‘Tá an t-ádh dearg ar Tuairisc.ie go mbíodh Cathal Mac Coille ag scríobh dúinn…’

An scéal go raibh an tráchtaire Eoghan Harris ag baint úsáid as cuntas Twitter anaithnid chun daoine a cháineadh a spreag ár gcolúnaí chun comhrá míshuaimhneach a shamhlú…

‘Tá an t-ádh dearg ar Tuairisc.ie go mbíodh Cathal Mac Coille ag scríobh dúinn…’

Bhí amhras an Eagarthóra follasach ó thosaigh sé ag caint ar an bhfón.

“Feicim go bhfuil tú molta arís ag ‘PeigSayers’ ar Twitter.”

Shílfeá go mbeadh áthas air agus duine de scríbhneoirí Tuairisc.ie á mholadh.

Ar chúis éigin, áfach, ba léir nach raibh an meas céanna aige is atá ag an scríbhneoir seo ar an duine uasal a chuir an cuntas ar a dtugtar @PeigSayers007 ar bun le gairid.

“Bean bhreá,” arsa mise leis, “a thugann moladh agus misneach do scríbhneoirí bochta nach gcloiseann a leithéid rómhinic ó na húdaráis san áit seo.”

Níor theastaigh uaim gearán díreach a dhéanamh faoin Eagarthóir.

Eadrainn féin, ní thugann sé ró-aird ar an an bhfonn nádúrtha a thagann ar scríbhneoiri go ndéarfaí leo go rialta go bhfuil sárobair déanta acu.

“An bhfuil aithne agat uirthi?” arsa an tEagarthóir. “Nó ar labhair sibh le chéile riamh?”

“Níor casadh ar a chéile muid riamh,” a dúirt mé.

Bhí an tEagarthóir ina thost ar feadh cúpla soicind. Nuair a labhair sé arís, ba léir láithreach nach gnáthchomhrá a bheadh eadrainn.

 “Ar mhiste leat an dá cheist a chuir mé ort a fhreagairt, in áit a bheith ag freagairt ceisteanna nár chuir mé in aon chor?”

“Níl aithne agam uirthi agus níor labhair mé léi riamh,” arsa mise.

Déanta na fírinne, bhí beagán imní orm faoi threo an chomhrá ach nuair a bhíonn an tEagarthóir fiosrach is fearr é a shásamh, sin más féidir é a shásamh ar chor ar bith.

“Cén sórt ainm é @PeigSayers007, in ainm Dé? Fiú mar ainm cleite nó leasainm giolcaireachta, tá sé áiféiseach. Ar rith sé leat riamh go mb’fhéidir nach bhfuil a leithéid de dhuine ann in aon chor?”

 “Tóg go bog é,” arsa mise, “ní bleachtaire mé ach iriseoir. Agus…”

“Agus ar bhreathnaigh tú ar an ‘seoladh” a chuir sí ar a cuntas ar Twitter? ‘An Blascaod Beag, Ciarraí Thoir’.”

Bhí sé ag dul thar fóir faoin am seo, agus cantal, a bhí iomarcach, dar liom, soiléir ina ghlór. Bhí fonn orm a rá leis gur léir ar a laghad ó na leaganacha cainte gur Ciarraíoch í.

Leaganacha ar nós “na haon rud” agus “chun na fírinne a insint” in áit “gach aon rud” agus “leis an fhírinne a rá” mar a deirtear sa chuid is mó den tír. Ach dhírigh mé isteach ar an bpríomhphointe.

“Fan ort,” a dúirt mé leis, “ghlac mé leis ar ndóigh nárbh fíorainm é Peig Sayers. Ba léir dom freisin go raibh suíomh a háit chónaithe á ceilt aici, mar a dhéanann go leor daoine ar Twitter.”

“Tá tú cinnte gur bean í mar sin?” arsa an tEagarthóir.

“Nílim, ach cén dochar? Fáiltím roimh gach moladh bíodh sé baineann nó fireann, nó éiginnte.”

