Cá ndeachaigh an chaint ar fad ar an bhfarasbarr airgid agus an fhlúirse airgid a bhí sa timpeall roinnt míonna ó shin? Ainneoin an méid uaireanta a dúirt Michael McGrath linn nár mhór a bheith cúramach faoi na héilimh a bheadh againn ar na polaiteoirí agus an Státchiste nuair a thiocfadh lá na cáinaisnéise bhí daoine agus polaiteoirí araon ag tnúth le féiríní agus síneadh láimhe.
Níl idir muid agus lá úd na cáinaisnéise anois ach beagán le cois seachtaine agus is léir nach mbeidh cúrsaí chomh maith agus a bhí súil againn. An fáth? Níl an t-airgead caite ná curtha amú. Tá an t-airgead ann ach tá na fadhbanna níos fadbhunaithe agus níos práinní ná riamh.
I ndeireadh an lae caithfear díriú ar an easnamh sa gcóras sláinte. Tá billiún le cois an leithdháileadh a tugadh dóibh anuraidh caite ag an Roinn Sláinte arís i mbliana. Níl aon cheilt ná aon leithscéal faoi. Go deimhin, deir Bernard Gloster, príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil míniú air agus gur dóigh go dtarlóidh a leithéid arís. Beidh tuilleadh ag teastáil an bhliain seo chugainn. Idir an dá linn tá an plódú, an róchaiteachas agus an mí-eagar sa gcóras ag leanacht ar aghaidh. Tá deacrachtaí ollmhóra á dtuar cheana féin.
An tubaiste eile sa tír a theastaíonn a réiteach ná an ganntan tithíochta, an líon teaghlach agus páistí óga atá gan dídean agus an líon daoine óga atá lánchinnte nach mbeidh ar a gcumas i rith a saoil teach a bheith acu. Tá na mílte foirgneamh agus áitreabh folamh sa tír – 12,000 i lár Bhaile Átha Cliath más fíor an t-eolas a foilsíodh an tseachtain seo. Tá siad le feiceáil gach uile lá agus tú ag taisteal an bhóthair. Cén fáth nach bhfuil siad á n-athchóiriú? Cén fáth nach bhfuil airgead á chaitheamh orthu le tithe a chur ar fáil dóibh siúd a dteastaíonn siad uathu?
Níl ansin ach dhá shampla de na fadhbanna móra a dteastaíonn aghaidh a thabhairt orthu nuair atá airgead le roinnt ar an 10 Deireadh Fómhair. Tá iliomad rud eile ag cur brú ar dhaoine – costais fuinnimh, costais mhaireachtála, éileamh breise ar sheirbhísí i bhfianaise an ardaithe ar an daonra agus an brú polaitiúil ó ghrúpaí éagsúla, gan trácht ar leithéid an phacáiste tarrthála a theastaíonn a cheadú do Raidió Teilifís Éireann.
Ní hiontas mar sin go bhfuil an chaint ar an bhflúirse maolaithe le roinnt seachtainí. Tá an t-airgead ann ach tá go leor brú ar an sparán céanna. Ná bíodh muid ag súil leis an iomarca nuair a chuirfidh Michael McGrath agus Paschal Donohue torthaí a gcuid machnaimh agus a gcuid áirimh inár láthair.
Fág freagra ar 'Tá an t-airgead ann ach tá na fadhbanna níos práinní ná riamh'