Tá an comhthéacs sláinte an-dona ar fad – rudaí ar nós an ailse, galar croí agus néaltrú.’

Ba bhreá léi dá gcuirfeadh an Rialtas suim sa scéal. Is léir gur fadhb í seo a bhaineann leis an bpobal uilig.

Duine gealgháireach, lán le fuinneamh agus dóchas í Rose Anne. Tá aithne agam uirthi ó bhí sí ar an Ollscoil i nGaillimh an tráth céanna a raibh mé féin ann. Roinnt blianta ó shin choimisiúnaigh mé clár teilifíse léi ar RTÉ, dar teideal The End of Ageing. Is cuimhneach liom gur ar an rothar a tháinig sí ag chuile chruinniú roimh an scannánaíocht féin. Téann sí ag snámh sa bhfarraige gach lá a fhéadann sí.

Is mian léi a bheith dóchasach faoin smaoineamh nua seo atá aici. Tá sé ró-éasca a bheith diúltach. Tá sé an-éasca mar shampla breathnú ar an uaigneas mar fhadhb a bhaineann leis an iargúltacht. Ach buaileann an t-uaigneas daoine gach áit – fiú amháin i lár an bhaile nó i lár cathrach.

Tá an buntaighde déanta ag lucht TILDA, tá na figiúirí acu. Is féidir le Rose Anne a mhaíomh go bhfuil an caidreamh sóisialta ar ceann de na rudaí is cumhachtaí ó thaobh na sláinte de agus daoine ag dul in aois. An cairdeas, an idirghníomhaíocht shóisialta, na gréasáin shóisialta éagsúla a úsáideann daoine – tá tairbhe go leor ó thaobh na sláinte i ngach ceann acu sin. ‘Ó thaobh na sláinte croí, tá siad ar comhchéim le héirí as an tobac,’ a deir an tOllamh.

Rinneadar taighde ar chealla na ndaoine a raibh na gníomhaíochtaí sóisialta sin ar siúl acu. Fuaireadar amach go raibh cuma níos ‘óigeanta’ ar chealla na ndaoine sin.

Mar shampla, tugtar ‘Super-Agers’ ar dhaoine a shroicheann aois mhór, (ó 95 go dtí 100) agus gan mórán ag cur isteach orthu ó thaobh na sláinte de. ‘Go hannamh a fheiceann muid ‘super-ager’ atá scoite amach ón saol,’ a dúirt sí.

‘D’fhéadfainn a rá go mbíonn gréasán maith cairde acu, go leor rudaí éagsúla ar siúl acu in éindí leis na cairde sin, agus dá bharr sin cuirtear moill ar ghalar croí, ailse, airtríteas agus mar sin de.’

Bheadh sé mar aidhm aici, ní hé amháin go gcuirfí fad le haois na ndaoine, ach go gcuirfí fad leis an tréimhse ina mbeadh an duine ina shláinte. Glactar leis go mbeidh míchumas ar dhaoine de réir mar a théann siad in aois – ach bheadh sé mar aidhm aici go ndéanfaí giorrú (‘condensing’) ar an tréimhse ina mbeadh daoine faoi mhíchumas.

‘Tá tábhacht ar leith ag baint le cuspóir a bheith ag daoine,’ a dúirt sí. ‘Táimid tar éis éabhlóidiú go dtí an staid go dteastaíonn ‘cuspóir’ uainn. Mura bhfuil cuspóir agat, ó thaobh na héabhlóide de, cén fáth a bhfuilimid ann?’

Anois tá gníomh ag teastáil, a deir sí. Tá gá le dream éigin a thiocfas ar bord chun gluaiseacht mhór leathan a thionscnamh, bunaithe ar an taighde atá ann cheana féin. Rinne Rose Anne turas ‘Bringing TILDA to rural Ireland’ roinnt blianta ó shin agus bhí Cumann Lúthchleas Gael ina chuidiú mór di ar an turas sin. Chuadar timpeall ar ocht gcinn de chontaetha. Is cuimhneach léi an fháilte mhór a cuireadh rompu i nDún na nGall. ‘Tháinig an cór ‘Ceol le Chéile’ amach romhainn. Bhí seaimpíní agus ambasadóirí acu – chonaic mé an scóip leathan a bhí ag Cumann Lúthchleas Gael an uair sin.’

Níl aon amhras ach go dteastaíonn gníomh láithreach. Ní fadhb é an t -uaigneas a imeoidh go sciobtha. Ní leigheasann an teicneolaíocht an fhadhb seo. Is é an chaoi go ndéanann na meáin shóisialta níos measa í. Mura dtéann muid i ngleic leis an uaigneas anois, is amhlaidh go mbeidh fadhbanna sláinte as compás againn amach anseo.

Fág freagra ar 'Tá an t-uaigneas chomh dona le galar ar bith'