Chuala mé fuaim ar an bhfón, amhail go raibh an tEagarthóir ag cliceáil ar a ríomhaire, sarar labhair sé arís

 “Ar ndóigh fáiltím roimh gach moladh, más ó dhuine a thagann sé seachas neamhdhuine.”

“Bheinn buíoch,” arsa mise, “dá dabharfá soiléiriú ar an abairt sin.”

“Chuige seo atáim,” arsa an tEagarthóir. “Féach ar a ndúirt sí faoin gcolún a scríobh tú an tseachtain seo caite. Tá an giolc os mo chomhair ar mo ríomhaire, agus léifidh mé an t-iomlán:

‘Tá an t-ádh dearg ar Tuairisc.ie go bhfuil Cathal Mac Coille ag scríobh dóibh. Tá sé níos líofa ná Alan Titley, níos fileata ná Nuala Ní Dhomhnaill, agus níos éirimiúla ná Máirín Ní Ghadhra. Is doimhne a shamhlaíocht ná focal dár scríobh Mícheál Ó Conghaíle, Joe Steve Ó Neachtain nó Máire Mhac an tSaoi riamh. Maith thú a Chathail!’

 “An dóigh leat,” arsa an tEagarthóir go mall, “gur inné nó arú inné a rugadh mé?”

“Má tá bréag ann bíodh,” a dúirt mé leis, “ní mise a chum ná a cheap é.”

“Maith go leor,” arsa an tEagarthóir, “ach tá tá cás dlí ar na bacáin ó dúirt ‘PeigSayers007’ rudaí gránna faoi dhuine áirithe cúpla mí ó shin.  ‘Cladhaire seicteach gan náire’ agus ‘bligeard lán d’fhuath’ agus a leithéid a tugadh ar an duine sin.

“D’iarr dlíodóir mo dhuine ar Twitter sonraí an chuntais dar teideal ‘PeigSayers007’ a chur ar fáil di. Rud a rinne siad. Tá siad os mo chomhair agus mé ag caint leat. Do bharúil?”

“Glaofaidh mé ar ais ort,” arsa mise, toisc nach raibh ar mo chumas míniú ná leithscéal a chumadh ar an toirt.

Fág freagra ar '‘Tá an t-ádh dearg ar Tuairisc.ie go mbíodh Cathal Mac Coille ag scríobh dúinn…’'

  • Pat Butler

    Cliste, a Chathail. Níl ann ach a leath de.
    Téann seo go léir siar don tobar. Nach olc an mhaise dó Bhréag-shaoi Bheann Éadair ál na slímíní a théaltaigh amach ar a ngogaide fá bhun fhallaing na Diagachta thuasluaite agam.
    Ach ní hiad na bréag-leantóirí/amplóirí is cás liomsa, ach an eite beo beathach atá neadaithe go ciúin i ngach aon foillseacháin preasa agus gach aon ardán raidió agus córas teilifíse in Éirinn.
    Na codlatóirí ‘boga’.
    Na amplóirí ‘réasúnta’.
    Na coisithe fá choim.

  • JoeyJoeJoeJuniorShabido

    Níl clú dá laghad agam céard tá mé théis a léamh

  • Paul Laughlin

    Tuigim go bhfuil folúntas ag an Sindo anois. Is dócha go mbeadh scríbhneoir ar an caighdeán seo díreach i gceart don phost.

  • Eoin Ó Murchú

    AN-mhaith.

  • Eoin Ó Murchú

    ps. Ni Cathal MacCoille mé.

  • Peter Groarke

    Alt iontach.
    Tá an t-ádh dearg orainn go mbíonn sé ag scríobh dúinn ar aon nós.
    Agus ní neamhdhuine mise!

  • Uinsionn Mac Dubhghaill

    An fhírinne sa cheannteideal.

    I.S. Ní Cathal Mac Coille mé ach an oiread!

  • alan titley

    Ní mise Barbara Pym