Tá an t-aontachtachas ilchultúrtha fáilteach a deir Arlene Foster agus seans go gcreideann sí é fiú

Is mór idir cur síos an iarChéad-Aire ar an aontachtachas agus na tréithe a shamhlaíonn daoine leis an DUP, le Gregory Campbell an ‘curry my yoghurt’, agus le scéal na gcrogall agus an achta Gaeilge

Tá an t-aontachtachas ilchultúrtha fáilteach a deir Arlene Foster agus seans go gcreideann sí é fiú

“Tá an t-aontachtachas ilchultúrtha iolrach; táimid uileghabhálach agus fáiltímid roimh gach éinne.”

Bhain an abairt sin geit asat, déarfainn.

Shíleas gur aoir nó scigmhagadh é nuair a chuala mé gurb in maíomh cheannaire an DUP in óráid a thug sí le gairid. Ach sin é a dúirt Arlene Foster ag comhdháil i Londain Dé Luain seo caite.

Bhí sí dáiríre, is cosúil. Seans gur chreid daoine eile í a bhí ag an gcomhdháil Policy Exchange ag ar pléadh an t-aontachtachas mar a bhí, mar atá agus mar a bheidh.. Seans go gcreideann sí féin é.

Ba bhreá an rud é don phobal ar fad dá mbeadh sé fíor.

Más leide é go bhfuil port an DUP á athrú caithfear fáiltiú roimhe ach bhí an diúltachas is dual di faoin ‘taobh eile’ soiléir agus b’in a chuala an pobal neamhaontachtach.

Is mór idir cur síos an iarChéad-Aire ar an aontachtachas agus na tréithe a luann daoine leis an DUP. Ní gá ach smaoineamh ar Gregory Campbell agus ‘curry my yoghurt’, crogaill, cealú deontais agus a ndiúltú d’Acht Gaeilge. Nó a naimhdeas do chearta homaighnéasach nuair a bhain siad leas as an veto in Stormont chun vóta i bhfabhar an phósta chomhghnéis a chur ar ceal. Nó ní gá ach smaoineamh ar dhearcadh Arlene Foster féin ar a comhairí ó Shinn Féin agus ar an SDLP mar ‘rógairí’ agus ‘fealltóirí’. Nó ar an gcluas bhodhar a thugann an ceannaire agus a feisirí Parlaiminte do na daoine a chaith vóta in aghaidh imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach, aicme atá ag dul i méid, de réir pobalbhreithe, cheal éisteachta agus ionadaíochta.

Mhol a lucht leanúna an óráid, ag rá gur aitheasc thábhachtach é. Sa téacs 2,300 focal dúirt sí gur fearr don aontachtachas nuair a bhítear-oscailte, fáilteach, muiníneach. Ní cheisteodh éinne é sin; caint dhearfach í. Dá gcuirfeadh sí feoil ar an gconablach sin le fís don am atá le teacht bheadh ábhar machnaimh ag gach éinne. Ach in ionad na físe is amhlaidh thosaigh sí i mbun comparáide agus caitheamh anuas ar an ‘eile’.

Mhol sí an t-aontachtachas i gcomparáid leis an náisiúnachas [Éireannach] “atá cúng agus eisiach”, dar léi. Tig an t-aontachtachas, is cosúil, a bheith níos iolraí ná an náisiúnachas mar go gceadaíonn sé cibé luachanna cultúrtha a roghnaíonn an duine. “Cearta agus saoránacht, is rudaí iad sin a bhaineann go dlúth leis an aontachtachas – ba cheart dúinn iad a athghabháil,” ar sí. Amhail is nach ceisteanna do gach éinne iad.

Ag tagairt go sonrach do Thuaisceart Éireann dúirt sí nach dtréigfeadh mórán an tuaisceart dá nglacfaí ann le cultúir éagsúla agus dá n-aireodh mionlaigh go bhfuil meas orthu.

“Teastaíonn uaimse mar cheannaire buanna an Aontais [an Ríocht Aontaithe] agus a luachanna a chur chun cinn,” ar sí. Ní foláir nó gur phlean don todhchaí é sin mar is cinnte nach n-aithneofá an mhian sin ar a ceannaireacht ar an DUP go dtí seo.

Níorbh é sin deireadh leis an neamhréir. Tá an tAontas níos sábháilte ná mar a bhí le fada arsa an bhean a throid gach toghchán mar cheannaire ar an DUP ar an mbonn go mbeadh áit an tuaiscirt sa Ríocht Aontaithe i gcontúirt mura mbeadh an lá lei féin. Cé go ndearna roinnt iarracht chun guagacht a chothú de bharr an Bhreatimeachta, a dúirt sí, tá claochlú déanta ar Thuaisceart Éireann agus ní airíonn daoine a thuilleadh go bhfuil siad faoi léigear.

Seans go raibh an mhuinín sin bunaithe ar phobalbhreith a rinne grúpa acadúil a léirigh nach raibh ach 21% i bhfabhar Éire aontaithe i bhfianaise an Bhreatimeachta. Tháinig an toradh sin salach ar an gcaint ar an tsráid agus bhain sé geit as go leor. B’údar uchtaigh é d’aontachtaithe ach bhí fainic ann freisin. Ní raibh ach 50% a dúirt go gcaithfeadh siad vóta chun fanacht sa Ríocht Aontaithe. Bhí an lion nár fhreagair an cheist, nó a bhí éiginnte fúithi, an-ard. Ina theannta sin, dúirt 69% go vótálfadh siad ar son fanacht san Aontas Eorpach ( 56% a bhí ann sa reifreann) agus dúirt 61% gur mhian leo go bhfanfadh an Ríocht Aontaithe san aontas custaim agus sa mhargadh aonair.

Níor léir go raibh Arlene Foster ag tabhairt airde ar an gcuid den phobalbhreith a bhain leis an Eoraip agus í tiomanta don Bhreatimeacht, í sona, suairc ina gárthóir molta ag na Tóraithe.

Mhaígh sí go mbeadh deis ag an Ríocht Aontaithe sna deich mbliana amach romhainn í féin a athneartú ar ardán domhanda agus go mbainfí “éachtaí” amach, “le chéile”.

Fiontar contúirteach, atá dall ar dhearcadh an mhóraimh sa bhaile.

Fág freagra ar 'Tá an t-aontachtachas ilchultúrtha fáilteach a deir Arlene Foster agus seans go gcreideann sí é fiú'